Sóivéid Luimnigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Limerick United Trades and Labour Council, 1919
"Airgead" ag an am

Ollstailc agus agóidí i Luimneach a bhí ar siúl idir an 14 Aibreán agus an 27 Aibreán 1919, nuair a d'eagraigh muintir Luimnigh (cathair agus contae) an Sóivéid Luimnigh (‘Limerick Soviet’), mar a tugadh air i 1919[1]. Bhí a hairgead féin ag an gcathair nuair a ghabh ceardchumannaigh agus Óglaigh seilbh ar shaol Eacnamaíochta na cathrach. Tharraing an ainm "Sóivéid" achrann ach ní raibh ann ach stailc ghinearálta; ní raibh réabhlóid iomlán ar siúl.

Na hImeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ag tús Chogadh na Saoirse, bhí teannas láidir sa cheantar. Dúirt Arm na Breataine go mbeadh Luimneach ina ‘Limistéar Míleata Speisialta’ fén, acht dar teideal DORA (Defence of the Realm Act). Chuimsigh an tAcht Míleata sin an chuid is mó de chathair Luimnigh agus cuid den chontae leis.

Eagraíodh stailc ghinearálta i Luimneach ar an 13 Aibreán 1919. Rinne lucht ceirde Chomhairle Luimnigh agóid i gcoinne dhearbhú Arm na Breataine go mbeadh an chathair ina ‘Limistéar Míleata Speisialta’.

Ar an 14 Aibreán, thosaigh ollstailc na Sóivéide Luimnigh, le forógra na saoirse sóivéadach. Ba iad cosmhuintir na cathrach a chinntigh astu féin go mbeadh airgead agus bia ag na daoine ar feadh thréimhse na hagóidíochta.

Constáblacht Ríoga na hÉireann (RIC) agus saighdiúirí i Luimneach.

Ar an 27 Aibreán, chríochnaigh ollstailc na Sóivéide Luimnigh, nuair a ghlaoigh ard-mhéara Luimnigh (Alphonsus O'Mara) agus an eaglais (easpag Denis Hallinan) ar na hoibrithe chun stop a chur leis an agóid.

Cúlra in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le linn Chogadh na Saoirse (1919-1921), bhí dhá údarás i gcomhrac lena chéile i Luimneach le linn Cogadh na Saoirse, Rialtas na Breataine agus Rialtas na Poblachta a bhunaigh Dáil Éireann, lena gcúirteanna, póilíní agus airm féin ag an mbeirt araon. Cuireadh cuid mhór cathanna i Luimneach agus sa cheantar máguaird, bhí teannas láidir sa cheantar.


Cúlra idirnáisiúnta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é is ciall leis an bhfocal Rúisise úd Совет [sɐˈvʲɛt]/Sovet ná "comhairle". Bhain na Boilséivigh a leas féin as na sóivéidí, agus d'éiligh Léinín "an chumhacht iomlán a bhaint amach do na sóivéidí". Tharraing an ainm "Sóivéid" in Éirinn achrann mar sin, mar bhí eagla ar na fórsaí imchoimeádach.

Cáil thar lear[cuir in eagar | athraigh foinse]

Threisigh cáil an radacachais ar Luimneach ar fud an domhain. Bhí go leor iriseoirí idirnáisiúnta sa chathair ag an am, mar bhí rás trasatlantach ar siúl.

Feach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]