Saoirse McHugh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSaoirse McHugh
Beathaisnéis
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaComhaontas Glas Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáirtíColm Cafferkey Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinsaoirsemchugh.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: Saoirse2019 Twitter: saoirse_mchugh Cuir in eagar ar Wikidata

Is iarpholaiteoir Éireannach agus iarbhall den Chomhaontas Glas í Saoirse McHugh (a rugadh i 1990). B'ise iarrthóir an Chomhaontais Ghlais don pharlaimintcheantar Lár Tíre agus an Iarthuaiscirt i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa 2019.

Sonraí Pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is as Oileán Acla í McHugh. Tá Baitsiléir Eolaíochta aici ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus Máistreacht i dTalmhaíocht Inbhuanaithe agus Slándáil Bia ó Ollscoil Lancaster.[1]

Feachtas Eorpach 2019[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sheas sí an chéad uair le haghaidh oifige polaitiúla i dtoghchán Eorpach 2019, mar iarrthóir sa pharlaimintcheantar Lár Tíre agus an Iarthuaiscirt. Sheas sí ar chlár a chuir chun cinn ceannasaíocht fuinnimh na hEorpa, aistriú cothrom go dtí geilleagar íseal-charbóin, agus achmhainneacht comhphobal in aghaidh na héigeandála aeráide agus in aghaidh thimthriall an uirbithe.[2] Bhain sí an-aithne amach i laethanta deiridh an fheachtais as a dúshlán láidir do Peter Casey le linn díospóireachta teilifíse.[3] “Millionaires blaming migrants is an old trope and it's boring,” ar McHugh. Chuir sí comhairle ar Casey freisin "go on Dancing with the Stars if you want attention that much." [4] Oíche an toghcháin, thaispeáin pobalbhreitheanna imeachta McHugh ar 12% de na vótaí céadrogha, agus na meáin ag déanamh cur síos air seo mar "thoradh gan choinne", toisc go raibh McHugh ina hiarrthóir céaduaire.[5] Bhí an toradh seo mar chuid den “Tonn Glas”, a chonaic tacaíocht gan choinne don pháirtí sna toghcháin seo ar fud na hÉireann.[6] Sna fíorthorthaí, fuair McHugh 51,019 (8.58%) vótaí céad rogha, á cur sa séú háit as seacht n-iarrthóir déag.

I ndiaidh Fheachtas Eorpach 2019[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tar éis thoghchán Eorpach 2019, bhí tuairimíocht sna meáin go rithfeadh McHugh ar son an tsuímh Sheanaid a d'éirigh folamh nuair a bhuaigh an Seanadóir Grace O'Sullivan, ball den Chomhaontas Glas í féin, suíomh i bParlaimint na hEorpa.[7] Pippa Hackett, comhairleoir in Éadan Doire, a fuair ainmniúchán an Pháirtí le dul sa iomaíocht don suíomh sin faoi dheireadh.

Bhí ráite ag McHugh go bhfuil sí in éadan comhrialtas idir an gComhaontas Glas agus Fianna FáilFine Gael, ceist a bhí conspóideach laistigh den pháirtí.[8]

I Mí Dheireadh Fómhair 2019, fuair McHugh an t-ainmniúchán le dul san iomaíocht i nDáilcheantar Mhaigh Eo ar son an Chomhaontais Ghlais in Olltoghchán 2020. Tháinig sí sa seachtú háit, í ag fáil 6.5% de na vótaí céadrogha.

Sular vótáil baill an Chomhaontais Ghlais ar an dréachtchlár rialtais le Fianna Fáil agus Fine Gael a mhol ceannasaíocht an pháirtí don bhallraíocht i Mí Meithimh 2020, ghlaoigh McHugh ar son vóta in aghaidh an bheartais, í ag rá nach Socrú Glas Nua ach "greener business as usual" a bhí i gceist leis, agus go "a true Green New Deal recognises that action to combat climate change will not be successful unless it simultaneously ushers in social and economic reforms that will distribute opportunity more fairly and tackle inequality".[9][10][11] I ndeireadh an scéil, rítheadh an beartas, agus 76% den bhallraíocht i bhfabhar air.

D'fhág McHugh an Comhaontas Glas i Mí Iúil 2020.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Saoirse McHugh - About" (en-IE). greenparty.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-12-03. Dáta rochtana: 2019-08-04.
  2. "Policy" (en-IE). Saoirse McHugh (2018-12-27). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-09-21. Dáta rochtana: 2019-08-27.
  3. "'Pass Casey the aloe vera' - Green Party's Saoirse McHugh impresses debate viewers in clash with Peter Casey" (en). Independent.ie.
  4. "Green Party's Saoirse McHugh unexpected star of European election debates" (en). The Irish Times.
  5. "Newcomer McHugh set for shock seat in Midlands North-West". www.irishexaminer.com.
  6. "Green Party surge" (en). TheJournal.ie.
  7. Thursday, June 06, 2019-06:43 Pm (2019-06-06). "Green Party candidate Saoirse McHugh may contest Seanad seat" (en). www.irishexaminer.com. Dáta rochtana: 2019-08-27.
  8. Monday, July 15, 2019-07:00 Am (2019-07-15). "Green Party's Saoirse McHugh warns against going into coalition" (en). www.irishexaminer.com. Dáta rochtana: 2019-08-27.
  9. Marie O'Halloran. "Saoirse McHugh and three others appeal to Green members to reject deal" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-06-30.
  10. Saturday, June 20, 2020-10:40 Pm (2020-06-20). "Four Green Party members sign open letter opposing Programme for Government" (en). www.irishexaminer.com. Dáta rochtana: 2020-06-30.
  11. "Former Fianna Fail deputy leader Eamon O Cuiv and Green Party candidate Saoirse McHugh to vote against programme for Government". www.msn.com. Dáta rochtana: 2020-06-30.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]