Sóivéid Luimnigh
Sóivéid Luimnigh | |||||
---|---|---|---|---|---|
Sóibhéid Luimnigh (ga) | |||||
Suíomh | |||||
Príomhchathair | Luimneach | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 15 Aibreán 1919 | ||||
Díscaoileadh | 27 Aibreán 1919 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | sóivéid agus soviet republic (en) | ||||
Eacnamaíocht | |||||
Airgeadra | scilling |
Sa bhliain 1919, d’eagraigh lucht oibre i Luimneach stailc ghinearálta, ar tugadh an ‘Limerick Soviet’ nó 'Sóivéid Luimnigh' uirthi.[1] Tharla na hagóidí i Luimneach - cathair agus contae - idir an 14 Aibreán agus an 27 Aibreán 1919.[2]
Tharraing an téarma "Sóivéid" achrann ; ní raibh ann ach stailc ghinearálta i ndáiríre agus ní raibh réabhlóid iomlán ar siúl. Ach ghabh na ceardchumannaigh agus Óglaigh seilbh ar shaol eacnamaíochta na cathrach. agus thosaigh na húdaráis ag bualadh airgid fiú.
Na hImeachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Luimneach ar na contaetha is gníomhaí le linn Éirí Amach na Cásca agus bhí an ghníomhaíocht radacach le sonrú arís le linn na tréimhse corraithe sin in 1919. Ag tús Chogadh na Saoirse, bhí teannas láidir sa cheantar. Dúirt Arm na Breataine go mbeadh Luimneach ina ‘Limistéar Míleata Speisialta’ faoi Acht dar teideal DORA (Defence of the Realm Act). Chuimsigh an tAcht Míleata sin an chuid is mó de chathair Luimnigh agus cuid den chontae chomh maith.
Eagraíodh stailc ghinearálta i Luimneach ar an 13 Aibreán 1919. Rinne lucht ceirde Chomhairle Luimnigh agóid i gcoinne dhearbhú Arm na Breataine go mbeadh an chathair ina ‘Limistéar Míleata Speisialta’.
Ar an 14 Aibreán, thosaigh ollstailc na Sóivéide Luimnigh, le forógra na saoirse sóivéadaí. Ba iad cosmhuintir na cathrach a chinntigh astu féin go mbeadh airgead agus bia ag na daoine ar feadh thréimhse na hagóidíochta.
Ar an 27 Aibreán, chríochnaigh ollstailc na Sóivéide Luimnigh, nuair a ghlaoigh ardmhéara Luimnigh (Alphonsus O'Mara) agus an eaglais (easpag Denis Hallinan) ar na hoibrithe chun stop a chur leis an agóid.
Cúlra in Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Le linn Chogadh na Saoirse (1919-1921), bhí dhá údarás i gcomhrac lena chéile i Luimneach le linn Chogadh na Saoirse, Rialtas na Breataine agus Rialtas na Poblachta a bhunaigh Dáil Éireann, lena gcúirteanna, póilíní agus airm féin ag an mbeirt araon. Cuireadh cuid mhór cathanna i Luimneach agus sa cheantar máguaird, agus bhí teannas láidir sa cheantar.
Cúlra idirnáisiúnta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é is ciall leis an bhfocal Rúisise úd Совет [sɐˈvʲɛt]/Sovet ná "comhairle". Bhain na Boilséivigh a leas féin as na sóivéidí, agus d'éiligh Léinín "an chumhacht iomlán a bhaint amach do na sóivéidí". Tharraing an t-ainm "Sóivéid" in Éirinn achrann mar sin, mar bhí eagla ar na fórsaí coimeádacha.
Cáil thar lear
[cuir in eagar | athraigh foinse]Threisigh cáil an radacachais ar Luimneach ar fud an domhain. Bhí go leor iriseoirí idirnáisiúnta sa chathair ag an am, mar bhí rás trasatlantach ar siúl.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Níor chúis iontais do dhaoine a thuigeann stair chathair Luimnigh gur toghadh Maurice Quinlivan" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-04-14.
- ↑ ‘Luimneach i mbun Cuimhnimh’ – siompóisiam ag plé an dá thraidisiún, le Micheál Ó hAodha, Tuairisc.ie, 4 Samhain 2016