Céad sluaíocht Eoin Shasana chun na hÉireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCéad sluaíocht Eoin Shasana chun na hÉireann
Íomhá
Cineálturas taighde Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na blianaNollaig 1185 Cuir in eagar ar Wikidata


Agus é ocht mbliana déag d’aois, chuir Anraí II Shasana a mhac, Eoin, go Éirinn le troid in aghaidh na nGael. D’fhág an prionsa óg Learpholl ar 25 Aibreán 1185 agus tháinig sé ar ais, in ísle brí, i rith mhí na Nollag 1186.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thug an Rí Henry II Eastát Walton do Gilbert de Walton, duine de na daoine ab ansa leis, sa 12ú haois. Bhí mac Gilbert, Richard, ina chara mór de chuid mhac Henry II, John (a bhí ina rí ón bhliain 1199). Déagóir ainrianta ab ea John; agus é ocht mbliana déag d’aois. D’fhág sé sa bhliain 1185 in éineacht le Richard de Walton.

Féachtas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá tagairt don eachtra seo in Annála Ríoghachta Éireann leis na Ceithre Máistrí. Scríobhadh gur tháinig mac rí Shasana, is é sin John, go hÉirinn le cabhlach séasca long chun smacht a fháil ar an tír. Ghlac sé seilbh ar Bhaile Átha Cliath agus Laighin agus thóg sé caisleáin ag Tipraid Fachtnac agus Ardfinan, áiteanna ar chreach siad an Mhumhain astu. Ach fuair Dónal Ó Briain an bua orthu agus rinne sléacht mór orthu.

Tar éis ocht mí dhéag, ní raibh rath ar bith ar fheachtas John agus d’fhill sé féin agus Richard de Walton ar Learpholl, in ísle brí, i rith mhí na Nollag 1186.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]