Tristan Rosenstock
Gníomhaíocht | |
---|---|
Gairm | craoltóir, ceoltóir, scríbhneoir |
Fostóir | RTÉ Raidió na Gaeltachta |
Teangacha | An Ghaeilge agus Béarla |
Is craoltóir, ceoltóir, údar agus eagarthóir Tristan Rosenstock. Tá sé ina Chlár Reachtaire le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus cuireann sé an clár ealaíon An Cúinne Dána i láthair, chomh maith le cláir liteartha eile. Ón mbliain 2017 i leith tá sé ina eagarthóir liteartha ar an iris Comhar. Tá an domhan siúlta aige i dteannta an ghrúpa Téada. Tá sé pósta ar an údar Sadhbh Rosenstock agus cónaí orthu ag bun shléibhte Bhaile Átha Cliath lena mbeirt léitheoirí óga. Is é Inis Mara an chéad leabhar atá tagtha óna pheann, arna mhaisiú ag Mark Wickham agus arna fhoilsiú ag LeabhairCOMHAR.
Inis Mara
[cuir in eagar | athraigh foinse]Plota
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí saol breá ag muintir Inis Mara agus bhí gach duine sona sásta. Ach nuair a cheaptar an Santóir mar cheannaire, téann gach rud in olcas agus milleann sé an t-oileán álainn le haer salach. Tá cailín cróga ar an oileán a spreagann gach duine chun seasamh a thógáil agus beartaíonn Éabha a dícheall a dhéanamh chun an Santóir a stopadh.
Scéal comhaimseartha eachtraíochta atá anseo a bhaineann le cúrsaí athrú aeráide, leis an tábhacht a bhaineann le bheith ag comhoibriú le daoine eile, agus le tábhacht na fírinne. Bainfidh léitheoirí óga agus aosta taitneamh agus tairbhe as eachtraí Éabha agus í ag iarraidh a pobal a thabhairt slán ón gceannaire cam atá ag milleadh an oileáin. Agus meabhraíonn an scéal dúinn arís is arís eile gur ar scáth a chéile a mhaireann na daoine.
“Scéal tráthúil, taitneamhach agus spreagúil … le teachtaireachtaí a théann i bhfeidhm go mór ar an léitheoir.” – Áine-Máire Ní Cheallaigh, Stiúrthóir, Baile Átha Cliath UNESCO Cathair Litríochta
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |