Romanaithe
Cineál | grúpa eitneach agus lucht siúil san Eoraip |
---|---|
Daonra iomlán | 4,373,000 |
Teanga | an Romainis, Domari (en) agus Lomavren (en) |
Creideamh | an Chríostaíocht, Ioslam, an Búdachas agus an Giúdachas |
Eapainm | Arameans (en) |
Is grúpa eitneach Eorpach iad na Romanaithe.[1][2] Is í an Romainis a bpríomhtheanga. Thugtaí Romaigh orthu i nGaeilge freisin.[3]
Léiríonn an fhianaise theangeolaíoch agus ghéiniteach gur ó fhó-ilchríoch na hIndia a tháinig na Romanaithe ar dtús. Tá siad scaipthe ar fud na hEorpa agus iarthar na hÁise anois ó d'imigh siad siar thart ar an 14ú haois, agus rinne cuid acu imirce go Críocha Mheiriceá ón 19ú haois i leith. (Cé go meastar go bhfuil 619,007–1,850,000 Romanaí ina gcónaí sa Rómáin, an dara daonra is mó díobh san Eoraip, ní ón tír sin a thagas a n-ainm).
Is minic a dhéantar na Romanaithe a mheascadh suas le lucht siúil na hÉireann agus leis an bpobal Iéineach, grúpaí eitneacha atá éagsúil leis na Romanaithe.
Ainm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rom an focal ar "fear céile" sa teanga Romainise, agus úsáidtear é, agus an leagan iolra, Roma, go forleathan anois le cur síos a dhéanamh ar an gcine ar fad.
Géarleanúint
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar cheann de na géarleanúintí ba mhó a dhéantaí in aghaidh na Romanaithe ná sclábhaithe a dhéanamh díobh, agus níor saoradh cuid díobh sa gceantar ina bhfuil an Rómáin anois go dtí an 19ú haois. Nuair a thosaíodar á scaipeadh féin ar fud na hEorpa sa 15ú haois go háirithe, measadh gur spiairí de chuid na nOtamánach a bhí iontu. Déanadh iarrachtaí glanadh eitneach a dhéanamh orthu go dtí le fíordhéanaí. Mar shampla, tharla "Locadh Mór na Romanaithe" sa Spáinn i 1749, agus maraíodh idir 250,000 agus 1.5 milliún díobh san Uileloscadh.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Pádraig Ó Mianáin, eag.: “Romani — Aistriúchán Gaeilge ar Romani (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2024-09-19.
- ↑ Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): Romanaí” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-09-19.
- ↑ ““Romach” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-09-19.