Scaradh cumhachtaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Go minic timpeall an domhain, bíonn cumhacht an Stáit roinnte idir an reachtas, an feidhmeannas agus na breithiúna. Tugtar 'scaradh cumhachtaídeighilt na gcumhachtaí ar an gcóras seo. Cuimsíonn an deighilt tipiciúil i dtrí bhrainse den rialtas, ar a dtugtar uaireanta an trias politica; an chumhacht reachtach, an chumhacht feidhmiúcháin agus an chumhacht bhreithiúnach. Bíonn cumhachtaí agus freagrachtaí ar leith ag gach ceann acu, le cumhachtaí agus freagrachtaí neamhspleácha ar leith acu, ionas nach mbeidh cumhachtaí brainse amháin ag teacht salach ar na mbrainsí eile.

Táthar ag súil go bhfuil an córas polaitíochta níos láidre mar sin. Má éiríonn brainse amháin róláidir, smachtaíonn na brainsí eile é (tá súil againn). Seo iad na srianta agus na ceartúcháin a ndéantar tagairt dóibh go minic.[1]

an fealsamh Montesquieu – De l'esprit des lois, 1749

Na Stáit Aontaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Éire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Na Ceithre Cúirteanna
Oireachtas na hÉireann

Foráiltear sa Bhunreacht go mbeidh deighilt cumhachtaí trípháirteach: an Reachtas, an Feidhmeannas agus na Breithiúna. Áirithítear leis sin nach bhféadfar aon orgán amháin de chuid an Stáit cur isteach ar na feidhmeanna a shanntar don dá orgán stáit eile.

  • Tugann Bunreacht na hÉireann cumhacht reachtach (an chumhacht dlíthe a chruthú, a leasú agus a bhaint) don Oireachtas, atá comhdhéanta de Dháil Éireann, Seanad Éireann agus an tUachtarán.[2]
  • Tá an chumhacht feidhmiúcháin (an chumhacht dlíthe a chur i bhfeidhm) ag an Rialtas, tacaithe ag na gardaí, na fórsaí cosanta agus ag an státseirbhís. -
  • Tá an chumhacht bhreithiúnach ag na cúirteanna (an chumhacht léirmhíniú a dhéanamh ar an dlí agus é a chur i bhfeidhm ar choinbhleachtaí idir an Stát agus an duine aonair, chomh maith le coinbhleachtaí idir daoine aonair).

Is é an Rialtas an t-orgán stáit a fheidhmíonn an chumhacht feidhmiúcháin rialtais, is iad an dá theach parlaiminte atá san Oireachtas (ar a bhfuil an tUachtarán ina cheannasaí teidealach air, i dteannta stádas bunreachtúil a bhfuil aige nó aici mar Cheann Stáit) a fheidhmíonn an chumhacht reachtach rialtais, agus is iad na cúirteanna arna mbunú faoi Airteagal 34 den Bhunreacht a fheidhmíonn an chumhacht bhreithiúnach rialtais.[3]

In Airteagail 12 go 14, leagtar amach feidhmeanna Uachtarán na hÉireann, arb é an Ceann Stáit. Cumhachtaí searmanais go príomha a dhílsítear don Uachtarán cé go bhforáiltear go leor cumhachtaí discréideacha dó faoi théarmaí an Bhunreachta.

D’ainneoin deighilt na gcumhachtaí feidhmíonn na Cúirteanna feidhm bhunreachtúil nuair a dhéanann siad bunreachtúlacht agus dlíthiúlacht ghníomhartha orgáin eile an Stáit a athbhreithniú.

Is é atá san orgán breithiúnach rialtais ná na Cúirteanna sin a bhunaítear faoi Airteagal 34 den Bhunreacht iad, eadhon an Chúirt Uachtarach, an Chúirt Achomhairc agus an Ard-Chúirt. Foráiltear le hAirteagal 6 den Bhunreacht go n-eascraíonn na cumhachtaí rialtais uile, reachtach, feidhmiúcháin agus breithiúnach ón bpobal, agus leanann sé ar aghaidh chun rá gurb “leis na horgain Stáit a chuirtear ar bun leis an mBunreacht seo, agus leo sin amháin nó lena n-údarás, is féidir na cumhachtaí riala sin a oibriú.”

Áirítear sa chumhacht bhreithiúnach rialtais atá ag na cúirteanna siúd an inniúlacht comhoiriúnacht den reachtaíocht leis an mBunreacht a athbhreithniú agus athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh ar fho-reachtaíocht, ar chinntí nó ar ghníomhaí a dhéanann an Rialtas nó comhlachtaí an Stáit d’fhonn cinneadh a dhéanamh maidir lena ndlíthiúlacht agus lena gcomhoiriúnacht leis an mBunreacht, chomh maith le prionsabail a thagann ón mBunreacht, amhail próis chuí.[3]

An Reachtas[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir mar a shainordaítear sa Bhunreacht, is é atá san Oireachtas ná parlaimint dhá-sheomrach agus Uachtarán na hÉireann. Is iad an dá theach san Oireachtas ná Seanad Éireann agus Dáil Éireann (seomra na dteachtaí). Cé go ndílsítear, de réir Airteagal 15 den Bhunreacht, an chumhacht reachtóireachta san Oireachtas amháin, tá teorainn leis an gcumhacht seo mar ní cheadaítear don Oireachtas reachtaíocht a théann in aghaidh théarmaí an Bhunreachta a achtú. Ar an gcaoi chéanna tá cosc ar reachtaíocht a chruthaíonn cion go cúlghabhálach nó a d'fhorálfadh do phionóis an bháis a ghearradh. Féadfar le reachtaíocht a thionscnamh i gceachtar den dá Theach, cé is moite Billí Airgid agus Billí do leasú an Bunreacht nach bhféadfar iad a thionscnamh ach i nDáil Éireann amháin. Téann Bille trí chéimeanna éagsúla sa dá Theach sula gcuirtear chuig Uachtarán na hÉireann é le síniú, agus leis sin déantar Acht Oireachtais den Bhille.[3]

An Feidhmeannas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é an Feidhmeannas Rialtas na hÉireann agus foráiltear dó in Airteagal 28 den Bhunreacht, a shonraíonn nach mór nach mbeadh níos lú ná seachtar ball agus níos mó ná cúig bhall déag sa Rialtas agus áiríonn sé sin an Taoiseach arb é ceann an Fheidhmeannais é agus an duine atá díreach faoi, an Tánaiste.

Na Breithiúna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foráiltear le hAirteagal 34 go 38 den Bhunreacht do chóras cúirteanna in Éirinn agus do chionta a thriail. Sonraíonn Airteagal 34 go soiléir 1. Is i gcúirteanna a bhunaítear le dlí agus ag breithiúna a cheaptar ar an modh atá leagtha amach sa Bhunreacht seo a riarfar ceart". Déantar foráil in Airteagal 35 do cheapachán agus thionacht bhreithiúna na hÉireann, agus faoi théarmaí an Airteagail  beidh "gach breitheamh saor neamhspleách maidir lena fheidhmeanna breithimh a oibriú, gan de smacht air ach an Bunreacht seo agus an dlí." Faoi Airteagal 35.4.4  den   Bhunreacht ní féidir baill den Chúirt Uachtarach ná den Ard-Chúirt  a chur as oifig ach ag rún ag gach Teach an Oireachtais de bharr mí-iompair nó míthreorach a luaitear. Ar an gcaoi chéanna cosnaítear tionacht Breithiúna Cúirte Cuarda agus Cúirte Dúiche ag reacht. Ina theannta, faoi Alt 35.5.1 den Bhunreacht ní fhéadfar tuarastal breithimh a laghdú le linn dó nó di a bheith ina dtéarma oifige, ach amháin i gcomhréir le hAirteagal 35.5.[3]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Brian Ó Broin (Márta 2006). "Rialtas na Stát Aontaithe - daonlathas, praiticiúlacht agus ollchumhacht" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2023-02-12.
  2. .lenus.ie / Deirdre Phelan / Ombudsman for Children Office (OCO) (2014). "Small places - exploring children's rights in children's daily lives". Dáta rochtana: 2023.
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 Cúirt Uachtarach na hÉireann. "Supreme Court of Ireland". www.supremecourt.ie. Dáta rochtana: 2023-10-29.