Scéim phirimide

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is scéim phirimide ann ná camghnó a bhfuil cuma an fhíorghnó infheistíochta air cé nach bhfuil sé ag saothrú breisluach ar bith. Na chéad daoine a shuncálfaidh a gcuid airgid sa scéim is féidir leo a gcuid a fháil ar ais agus tuilleadh a shaothrú trí dhaoine eile a mhealladh isteach, ach ó nach bhfuil an t-airgead ag teacht ach ó na hinfheisteoirí eile, tiocfaidh deireadh leis an scéim tar éis an tsaoil. Go bunúsach is féidir leanúint leis an scéim phirimide a fhad is a bheidh tuilleadh infheisteoirí ag teacht, ach i ndeireadh na dála bheadh níos mó ná an cine daonna go léir de dhíth le díbhinní a íoc.

Cluiche gill nó cearrbhachais atá i gceist leis an scéim phirimide go bunúsach, agus ní bheadh a dhath cearr faoi dá mbeifí ag margú na scéime mar chluiche gill. Is é an chuid mhídhlíthiúil nó mhí-ionraic den scéal go bhfuiltear ag cur madraí i bhfuinneoga ag áitiú ar na daoine gur scéim cheart ghnó nó infheistíochta atá ann.

Sa chiall chúng, scéim phirimide atá i gceist nuair nach bhfuiltear ag tabhairt le fios go bhfuil an brabús ag teacht as foinse éigin eile seachas airgead na n-infheisteoirí nua. Scéim Ponzi atá ann má táthar ag áitiú ar na hinfheisteoirí go bhfuil fíorsmaoineamh gnó i gceist. Is ionann áfach scéim phirimide agus scéim Ponzi go praiticiúil, nó is beag duine a mbeadh muinín aige as scéim lom phirimide. De ghnáth bíonn sé riachtanach a thabhairt le fios do na daoine go bhfuil coincheap nua gnó i gceist agus gur daoine dána neamh-réamhbhreithiúnacha iad má chuireann siad a gcuid airgid sa smaoineamh seo.

Scéimeanna Pirimide[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • San ochtú haois déag bhí a leithéid de scéim ann agus Cuideachta na Farraige Theas, nó South Sea Company - is gnách Baothchuideachta na Farraige Theas (South Sea Bubble) a thabhairt ar an ngnólacht seo. Go bunúsach bhí an chuideachta ag tabhairt le fios go raibh sí le trádáil a dhéanamh le Meiriceá Theas. San am a tharla seo, mar atá, 1710, bhí an Ríocht Aontaithe sáite i gcogadh leis an Spáinn, agus ní raibh tíortha Mheiriceá Theas in aon neasacht don neamhspleáchas - coilíníochtaí de chuid na Spáinne a bhí iontu. Mar sin ní raibh seans ar bith ann go bhfaigheadh an chuideachta trádáil ar bith a dhéanamh leis na tíortha sin. Tríd is tríd is follasach nach raibh ann sa deireadh thiar thall ach scéim phirimide nó Ponzi. Ba í Cuideachta na Farraige Theas a thug inspioráid don scríbhneoir Noel Coward an dráma úd The South Sea Bubble a chumadh.
  • Ba é Charles (Carlo) Ponzi an fear óna bhfuarthas an téarma úd "scéim Ponzi". Bhí Ponzi gníomhach sa ghnó timpeall na bliana 1920. Níorbh é féin a chum ná a cheap an bunsmaoineamh, nó tá sé chomh sean leis an saol gnó féin: bhí tagairtí do chamscéimeanna cosúla i gcúpla úrscéal le Charles Dickens, mar shampla.
  • Ceannairc na hAlbáine sa bhliain 1997: Sa bhliain 1997, phléasc trioblóidí agus anord amach san Albáin nuair a thit an tóin as roinnt gnólachtaí camscéime ar shuncáil formhór mór na nAlbánach a gcuid coigiltis iontu. Rinne na comhlachtaí seo a bhfódú sa tír le caoinchead an chéad rialtas daonlathach sa tír, nó chomh haineolach is a bhí muintir na tíre iarChumannaí ar chúrsaí gnó ní raibh súil ar bith acu leis an gcineál seo caimiléireachta. Dealraíonn sé go raibh baint ag na camscéiméirí leis an gcoirpeachas eagraithe idirnáisiúnta, agus go raibh siad ag sciúradh airgid tríd na camscéimeanna seo.
  • I dtús na bliana 2006 thosaigh scéimeanna pirimide ag flúirsiú in Éirinn, go háirithe i gCorcaigh agus i nGaillimh. Tharraing na scéimeanna Liberty, Speedball, agus People in Profit súil na n-údarás ar an gcineál seo camscéiméireachta, agus chuir Gníomhaireacht Náisiúnta na dTomhaltóirí suas leathanach Idirlín le heolas a scaipeadh i measc na ndaoine faoi scéimeanna Ponzi nó pirimide.
  • Scéim WinCapita san Fhionlainn: Cuireadh in iúl do na hinfheisteoirí go raibh an gnó bunaithe ar amhantraíocht le praghsanna luaineacha an airgeadra. Le fírinne ní raibh ann ach scéim phirimide agus ní raibh i gceist leis an amhantraíocht airgeadra ach cur i gcéill. Sa bhliain 2008 thosaigh na póilíní Fionlannacha fiosrú faoi WinCapita, agus sheas bainisteoir an chomhlachta Hannu Kailajärvi an dlí sa bhliain 2011.

Tagairtí do Chamscéimeanna Airgeadais i Litríocht na Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

I mBoston ba mhó a bhí Ponzi gníomhach, áit a bhfuil cuid mhaith lucht imirce ó Éirinn. Mar sin, ní díol iontais é gur thug Máirtín Ó Cadhain cur síos ar scéim Ponzi sa ghearrscéal úd Tnúthán an Dúchais, ceann de na scéalta sa chnuasach An Braon Broghach. Tá sé incheaptha go bhfuair an Cadhnach spreagadh ó scéal Ponzi. Cé nach bhfuil ach mír amháin anseo is féidir príomhghnéithe na scéime pirimide a aithint ansin: na daoine a shuncálann a gcuid airgid i scéimeanna den chineál seo, is ó chara nó ó lucht aitheantais a chloiseann siad go bhfuil a leithéid de scéim ann ("moladh dó a chuid airgead a chur ann"), creideann siad gur scéim de chineál nua atá ann ("sórt bainc nua-aoiseach"), go bhfuil i bhfad níos mó le saothrú air ná ar infheistíocht den chineál "traidisiúnta" ("go n-íocfaidís ionann is a dhá oiread gaimbín le haon bhanc eile sa gcathair"). An dóigh a gcruinníonn na daoine os comhair an bhainc ag éileamh a gcuid airgid ar ais is iomaí uair a chonacthas é i stair na scéimeanna seo.

D'fhág sin go raibh pingin mhaith in ainm Choilm sa Secure Investments Company - sórt bainc nua-aoiseach ar moladh dó a chuid airgid a chur ann, i ngeall go n-íocfaidís ionann is a dhá oiread gaimbín le haon bhanc eile sa gcathair. Maidin Shathairn dár bhuail Colm síos go dtí an banc seo le cion paisinéireachta Nóirín, an dara duine ab óige sa mbaile, a tharraingt, chuir sé iontas air mathshlua chomh mór a bheith cruinn ann an tráth sin de lá. B'éasca do Cholm údar an cheiliúir aird acmhainnigh agus an bhrú bheophianta a chur le bonn, arae bhí na scórtha dá lucht aitheantais agus dá chomhoibrithe ar an gcruinneáil. Cúrsaí cneámhaireachta fré chéile a bhí sa Secure Investments Company. Bhí an comhlacht tar éis 'dúnadh' - tar éis 'a dhul i mbá' mar a dúradar féin - agus na mílte punt de thaisce agus de thíobhas na mbocht imithe ar throigh gan tuairisc. Bhí taisce agus luach sláinte Choilm - i ndáil le gach uile phingin de - imithe, freisin.
(Ó Cadhain, Máirtín: An Braon Broghach. An Gúm, Baile Átha Cliath 1948, athchló 1991.)

Tabhair faoi deara na focail neamhghnácha seo sa sliocht thuas:

  • gaimbín: de ghnáth seasann an focal "gaimbín" don ús ard a ghearrann fear gaimbín (duine a thugann airgead ar iasacht) ar a chuid custaiméirí, ach sa sliocht seo is ionann gaimbín agus an t-ús a íocann an banc (nó an comhlacht infheistíochta) leis an taisceoir (nó leis an infheisteoir).
  • cruinneáil: cruinniú, cruinneagán daoine
  • cneámhaireacht: caimiléireacht, camghnó, camastaíl, camscéiméireacht
  • fré chéile: go hiomlán
  • dul i mbá: an comhlacht a chuaigh i mbá is ionann é agus comhlacht bancbhriste, comhlacht clisiúnach, comhlacht ar theip an gnó air
  • tíobhas: tíos, coigilteas, taisce. An duine atá tíosach (nó tíobhasach, mar a scríobhfadh Máirtín Ó Cadhain é), is duine é atá seiftiúil, spárálach, cnuaisciúnach.