Síocanailís

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Sícanailís)

Is foirm den tsíciteiripe atá i gceist le síocanailís[1][2][3] a chruthaigh an néareolaí ón Ostair Sigmund Freud. Teoiric is cleachtadh cliniciúil sa bhfoirm síceolaíochta a leagann béim ar na gnéithe neamhchomhfhiosacha de bheatha mheabhrach an duine.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa chóireáil, arbh é Freud an ceannródaí inti, déantar iarracht deireadh a chur le comhrac trí phearsantacht duine a athrú i dtreo dearfach. Thug Freud an coincheap isteach chun feidhm a bhaint as brionglóidí duine le tuiscint níos fearr a fháil ar na mothúcháin is doimhne aige. Leag sé béim ar staidéar inbhreithnitheach an duine féin.

Sigmund Freud, 1905

Thairg sé Freud, Alfred Adler is Jung moltaí ar na próisis shíceolaíocha normálta is mhínormálta.

Bunaíodh an chéad Chumann Sícanailíse san Ostair, ach de réir a chéile d'éirigh an tsícanailís i bhfad níos cumasaí údarásaí sna Stáit Aontaithe ná san Eoraip.

Na laigí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Seo na laigí a bhaineann le síocanailís a úsáid leis an dúlagar a chóireáil:

  • Tá an teiripe ag brath ar chuimhní an chliaint ar aois an pháiste – is féidir iad seo a bheith míchruinn nó curtha as a riocht, rud ar a dtugtar ‘bréagchuimhní”[4].
  • Tá am de dhíth leis an tsíocanailís a dhéanamh thar thréimhse fhada ama, mar sin de tá sé costasach cionn is gur féidir go mbeidh a lán seisiún i gceist sula mothaíonn cliaint go bhfuil siad ag éirí níos fearr.[5]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): síocanailís” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2023-06-15.
  2. “psychoanalysis” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-15.
  3. Pádraig Ó Mianáin, eag.: “psychoanalysis — Aistriúchán Gaeilge ar psychoanalysis (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2023-06-15.
  4. http://www.rewardinglearning.org.uk/common/includes/microsite_doc_link.aspx?docid=10143-2
  5. Hussey, Matt (2011). "Sícanailís [sic]". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 596.