Samas na Tráicia

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Samas na Tráicia, suíomh an oileáin.

Is oileán Gréagach é Samas na Tráicia (ar a dtugtar Σαμοθράκη / Samothráki sa Ghréigis), sa Mhuir Aeigéach thuaidh. Is bardas é laistigh d'aonad réigiúnach Evros de chuid na Tráicia. Tá an t-oileán 17 km ar fhad agus tá sé 178 km cearnach i méid agus tá daonra de 2,859 ann (daonáireamh 2011). Is iad na príomhthionscail atá aige ná iascaireacht agus turasóireacht. I measc na n-acmhainní ar an oileán tá eibhear agus basalt. Ceann de na hoileáin is gairbhe sa Ghréig é Samas na Tráicia..

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní raibh tábhacht pholaitiúil ar bith ag Samas na Tráicia sa tSean-Ghréig, ós rud é nach bhfuil aon chuan nádúrtha ann agus tá an chuid is mó den oileán ró-sléibhtiúil le haghaidh talaimh a shaothrú: ardaíonn Sliabh Fengari (‘Slaibh na Gealaí’ go litriúil) go 1,611 m. Is ann atá Tearmann na nDéithe Móra suite áfach, suíomh searmanais reiligiúnacha tábhachtacha Heilléanacha agus réamh-Heilléanacha. Ina measc siúd a thug cuairt ar an scrín seo le bheith glachta isteach i gcultúr an oileáin bhí Lysander ó Sparta, Pilib II na Macadóine agus Lucius Calpurnius Piso Caesoninus, athair céile Iúil Caesar.

Bhí an chathair ársa, ar a dtugtar fothracha Palaeopoli ("seanchathair"), suite ar an gcósta thuaidh. Tá go leor iarsmaí fós ann de na ballaí ársa, a tógadh i stíl ollmhór Chioclópach, chomh maith le Tearmann na nDéithe Móra, áit ar tharla rúndiamhra mistéireacha (Rúndiamhra an Shamatracae) a bhí oscailte do sclábhaithe agus do dhaoine saora ( cosúil leis na Rúndiamhra Eileosasacha). Luann Demetrios ó Sceipsis Rúndiamhra an Shamatracae.

Is é an cuntas traidisiúnta ón ársaíocht ná go raibh na Pelasgoí agus na Cares ina gcónaí i Samas na Tráicia, agus na Tráiciaigh ina dhiaidh sin. Ag deireadh an 8ú haois RC, choilínigh na Gréagaigh ón oileán Samas an t-oileán, ónar tugadh an t-ainm Samas na Tráicia, ar a tugadh Samatracae ina dhiaidh sin; séanann Strabó é seo, áfach. Tugann an fhianaise seandálaíochta le tuiscint go raibh lonnaíocht na Gréige ann ón séú haois RC.

Ghlac na Peirsigh seilbh ar Shamas na Tráicia sa bhliain 508 RCh, nuair a thit sé faoi smacht na hAithne ina dhiaidh sin, agus bhí sé ina bhall de Léig Dhéileas sa 5ú haois RC. Smachtaigh Pilib II na Macadóine é, agus as sin go 168 RC bhí sé faoi ardcheannas na Macadóine. Le Cath Phidna bhain Samas na Tráicia neamhspleáchas amach, stádas a chríochnaigh nuair a shúigh Veaspáisian an t-oileán isteach in Impireacht na Róimhe sa bhliain AD 70.

Luaitear an t-oileán i Leagan an Rí Shéamais den Bhíobla, leis an ainm Samothracia.

Le linn na tréimhse Rómhánach agus go háirithe na tréimhse impiriúla, a bhuí le spéis na n-impirí Rómhánacha, sháraigh fairsinge Thearmann na Déithe Móra teorainneacha na Gréige agus rinneadh ionad reiligiúnach idirnáisiúnta den oileán, áit ar tháinig oilithrigh ó gach cearn den domhan Rómhánach. Seachas an tearmann cáiliúil, a raibh ról cinntitheach aige freisin i bhforbairt mhór an oileáin bhí a dhá chalafort, suite ar bhóthar na farraige ón Tráicia - go dtí an Mhacadóin. Ina theannta sin, bhí ról tábhachtach ag a sealúchais i bPerea, ar ghéill na Rómhánaigh dó ar a laghad le linn na tréimhse impiriúla, mar is léir ó inscríbhinní an 1ú haois AD.[1]

Taifeadann Leabhar na nAchtanna sa Bhíobla Críostaí gur sheol an tAspal Pól, ar a dhara turas misinéireachta lasmuigh den Phalaistín, ón Thróás go Samas na Tráicia agus gur chaith sé oíche amháin ansin ar a bhealach go dtí an Mhacadóin. [2]


Tearmann na nDéithe Móra, Paleopolis.
Samas na Tráicia, le Sliabh Fengari sa chúlra.
Tírdhreach
Eas agus lochán, tréithe an oileáin.
Samas na Tráicia le Francesco Piacenza, 1688
Radharc de Samas na Tráicia .

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. D. C. Samsaris, Historical Geography of Western Thrace during the Roman Antiquity (in Greek), Thessaloniki 2005, p. 120-126
  2. Teimpléad:Bibleverse