Samantha Power

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Samantha Power
Samantha Power official portrait.jpg
ambasadóir


28. Ambasadóir na Stát Aontaithe chun na Náisiúin Aontaithe

Lúnasa 5, 2013 - Eanáir 20, 2017
Rosemary DiCarlo (en) Aistrigh - Michele J. Sison
Saol
Eolas breitheLondain, 21 Meán Fómhair 1970, 1970 (52 bliain d’aois)
NáisiúntachtStáit Aontaithe Mheiriceá
Éire
Áit chónaitheCaisleán Cnucha
Pittsburgh
Atlanta
Muintir
Céile/CéilíCass Sunstein  (Iúil 4, 2008 -
Oideachas
Alma materOllscoil Yale
Scoil Dlí Harvard
Lakeside High School (en) Aistrigh
Davenport College (en) Aistrigh
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairmiriseoir, taidhleoir, oideolaí, scríbhneoir, gníomhaí ar son chearta an duine, gníomhaí polaitiúil, múinteoir ollscoile agus international forum participant (en) Aistrigh
FostóiríCarr Center for Human Rights Policy (en) Aistrigh
Boston Globe
The Economist
U.S. News & World Report (en) Aistrigh
Ollscoil Harvard
Rialtas Feidearálach Stát Aontaithe Mheiriceá
The New Republic (en) Aistrigh
Saothar iomráiteachA Problem from Hell (en) Aistrigh
Screamers (en) Aistrigh
Duaiseanna
Cleamhnú
Páirtithe polaitíochtaPáirtí Daonlathach
IMDbnm2106959 agus nm6905880
samanthapower.com
Instagramsamanthajpower
TwitterSamanthaJPower, AmbPower44 agus PowerUSAID

Acadóir, údar agus taidhleoir Meiriceánach is ea Samantha Power, a rugadh ar 21 Meán Fómhair 1970 i mBaile Átha Cliath, in Éirinn. Faoi láthair, is í ambasadóir na Stát Aontaithe chuig na Náisiúin Aontaithe í.

Chuir sí tús lena saol gairmiúil mar iriseoir ag tuarascáil faoi Chogaí na hIúgsláive. Ó 1998 go 2002, d'oibrigh Powers mar stiúrthóir feidhmiúcháin bunaithe ar an Carr Center for Human Rights Policy insan Harvard Kennedy School. Ba ise chéad Ollamh Anna Lindh um Chleachtas Ceannaireachta Domhanda agus Beartas Poiblí sa scoil chéanna. Bhí sí ina chomhairleoir sinsearach don Seanadóir Barack Obama go dtí mí Márta 2008, nuair a bhí uirthi éirí as a fheachtas uachtaránachta i ndiaidh di Hillary Clinton a cháiliú mar "arrachtach".[1]

Thosaigh Power ag obair mar bhall de idirfhoireann Obama do Roinn Stát na Stát Aontaithe i mí na Samhna, 2008. Bhí Power ina Chomhairleoir Speisialta don Uachtarán agus Stiúrthóir Feidhmiúcháin um Ghnóthaí Ilthaobhacha agus Chearta Daonna ar an gComhairle Éigeandála Náisiúnta ó Eanáir na bliana 2009 go Feabhra na bliana 2013.[2]

A luathshaol agus oideachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Power i mBaile Átha Cliath do Vera Delaney, dochtúir duáin agus haca páirce idirnáisiúnta, agus do Jim Power, fiaclóir agus seinnteoir pianó.[3][4] Tógadh in Éirinn í go dtí go raibh sí 9 mbliana d'aois: i gCaisleán Cnucha a chónaigh sí agus chuaigh sí go Scoil Montessori Mount Anville, Baile na nGabhar, Átha Cliath,[5] gur chuaigh a tuismitheoirí ar imirce go Pittsburgh, Pennsylvania sa bhliain 1979.[6] D'fhreastail sí ar Lakeside High School in Atlanta, Georgia, mar a raibh sí ina ball den fhoireann tras-tíre agus den fhoireann cispheile. Bhain sí céimeanna amach in Ollscoil Yale agus i Scoil Dlí Harvard.[7] Sa bhliain 1993, in aois a 23 bliana, ghlac sí saoránacht na Stát Aontaithe.

Saol pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Phós Power Cass Sunstein tar éis aithne a chur air ag obair ar fheachtas Obama sa bhliain 2008. Tá beirt mhac acu, Declan agus Rian.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]