Jump to content

Robert Wilhelm Bunsen

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Robert Bunsen)
Infotaula de personaa Oirircis Cuir in eagar ar Wikidata
Robert Wilhelm Bunsen

(luach anaithnid) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith30 Márta 1811
Göttingen Cuir in eagar ar Wikidata
Bás16 Lúnasa 1899
88 bliana d'aois
Heidelberg Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaBergfriedhof Cuir in eagar ar Wikidata
Ollamh Ollscoil Heidelberg
1852 – 1889
← Leopold GmelinViktor Meyer →
Ollamh Ollscoil Marburg
1841 – 1851
← Ferdinand Wurzer
Extraordinary professor (en) Aistrigh Ollscoil Marburg
1839 – 1841
Chemistry teacher (en) Aistrigh Höhere Gewerbeschule Kassel (en) Aistrigh
Eanáir 1836 – 1839
← Friedrich Wöhler
Privatdozent Ollscoil Göttingen
Eanáir 1834 – Aibreán 1836
Ollamh Ollscoil Wrocław
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Protastúnachas
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Göttingen (1828–)
Ollscoil Friedrich-Wilhelm
Ollscoil Vín Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilDoctor of Sciences in Chemistry (en) Aistrigh
ollamh
Comhairleoir dochtúireachtaFriedrich Stromeyer
Gníomhaíocht
Réimse oibreSpectrochemical analysis (en) Aistrigh
Suíomh oibre Marburg (1839–)
Wrocław
Göttingen
Heidelberg Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmceimiceoir, múinteoir, turgnamhaí, múinteoir ollscoile, fisiceoir, cumadóir, nádúraí Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Heidelberg (1852–)
Ollscoil Wrocław (1851–1852)
Ollscoil Marburg (1839–1851)
Höhere Gewerbeschule Kassel (en) Aistrigh (1836–1839)
Ollscoil Göttingen, Privatdozent (1834–1836) Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Mac/iníon léinn de chuidFriedrich Stromeyer
Mac/iníon léinnFritz Haber, Jacques-Louis Soret, Dmitry Lachinov, Rudolf Benedikt, Ludwig Mond, Walther Hempel, Johann Friedrich Wilhelm Adolf von Bäyer, Heinrich Debus agus Henry Enfield Roscoe
TeangachaAn Ghearmáinis
Saothar
Mac léinn dochtúireachtaViktor Meyer, Hermann Kolbe, Edward Frankland, Georg Ludwig Carius, Carl Gräbe, Johann Friedrich Wilhelm Adolf von Bäyer, Philipp Eduard Anton Lenard, Albert Ladenburg, Adolf Lieben, Heinrich Martin Weber, Loránd Eötvös, Johann August Streng, Georg Ludwig Carius, Thomas Edward Thorpe, Francis Robert Japp, Walther Hempel agus John Tyndall
Teaghlach
Céileluach ar iarraidh Cuir in eagar ar Wikidata
AthairChristian Bunsen  agus Auguste Friederike Bunsen (en) Aistrigh
SiblínGustav Bunsen
Duine muintearthaEmilie Bunsen (en) Aistrigh (col ceathrair baineann)
Robert Bunsen (en) Aistrigh (col ceathair fireann)
Philipp Bunsen (en) Aistrigh (nia)
Jeremias Bunsen (sin-seanathair) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

Find a Grave: 22503 Cuir in eagar ar Wikidata
Tuama Bunsen ag Heidelberger Bergfriedhof

Ceimiceoir Gearmanach ab ea Robert Wilhelm Bunsen (30 Márta 1811 - 16 Lúnasa 1899. D'fhiosraigh sé speictrim astúcháin na ndúl téite, agus sa bhliain 1860, d'aimsigh sé caeisiam agus rubaidiam sa bhliain 1861, in éineacht leis an bhfisiceoir Gustav Kirchhoff. Tá Gradam Bunsen-Kirchhoff don speictreascópacht ainmnithe i ndiaidh 'Bunsen agus Kirchhoff'.

D'fhorbair Bunsen roinnt modhanna chun gás-anailíse a dhéanamh freisin. Bhí sé ina cheannródaí sa fhótaiceimic, agus rinne sé obair luath i réimse na ceimice arsanaice orgánaí. Lena chúntóir saotharlainne Peter Desaga, d'fhorbair sé an dóire Bunsen, feabhas suntasach ar na dóirí saotharlainne a bhí in úsáid ag an am.

Cheap Bunsen raon ionstraimí tábhachtacha eile[1]:

  • fótaiméadar an gheirspota,
  • an bataire galbhánach,
  • an t-oighear-chalraiméadar,
  • agus (i gcomhar le Remy Roscoe) an t -achtanaiméadar.

Tá an 'Dámhachtain Bunsen-Kirchhoff' le haghaidh na speictreascópachta anailíse (Gearmáinis: Bunsen-Kirchhoff-Preis für Analytische Spektroskopie) ainmnithe in onóir dóibh.


Nuair a d'fhostaigh Ollscoil Heidelberg Bunsen sa bhliain 1852, gheall na húdaráis saotharlann nua a thógáil dó. Bhí tús curtha díreach ag an am sin le soilsiú sráide gásghual a shuiteáil i Heidelberg, agus mar sin bhí soláthar gáis curtha isteach san fhoirgneamh saotharlainne nua chomh maith.

Fuair an tsaotharlann teas chomh maith le soilsiú ón ngás. I gcomhair téimh, bhí sé inmhianaithe an teocht a uasmhéadú agus an lonrachas a íoslaghdú. Go dtí sin, ní raibh an-éifeachtach sna lampaí saotharlainne maidir le simplíocht agus barainneacht, chomh maith le cáilíocht an lasair i gcomhair dóire lampa.

Nuair a bhí foirgneamh s'aige fós á dtógáil go déanach sa bhliain 1854, mhol Bunsen prionsabail dearaidh áirithe don mheicneoir ollscoile, Peter Desaga, agus mhol sé dó fhréamhshamhail a thógáil. (Bhí na prionsabail comhchosúla úsáidte níos luaithe ag Michael Faraday i ndearadh dóire, agus ag an ghás innealtóir R. W. ​​Elsner i ngléas a bhí paitinnithe sa bhliain 1856).

Bhí smaoineamh an dóire fhíorthábhachtaigh seo ag Robert Bunsen, ach ba é a chabhraitheoir teicniúil Peter Desaga a thóg is a thug chun foirfeachta é.

D'éirigh leis an dearadh Bunsen-Desaga lasair te, neamh-shúiche, neamh-lonrúil a ghiniúint, trí ghás le haer a mheascadh i mbealach rialaithe roimh dhóchán. Chruthaigh Desaga scoiltíní i gcomhair an aeir ag bun an chéad dóire sorcóireach, an lasair a lasadh ag an mbarr.

Faoin am a d'osclaíodh an foirgneamh go luath sa bhliain 1855, bhí caoga dóirí déanta ag Desaga do mhic léinn Bhunsen. D'fhoilsigh Bunsen cur síos ar an ndóire dhá bhliain níos déanaí, agus ghlac go leor dá chomhghleacaithe go luath leis an dearadh.

  1. Matt Hussey, Fréamh an Eolais, Coiscéim 2011