Wace

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaWace

(1824) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breithc. 1100 (Féilire Ghréagóra)
Geirsí Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1174 (Féilire Ghréagóra)
73/74 bliana d'aois
Bayeux Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Gníomhaíocht
Gairmfile, scríbhneoir, staraí Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraMórdhán, medieval chronicle (en) Aistrigh agus beathaisnéis
TeangachaSean-Fhraincis agus An Angla-Normainnis
Saothar
Saothar suntasach

File Normannach a rugadh ar an oileán Geirsí ab ea Wace (tar éis 1100 - idir 1174 agus 1183), tugtar Guace agus Wistace air leis. Tá áit ar leith i stair litríocht na Fraince ag Wace, agus is de bharr an dá shaothar is tábhachtaí dá chuid - Roman de Brut (Gaeilge: 'Rómáns Bhrut') agus Roman de Rou (Gaeilge: 'Rómáns Rou') - a théann an áit sin dó. Insan 18ú haois, tugtar 'Robert Wace' air, rud a bhí mícheart, agus insan 19ú haois dúradh gurbh fhear de shliocht uasal ab ea é, rud nach raibh fíor ach oiread.

Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is i gCaen, in iarthuaisceart na Fraince, a chaith Wace a óige, agus is insan áit chéanna a fuair sé a chuid oideachais agus a deineadh cléireach dó.[1] Níos déanaí, do chuaigh sé chuig baile suite insan Île-de-France (ChartresPáras) chun leanúint ar aghaidh leis an oideachas.[1] D'fhill sé ar Chaen ina dhiaidh sin, áfach, agus do luigh sé isteach ar an litríocht.[1]

Ina Roman de Rou, deireann Wace gur clerc lisant (Gaeilge: 'cléireach léitheoireachta') atá ann. Tá neart scríte ag daoine léinn fén dtéarma san, toisc go bhfuil an chiall cheart a bhaineann leis caillte againn anois.[1] Meastar, áfach, gur chléireach a léadh nó gur chléireach a mhúineadh ab ea Wace.[1] Tar éis dó an litríocht a roghnú mar shlí bheatha, do scríobh sé dánta liriceacha ar dtús; níl aon cheann desna dánta san fágtha againn sa lá atá inniubh ann.[1] I measc na dtéacsanna a scríobh sé idir 1130 agus 1150, níl ach trí cinn de shaothair againn anois agus naomhsheanchas atá iontu go léir.[1] Insan mbliain 1155, do chríochnaigh Wace an Roman de Brut, croinic fé ríthe na Breataine i bhfoirm véarsaíochta scríte i Sean-Fhraincis.[1]

Insan dtríú chuid den Roman de Rou, deireann Wace gur bhronn Anraí II Shasana tuarastal eaglaise air i gcaibidil Bhayeux agus gur canónach tuarastail atá ann dá bharr.[1] Is cosúil gur mhol an rí an tuarastal san do Wace i ndíol ar an Roman de Brut, nó le Wace a spreagadh chun stair na diúcachta a scríobh fiú.[1] Léiríonn na doiciméid atá againn anois gur idir 1165 agus 1169 a fuair Wace a thuarastal.[1] Deireann sé ag deireadh den Roman de Rou, áfach, ná fuil an rí chomh bronntach leis agus mar a bhíodh agus gur baineadh an tuarastal a bhí aige uaidh.[1]

Níl a fhios againn cathain a fuair Wace bás. Do tharla an rud ba shine a luann Wace insan gcéad chuid den Roman de Rou insan mbliain 1174. Níos faide insan téacs céanna, luann Wace Anraí Óg, mac Anraí II Shasana, agus an fear óg beo fós ag an am dar le Wace. Do fuair Anraí Óg bás insan bliain 1183, rud a chiallaíonn go bhfuair Wace é féin bás idir 1174 agus 1183.[1]


Saothair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naomhsheanchas[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Vie de sainte Marguerite (Gaeilge: 'Beatha Shan Marguerite'), a cumadh thart ar 1130-40 ;
  • La Conception de Notre Dame (Gaeilge: 'Giniúint Mhuire gan Smál'), a cumadh thart ar 1130-40, is cosúil gur chum Wace é níos déanaí ná an Vie de sainte Marguerite;
  • Vie de Saint Nicolas (Gaeilge: 'Beatha Shan Nicolas'), a cumadh thart ar an mbliain 1150.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Roman de Brut, nó Brut d'Angleterre (Gaeilge: 'Brut Shasana'), saothar a bhfuil 14,866 véarsaí ann a chríochnaigh Wace insan mbliain 1155.
  • Roman de Rou, saothar a bhfuil 750 véarsaí ann nár éirigh le Wace é a chríochnú.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.00 1.01 1.02 1.03 1.04 1.05 1.06 1.07 1.08 1.09 1.10 1.11 1.12 Jean Blacker, « Wace (b. after 1100, d. 1174x83) », Oxford Dictionary of National Biography, Oxford University Press, 2004.