Baothchuideachta na Farraige Theas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaBaothchuideachta na Farraige Theas

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálcolonial society (en) Aistrigh
Ponzi scheme (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlícuideachta chomhstoic Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1711
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte1853 Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Ag margáil The South Sea Bubble le Edward Matthew Ward (1846)

Camscéim airgeadais a bhí i gceist le Baothchuideachta na Farraige Theas, nó "Cuideachta na Farraige Theas" (South Sea Company), mar a thugtaí uirthi go hoifigiúil.

díoltóir ar an sráid in Amstardam

Imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh an chamchuideachta sa bhliain 1711[1] mar chomhpháirtíocht phríobháideach phoiblí le costas an fhiachais náisiúnta a chomhdhlúthú agus a laghdú.

Sonrasc, 30 Aibreán 1730

Bronnadh monaplacht trádála le tíortha Mheiriceá Theas ar an mbaothchuideachta, rud ba chúis lena hainm. Faoin am ar tháinig an chuideachta ar bun bhí an Bhreatain Mhór suite i gCogadh Chomharbas na Spáinne, agus ba í an Spáinn a bhí ag rialú Mheiriceá Theas. Mar sin ní raibh cosúlacht ar bith ar an scéal go dtosódh an trádáil sin, agus mar sin níor shaothraigh an mhonaplacht sin mórán airgid don chuideachta riamh.

scigphictiúr agus "South Sea Bubble cards", 1720

Chuaigh luach stoc na cuideachta in airde go mór mór, de réir is mar a bhí oibríochtaí na cuideachta ag dul i bhfairsinge agus í ag déileáil le fiachas an Rialtais. Sa bhliain 1720 a shroich luach an stoic a uasmhéid, ach ansin thosaigh sé ag crapadh, agus sa deireadh bhí an t-"aer" imithe as "bolgán" na bpraghsanna arís.

Sa bhliain 1720 a shroich luach an stoic a uasmhéid, ach ansin thosaigh sé ag crapadh, agus sa deireadh bhí an t-"aer" imithe as "bolgán" na bpraghsanna arís.

Iarmhairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh an focal "bolgán" (bubble) in úsáid i dteanga na heacnamaíochta de thoradh bholgán na baothchuideachta seo: South Sea Bubble nó "Bolgán na Farraige Theas" a thugtar ar stair na cuideachta i mBéarla go coitianta. "Baothchuideachta" an téarma Gaeilge a mholtar mar aistriúchán ar bubble company, is é sin gnóchuideachta nach raibh de chuspóir aici riamh ach amhantraíocht a dhéanamh ar bholgán den chineál seo.

Chaill a lán daoine a gcuid coigiltis sa teagmháil agus rinneadh dochar tromchúiseach d'eacnamaíocht na tíre go léir de thoradh an chlisiúnais seo.

Iad siúd a bhunaigh an chuideachta is éard a bhí idir lámhaibh acu ná trádáil chos istigh, is é sin bhí siad eolach ar cathain a bhí an fiachas le comhdhlúthú, agus shaothraigh siad an-airgead ag ceannach fiachais roimh ré. D'íoc siad breabanna móra le polaiteoirí le tacaíocht a chinntiú do na hachtanna parlaiminte a bhí riachtanach leis na scéimeanna a chur i gcrích.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. HBS Baker Library. "South Sea Bubble | Baker Library | Bloomberg Center | Harvard Business School" (en). www.library.hbs.edu. Dáta rochtana: 2021-03-14.