Séamas Mac Daidhir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSéamas Mac Daidhir
Beathaisnéis
Breith1910
Bás1987
76/77 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na hÉireann, Má Nuad
Coláiste Adhamhnáin Cuir in eagar ar Wikidata

Sagart Caitliceach agus feachtasóir ar son cearta daoine sna ceantair is boichte in Éirinn ab ea Séamas Mac Daidhir (nó James McDyer, 1910–1987).

Rugadh an Canónach Mac Daidhir sna Gleannta, Contae Dhún na nGall, ar 14 Meán Fómhair 1910, an duine ab óige de sheachtar clainne. D’fhreastail sé ar Scoil Náisiúnta na nGleanntach sula ndeachaigh sé go Coláiste Naomh Adhamhnáin, Leitir Ceanainn. Sa bhliain 1930, chuaigh sé go Coláiste Phádraig, Má Nuad chun léann sagartachta a fháil. Oirníodh é 20 Meitheamh 1937. Bhí sé ina shagart i Londain le linn an Bhliotsa, ansin in Wandsworth agus in Kent,[1] agus ina dhiaidh sin d'fhill sé ar Dhún na nGall (i dToraigh) ó 1947.

Sa bhliain 1951, cuireadh an tAth. Mac Daidhir go dtí Gleann Cholm Cille i nGaeltacht Dhún na nGall, áit ar fhorbair sé áiseanna pobail (ní raibh leictreachas sa cheantar ag an am), agus thacaigh sé le tionscnaimh chun meath an cheantair a stopadh, trí thionscail áitiúla a fhorbairt, chomh maith le daonbhaile agus músaem Ghleann Cholm Cille.[2][3] Chuaigh sé ar scor sa bhliain 1986 agus d’éag sé ina chodladh 25 Samhain 1987.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Champion of the Marginalised Curtha i gcartlann 2016-03-04 ar an Wayback Machine by Fr. Kevin Hegarty, Mayo News, 5 October 2010.
  2. Athar Mhic Daidhir / Father McDyer Daonbhaile Ghleann Cholm Cille
  3. Tony Birtill. "Greg Stevenson 09". Dáta rochtana: 2022-08-06.