Jump to content

Romanaithe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Grúpa DaonnaRomanaithe


Cineálgrúpa eitneach agus lucht siúil san Eoraip
Daonra iomlán4,373,000 Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Romainis, Domari (en) Aistrigh agus Lomavren (en) Aistrigh
Creideamhan Chríostaíocht, Ioslam, an Búdachas agus an Giúdachas
EapainmArameans (en) Aistrigh

Is grúpa eitneach Eorpach iad na Romanaithe.[1][2] Is í an Romainis a bpríomhtheanga. Thugtaí Romaigh orthu i nGaeilge freisin.[3]

Léiríonn an fhianaise theangeolaíoch agus ghéiniteach gur ó fhó-ilchríoch na hIndia a tháinig na Romanaithe ar dtús. Tá siad scaipthe ar fud na hEorpa agus iarthar na hÁise anois ó d'imigh siad siar thart ar an 14ú haois, agus rinne cuid acu imirce go Críocha Mheiriceá ón 19ú haois i leith. (Cé go meastar go bhfuil 619,007–1,850,000 Romanaí ina gcónaí sa Rómáin, an dara daonra is mó díobh san Eoraip, ní ón tír sin a thagas a n-ainm).

Is minic a dhéantar na Romanaithe a mheascadh suas le lucht siúil na hÉireann agus leis an bpobal Iéineach, grúpaí eitneacha atá éagsúil leis na Romanaithe.

Romanaithe
Céatadán na Romanaithe san Eoraip

Rom an focal ar "fear céile" sa teanga Romainise, agus úsáidtear é, agus an leagan iolra, Roma, go forleathan anois le cur síos a dhéanamh ar an gcine ar fad.

Géarleanúint

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar cheann de na géarleanúintí ba mhó a dhéantaí in aghaidh na Romanaithe ná sclábhaithe a dhéanamh díobh, agus níor saoradh cuid díobh sa gceantar ina bhfuil an Rómáin anois go dtí an 19ú haois. Nuair a thosaíodar á scaipeadh féin ar fud na hEorpa sa 15ú haois go háirithe, measadh gur spiairí de chuid na nOtamánach a bhí iontu. Déanadh iarrachtaí glanadh eitneach a dhéanamh orthu go dtí le fíordhéanaí. Mar shampla, tharla "Locadh Mór na Romanaithe" sa Spáinn i 1749, agus maraíodh idir 250,000 agus 1.5 milliún díobh san Uileloscadh.

  1. Pádraig Ó Mianáin, eag.: “Romani — Aistriúchán Gaeilge ar Romani (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2024-09-19.
  2. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): Romanaí” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-09-19.
  3. “Romach” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-09-19.