Jump to content

Seon, Rí Shasana

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Seon Shasana)
Infotaula de personaSeon, Rí Shasana

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) John Lackland
(tr) Yurtsuz John
(ota) یورتسوز ژوهن Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith24 Nollaig 1166
Pálás Beaumont, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás19 Deireadh Fómhair 1216
49 bliana d'aois
Caisleán Newark, England Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Dinnireacht)
Áit adhlacthaArdeaglais Worcester Cuir in eagar ar Wikidata
Monarc Ríocht Shasana
6 Aibreán 1199 – 19 Deireadh Fómhair 1216 (bás in oifig)
← Risteard I ShasanaAnraí III Shasana →
Tiarna Éireann
6 Aibreán 1199 – 19 Deireadh Fómhair 1216
Diúc na Normainne
Cunta Anjou
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Eile
Teideal uasalMonarc Ríocht Shasana (1199–1216)
Diúc (1199–1216)
Earl of Gloucester (en) Aistrigh (1189–)
Count of Mortain (en) Aistrigh (1189–)
Tiarna Éireann (1177–1216)
Cunta Angoulême
Cunta Anjou Cuir in eagar ar Wikidata
TeaghlachTeaghlach Anjou Cuir in eagar ar Wikidata
CéileIsabel, Cuntaois Gloucester (1189 (Féilire Ghréagóra)–1199 (Féilire Ghréagóra)), colscaradh
Isabella Angoulême (1200 (Féilire Ghréagóra)–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíAdela de Warenne
Hawise de Tracy (en) Aistrigh
Clementia (en) Aistrigh
Agatha de Ferrers (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteAnraí III Shasana
 ( Isabella Angoulême)
Odo FitzRoy
 ( Hawise de Tracy (en) Aistrigh)
John FitzJohn
 ( Hawise de Tracy (en) Aistrigh)
Geoffrey FitzRoy
 ( Hawise de Tracy (en) Aistrigh)
Ivo (?)
 ( Hawise de Tracy (en) Aistrigh)
Richard Wallingford
 ( Hawise de Tracy (en) Aistrigh)
Anraí (?)
 ( Hawise de Tracy (en) Aistrigh)
Matilda Barking
 ( Hawise de Tracy (en) Aistrigh)
Isabella la Blanche
 ( Hawise de Tracy (en) Aistrigh)
Osbert Gifford
 ( Hawise de Tracy (en) Aistrigh)
Richard FitzRoy
 ( Adela de Warenne)
Joan Shasana
 ( Isabella Angoulême)
Richard, Céad Iarla Chorn na Breataine
 ( Isabella Angoulême)
Oliver fitz Regis
 ( Hawise de Tracy (en) Aistrigh)
Isabella Shasana
 ( Isabella Angoulême)
Joan, Bantiarna na Breataine Bige
 ( Clementia (en) Aistrigh)
Eleanor Leicester
 ( Isabella Angoulême)
Joan (?)
 ( Agatha de Ferrers (en) Aistrigh) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairAnraí II Shasana  agus Eleanor na hAcatáine
SiblínEleanor Shasana, Joan Shasana, Matilda Shasana, Bandiúc na Sacsaine, Alice na Fraince, Máire na Fraince, Cuntaois Champagne, William IX, Cunta Poitiers, Anraí an Rí Óg, Risteard I Shasana, Geoffrey II, William Longespée, 3ú hIarla Salisbury, Geoffrey agus Morgan
Croineolaíocht
27 Bealtaine 1199corónú (Abtheach Westminster)
Excommunication in the Catholic Church (en) Aistrigh
An Chairt Mhór Cuir in eagar ar Wikidata



Goodreads character: 952288 Find a Grave: 1953 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba é Seon,(Fr.Jean d'Angleterre) ""Seon Rí Shasana"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2025-04-26.</ref> (24 Nollaig 1166–19 Deireadh Fómhair 1216) Rí Shasana ó 1199 go dtí a bhás sa bhliain 1216. Chaill sé Diúcacht na Normainne agus formhór a chuid tailte Francacha eile do Rí Pilib II na Fraince, rud a d’fhág gur thit an Impireacht Ainsivíneach agus gur chuir sé le fás cumhachta ríshliocht na gCapéiteach Francach (FR.Les Capétiens) le linn an 13ú haois. Thug tiarnaí cumhachtacha Shasana faoi éirí amach in aghaidh an Rí Seon, i dtreo dheireadh a réimeas. Mar thoradh ar a n-éirí amach síníodh agus séalaíodh an doiciméad Magna Carta a mheastar a bheith ina chloch mhíle bhunúsach i stair bhunreachtúil Shasana agus níos déanaí na Breataine.

Ba é Seon an mac ab óige ag an Rí Anraí II agus an Bandiúc Eileanóir na hAcatáine (fr.Aliénor d'Aquitaine). Tugadh John Lackland (Fr.Jean sans Terre) mar leasainm air, toisc, mar mhac níos óige, nach rabhthas ag súil go bhfaigheadh sé tailte suntasacha le huacht. Tar éis dá dheartháireacha—Anraí an t-Óg Rí, Risteard, agus Séathrún—éirí amach a chur ar bun in aghaidh a n-athar i 1173–1174 agus an teip, bhí sé istigh leis an rí Anraí. Ceapadh Seon ina Thiarna na hÉireann i 1177 sa bhliain 1177 agus tugadh tailte dó i Sasana agus ar an mór-roinn.

Le linn réimeas a dhearthár Risteard I, rinne sé iarracht éirí amach i gcoinne riarthóirí ríoga Richard gan rath, agus an Rí ag glacadh páirte saníor éirigh leis iarracht éirí amach a dhéanamh in aghaidh riarthóirí ríoga Risteard, fad is a bhí an rí ag glacadh páirte sa Tríú Crosáid. Fógraíodh Seon ina rí, áfach, tar éis do Risteard bás a fháil sa bhliain 1199. Tháinig sé ar chomhaontú le Pilib II na Fraince chun sealúchas Sheoin ar thalamh Ainsivíneach san mhór-roinn a aithint faoi chonradh síochána Le Goulet sa bhliain 1200.

Nuair a bhris cogadh leis an bhFrainc amach arís sa bhliain 1202, bhain Seon buanna luatha amach, ach ba é an toradh a bhí ar ghanntanas acmhainní míleata agus an chaoi ar chaith sé le huaisle Normannacha, Briotánacha, agus Ainsivíneacha ná gur chlis ar a impireacht i dtuaisceart na Fraince sa bhliain 1204. Chaith sé cuid mhaith den chéad deich mbliana eile ag iarraidh na tailte seo a aisghabháil, ag ardú ioncam ollmhór, ag athchóiriú a fhórsaí armtha agus ag atógáil comhghuaillíochtaí ilchríochacha. Bhí éifeacht bhuan ag a leasuithe dlíthiúla ar chóras dlí choitinn Shasana, chomh maith leis an ioncam breise a tháinig astu.

Mar thoradh ar a aighneas leis an bPápa Innocentius III faoi thoghadh an Ardeaspaig Stephen Langton, cuireadh urghaire an Phápa air sa bhliain 1208, rud a chiallaigh go raibh seirbhísí eaglaise coiscthe go dtí 1214, chomh maith le Seon a chur faoi choinnealbhá an bhliain dár gcionn – aighneas ar thug sé aghaidh air faoi dheireadh i 1213.

Theip ar iarracht Sheoin Pilib a shárú sa bhliain 1214 mar gheall ar bhua na Fraince ar chomhghuaillithe Sheoin ag Cath Bouvines. Nuair a d'fhill sé ar Shasana, bhí éirí amach ag mórchuid dá bharúin roimhe, a bhí míshásta lena bheartais fhioscacha agus leis an gcaoi ar chaith sé le go leor d’uaisle cumhachtacha Shasana. Dréachtaíodh an Magna Carta mar chonradh síochána idir Seon agus na barúin, agus comhaontaíodh é i 1215. Mar sin féin, níor chloígh ceachtar taobh lena choinníollacha agus bhris cogadh cathartha amach go gairid ina dhiaidh sin, le cabhair ó Phrionsa Louis na Fraince do na barúin. Níorbh fhada gur shíothlaigh sé i sáinn. Fuair Seán bás de bharr coinnealbháite a tolgadh agus é ar fheachtas in oirthear Shasana i ndeireadh na bliana 1216; chuaigh lucht tacaíochta a mhic Anraí III ar aghaidh chun bua a bhaint amach ar Louis agus ar bharúin na reibiliúnach an bhliain dár gcionn.

Bhí croiniceoirí comhaimseartha cáinteach den chuid is mó ar fheidhmíocht Sheoin mar rí, agus tá a réimeas ina ábhar díospóireachtaí suntasacha agus athbhreithnithe tréimhsiúil ag staraithe ón 16ú haois i leith. Tá achoimre déanta ag an staraí Jim Bradbury ar an tuairim stairiúil atá ann faoi láthair maidir le cáilíochtaí dearfacha Sheoin, ag tabhairt faoi deara gur "riarthóir dícheallach, fear inniúil, ginearál cumasach" a mheasann daoine é go hiondúil sa lá atá inniu ann.

Mar sin féin, aontaíonn staraithe nua-aimseartha go raibh go leor lochtanna air freisin mar rí, lena n - áirítear an méid a chuireann an staraí Ralph Turner síos mar ""distasteful, even dangerous personality traits"", mar shampla mionchúiseachas, mioscais, agus cruálacht.

Thug na tréithe diúltacha seo ábhar fairsing do scríbhneoirí ficsean sa ré Victeoireach, agus leanann Seon mar charachtar atá le feiceáil arís agus arís i gcultúr an phobail iartharaigh, go príomha mar bhithiúnach i mbéaloideas Robin Hood.Chuir na cáilíochtaí diúltacha seo ábhar fairsing ar fáil do scríbhneoirí ficsin sa ré Victeoiriach, agus tá Seon fós ina charachtar athfhillteach laistigh de chultúr pobail an Iarthair, go príomha mar bhithiúnach i mbéaloideas Robin Hood.

Rugadh Seon i bPálás Beaumont, Oxford, Sasana. B'é an cúigiú mac é agus an duine deireanach d'ochtar páistí a rugadh d'Anraí 11 Shasana, agus d'Eleanor na hAcatáine. Dearbhaíonn údair áirithe, toisc gur fhan Seon i Woodstock, garr d'Oxford, in éineacht le hEleanor, i Mí Márta na bliana 1166, gur sa bhliain sin 1166 agus ní sa bhliain 1167 a rugadh Seon.

B'é Seon deartháir sóisearach leasghaolmhar, ar thaobh na máthar, Mharie na Champagne agus Alix na Fraince. B'iad na paistí seo páistí a mháthair agus í pósta don chéad uair le Louis VII na Fraince. Cuireadh an pósadh seo ar neamhní níos moille.

B'é deartháir óg Ghuillaume, Cunta Poitiers; Henri le Jeune (Gaeilge: Anraí óg); Matilda, Bandiúc na Sacsaine; Risteard I Leonchroí; Geoffroy II, Diúc na Briotáine; Leonora, Banríon na Caistíle agus Jeanne na Sicile.

Cé gurb é Seon 'mac an cheana' a athar, mar an duine is óige ní raibh sé ag súil le hoidhreacht, agus de dheasca sin fuair sé an leasainm "Gan-talamh" (nó sa Bnéarla "Lackland"), roimh dó theacht i gcoróin.

Bhí a shaol teaghlaigh corraiceach go leor, mar go raibh a mháthair agus a shean-deartháireacha, arís is arís bainteach le reibiliúin i gcoinne Anraí. Chuir Anraí Eleanor faoi ghlas sa bhliain 1173, nuair nach raibh Seon ach ina pháiste beag.

Agus é ina pháiste, bhí Seon geallta le Alys (fuaimnithe 'Alice' sa Bhéarla), iníon agus oidhre d'Humbert III na Saváí. Bhí tuismitheoirí Seon ag dúil go leathnóidh an pósadh tionchar ríshliocht na hAngevin trasna na nAlp, mar gur ghealladh oidhreacht na Saváí, Phiemonte, Mhaurienne, agus na sealúchais eile a bhí ag an Cunta Humbert, do Sheon.

Oideachas agus inniúlacht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí dúil ag Anraí ar dtús báire go bhfaigheadh Seon oideachas cuí le dul anonn chuig na hEaglaise, agus dá bharr sin ní bheadh comharbas talún nó eile de dhíth air. Sa bhliain 1171, áfach, chuaigh Anraí i mbun idirbheartaíocht chun cuir ar chumas a mhac a bheith pósta le hiníon an Chunta Humbert III na Saváí (té nach raibh mac aige féin go dtí sin agus mar sin bhí cliamhain uatha). Tar éis sin, ní raibh trácht a thoille faoi Sheon bheith ina ábhar sagairt. Bhí sár-oideachas faighte ag beirt tuismitheoirí Seon.

Bhí Aonraí ilteangach, agus d'fhreastail Eleanor ar léachtaí in institiúid a bhí le bheith ina Ollscoil, sé sin Ollscoil Pháras- sa bhreis ar sin, d'fhoghlaim siad an dlí agus rialtas, reiligiún, agus litríocht.

Bhí oideachas den scoth faighte ag Seon. Tá fianaise ann go raibh De Sacramentis Christianae Fidei le Hugues de Saint-Victor, Magister Sententiarum le Pietro Lombardo, An Tráchtas le Origen, agus stair Shasana—a d’fhéadfadh a bheith Roman de Brut le Wace, bunaithe ar Historia Regum Britanniae le Geoffroy de Monmouth.

Feachtas chuig Éirinn, 1185-1186

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Risteard as láthair

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le linn do Risteard bheith as láthair ar an Tríú Crosáid ó 1190 go 1194, rinne Seon iarracht fáil réidh le William de Longchamp, Easpag Ely agus a ghiúisteoir ceaptha. Bhí gnaoi an phobail ar Seon níos mó ná ar de Longchamp i Londain, agus i mí Dheireadh Fómhair 1191 d'oscail saoránaigh Londan geataí na cathrach dó nuair a bhí de Longchamp faoi ghaibhniú sa túr. Gheall Seon go mbeadh saoránaigh na cathrach in ann iad fhéin a rialú mar chomún in éiric aitheantais a thabhairt do Seon mar oidhre toimhdean Richard. Seo ceann de na heachtraí a thug ar dhaoine Seon a mheabhrú mar bhithiúnach san fhinscéal Robin Hood.

Agus é ar a shlí abhaile ón Chrosáid, gabh Leopold V, Diúc na hOstaire Richard, agus chuir Anraí VI, an tImpire Naofa Rómhánach é i bpríosúin. Bhí ar Eleanor fuascailt mhór a íoc chun é a scaoileadh saor. Agus é ar ais i Sasana sa bhliain 1194, thug Richard maithiúnas do Sheon agus d'ainmnigh sé é mar a oidhre.

Nuair a fuair Risteard bás, theip ar Seon aitheantas iomlán a fháil mar rí. De réir daoine áirithe b'é a nia óg, Artúr I na Briotáine, mac le Geoffrey, deartháir déanach Seon , an t-oidhre dlisteanach. Throid Artúr in aghaidh Sheoin, le tacaíocht Rí Philip II na Fraince, chun an suíochán ríoga a bhuachaint. Bhí toradh marfach ar an choinbhleacht idir Artúr agus an Rí Seon . de réir Chonradh le Goulet, thug Philip tosaíocht do John thar Artúr, agus shocraigh siad lena chéile faoi vasáilleach Seon ar an Normainn agus na críocha Angevineacha. Bhí an síocháin eatarthu gearrshaolach áfach.

Bhí barúin Phoitou chomh trína chéile mar gheall an cogadh gur sheol siad achainí ar lorg an cor a chur ina cheart ó Rí na Fraince. Bhí Rí na Fraince ina ardtiarna feodach i leith críoch áirithe ar an mór-roinn. D'eisigh Rí na Fraince toghairm ar Seon teacht chun cúirte agus cúisimh áirithe a fhreagairt, ceann díobh gur fhuadaigh sé Isobel d'Angouleme agus gur phós sé í níos déanaí, cé go raibh sí réamhgheallta do Guy de Lusignan.

Dhiúltaigh Seon an toghairm, agus, faoin dlí feodach, de réir gur theip sé freastail ar a thiarna, d'fhógair an Rí na Fraince éileamh críche ar fhearainn Seon agus é ina Chunta Poitou. Mhaígh Rí na Fraince gur leis na críocha a bhí ag Seon go dtí sin sa bhFrainc, ach amháin talamh Seon i nGascogne in iardheisceart na Fraince.

D'ionsaigh na Francaigh an Normainn díreach ina dhiaidh sin; d'infheistigh an Rí Philip II Artúr I le na feoid go léir a bhí tráth ag Seon (cé is moite de an Normainn) agus gheall sé a iníon Marie dó mar bhean chéile.

Nuair a bhí cogadh ar siúl ag Seon sa bhliain 1203, d'ordaigh sé na longchlóis go léir (fiú na cinn a bhí intíre, mar Ghloucester) i Sasana long amháin ar a laghad a sholáthair dó. Bhí na longchlóis nua thógtha, mar Phortsmouth, freagrach as roinnt cinn a thógáil. D'ainmnigh sé Portsmouth ina bhaile nua chabhlaigh. (Bhí longchlóis tógtha ag na ríthe Angla-Shacsanach, mar Éadbhard an tAdmhálaí ar an chósta theas ag Sandwich, agus an ceann is tábhachtaí ag Hastings.)

Ag deireadh na bliana 1204, bhí 45 rámhlong ar fáil dó, agus ó sin ar aghaidh fuair sé ceithre cinn nua gach bliain. Chruthaigh sé Aimiréalacht, comhdhéanta de ceithre aimiréal.

I rith Seon a bheith i réim tháinig feabhas mór ar dearadh long, méid breise seolta agus caisleáin tosaigh inbhainte san áireamh. Chruthaigh sé longa móra iompartha dá ngairtear 'buisses'. Faigheann Seon an chreidiúint in amanna as an cabhlach ríoga nua-aimseartha a bhunú. Tagann an méid atá ar eolas againn ó na 'Pipe Rolls', toisc nach raibh na h-éachtaí seo taifeadta ag na croiniceoirí agus lúth-staraithe.

Bhí súil ag Seon trioblóid a sheachaint i Sasana agus sa Bhreatain Bheag agus é imithe thar sáile ag troid ar son a chuid tailte a fháil ar ais, le phósadh a iníon neamhdlisteanach, Joan, chuig Llywelyn ab Iorwerth nó Llywelyn Fawr (Gaeilge: Llywelyn Mór).

I rith na coimhlinte, rinne Artúr iarracht a mháthair mhór Aliénor d'Aquitaine a fhuadú, ag Mirebeau, ach buadh air agus ghabh fórsaí Seon é. Cuireadh Artúr i bpríosúin ar dtús i bhFalaise agus ansin i Rouen. Níl na staraithe cinnte dearfa de cad a bhí i ndán d'Artúr.

De réir na hAnnála Margam, ar an 3ú Aibreán 1203:

'Tar éis Artúr a bheith a bheith gafa ag Seon agus coimeádta beo i bpríosúin ar feadh tamaill i gcaisleán Rouen ... nuair a bhí (Seon) ar meisce mharaigh sé Artúr lena lámh féin agus tar éis cloch trom a cheangal lena choirp chaith sé é isteach sa Séin'.

Mhaígh Hubert de Burgh, áfach, oifigeach i gceannas ar an dúnfort i Rouen, gur fhág sé Artúr ag an Cháisc 1203 faoi chúram gníomhairí an Rí a bhí curtha ann le haghaidh é a spochadh. Thug sé le fios go bhfuair Artúr bás mar gheall ar turraing. D'aistarraing de Burg a ráiteas níos déanaí agus mhaígh sé go raibh sé fós beo, ach ní fhaca éinne Artúr beo arís.

Cheap pobal na Briotáine agus níos déanaí pobal na Normainne go raibh sé dúnmharaithe agus d'éirigh siad amach i gcoinne an Ri Seon.

I dteannta le Artúr a ghabháil, ghabh Seon deirféar Artúr, a neacht Aliénor de Bretagne.

Aighneas le hArtúr I na Briotáine

[cuir in eagar | athraigh foinse]

gur féidir leis níos mó tionchair a imirt ar an Eaglais. Nuair nach raibh réiteach ar fáil ar an aighneas, thogh an Caibidil, faoi rún, ball da gcuid féin mar Ardeaspag. D'fhorchuir Seon an dara toghchán orthu agus tháinig ainmní nua as.

Nuair a tháinig an bheirt díobh i láthair os comhair an Phápa sa Róimh, chuir an Pápa Innocentius III na toghcháin ar neamhní, agus toghadh Steven Langton, iarrthóir an Phápa, d'ainneoin ionadaithe an rí bheith ina choinne. Thug na barúin agus na hEaspaig i Sasana tacaíocht do Sheon agus dhiúltaigh an rí glacadh le Langton.


Sciorr Seon an Caibidil i Mí Iúil 1207.agus ghearr an Pápa urghaire ar an Ríocht mar aisfhreagra. Ghabh Seon tailte na hEaglaise toisc gur theip an Eaglais mar frithbheart seirbhís fheodach a sholáthair.

Bhí aighneas idir an Phápa Innocentius III agus an Rí Seon maidir le chomharb Ardeaspaig Canterbury, a lean ar aghaidh ó 1205 go dtí 1213.

Beartaíocht le Bordeaux

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1203, thug Seon díolúine fhioscach do saoránaigh agus ceannaithe Bhordeaux ón 'Grande Coutume' a íoc, an cháin is mó a bhí le n-íoc acu ar easpórtáil earraí. Ar malairt, gheall réigiúin Bhordeaux, Bayonne agus Dax tacaíocht do Sheon in aghaidh Choróin na Fraince.

D'éirigh le ceannaithe Ghascon a gcuid fíonta a dhíol i Sasana, don chéad uair gan bac, nuair a d'osclaíodh na calafoirt eatarthu i gcóir shaorthrádáil. An bhliain dár gcionn, dheonaigh Seon saorthrádáil do La Rochelle agus Phoiteau.

Aighneas leis an Phápa

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tar éis d'Ardaspag Chanterbury Hubert Walter bás a fháil sa bhliain 1205, d'éirigh argóint idir Seon agus an Pápa Innocentius III. D'éiligh Caibidil Ardeaglais Chanterbury go raibh an dlínse amháin acu comharba i dteideal a toghadh in áit Hubert agus thogh siad Reginald, iarrthóir áitiúil. Bhí suim áfach, ag na hArdaspaigh ar fud Sasana agus ag an Rí sa rogha chomharba don oifig chumhachtach seo. B'é John de Gray rogha an Rí, fear dá chuid féin, ionas gur féidir leis níos mó tionchair a imirt ar an Eaglais. Nuair nach raibh réiteach ar fáil ar an aighneas, thogh an Caibidil, faoi rún, ball dá gcuid féin mar Ardeaspag. D'fhorchuir Seon an dara toghchán orthu agus tháinig ainmní nua as. Nuair a tháinig an bheirt díobh i láthair os comhair an Phápa sa Róimh, chuir an Pápa Innocentius III na toghcháin ar neamhní, agus toghadh Steven Langton iarrthóir an Phápa, d'ainneoin ionadaithe an rí Seon bheith ina choinne. Thí tacaíocht na mbarún agus a lán Easpag i Sasana ag Seon agus dhiúltaigh Seon glacadh le Langton. Sciorr Seon an Caibidil i Mí Iúil 1207. agus ghearr an Pápa urghaire ar an Ríocht mar aisfhreagra. Ghabh Seon tailte na hEaglaise toisc gur theip an Eaglais mar frithbheart seirbhís fheodach a sholáthair.

Feachtas chuig Éirinn, 1210

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Seon ag síniú an Magna Carta

Aighneas leis na mBarúin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

I ndiaidh gur éirigh leis Éirí Amach na Breataine Bige a chur faoi chois sa bhliain 1211, agus deireadh a chur leis an aighneas leis an Phápa, dhírigh Seon a chuid airde chuig a shealúchas thar sáile.

Chríochnaigh cogaí na hÉorpa leis an bhriseadh ag Cogadh Bhouvines (1214), agus bhí ar Sheon glacadh le síocháin neamhfhabhrach leis an Fhrainc.(Fuair Anraí V Ri Shasana an Normainn agus Acquitaine ar ais sa bhliain 1420).

Thiontaigh an briseadh ag Bouvines móramh na mbarún i gcoinne Sheoin; bhí cuid acu ina aghaidh ón am a bhí Seon coinnealbháite ag an Phápa. D'aontaigh na barúin le chéile agus d'éiligh siad lamháltais.

Bhuail Seon leo ag Runnymede, gar do Windsor ar an 15 Meitheamh 1215 le haghaidh an An Chairt Mhór (Magna Carta) a shéalú. De réir gur shínigh Seon an Chairt faoi bhrú, áfach, thug an Pápa cead dó í a chuir ar neamhnaí ag deireadh na cogaíochta.[1]

Príomhalt: Magna Carta
Leacht an Rí

Agus é ag cúlaitheach, thóg Seon slí shábháilte timpeall talamh riascach an Wash mar go raibh fonn air an ceantar in Oirthear Anglia (East Anglia sa Bhéarla) a bhí i lámha reibiliúnach a sheachaint.

Thóg a trucail bhagáiste (agus seoda na Ríochta Aontaithe san áireamh) an bealach díreach trasna an cheantair, áfach, agus scuabadh a ghiuirléidí go léir amach leis an taoide. Bhuail an caillteanas seo Seon go trom, agus chuir sé isteach ar a shláinte agus ar a shlánchiall.

Tholg sé dinnireacht agus ag bogadh ó áit go háit, d'fhan sé i gCaisleán Sleaford roimh bás a fháil ar an 18 Deire Fómhar 1216 i gCaisleán Newark, Nottinghamshire (a bhí i Lincolnshire san am sin, ach atá anois i Nottinghamshire).

Chuireadh é in Ardeaglais Worcester, Sasana. Tháinig a mhac, a bhí a naoi mbliana d'aois, i gcomharbacht ar agus déanadh Anraí III Shasana. Cé gur mhaígh Rí Louis na Fraince i gcónaí gur leis coróin Shasana, taobhaigh na barúin leis an Rí nua agus thug siad droim lámha do Louis Rí. Ghéill Louis an teideal úinéireachta agus Conradh Lambeth a shíniú aige sa bhliain 1217.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "The papal bull annulling Magna Carta". The British Library. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-11-08. Dáta rochtana: 2020-11-12.