Riail an ochtréid
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Is riail cheimiceach nó treoir ghinearálta í riail an ochtréid, a léiríonn an teoiric go dtugann sé cobhsaíocht d’adamh nó d’ian 8 leictreon a bheith aige sa bhlaosc seachtrach, rud a thugann an chumraíocht leictreonach chéanna dó agus atá ag triathghás.
Fisiceoir agus ollamh Gearmánach in Ollscoil Duke ab ea Fritz Wolfgang London (7 Márta, 1900 – 30 Márta, 1954). Meastar go bhfuil a chuid inochur bhunúsaigh le teoiricí nasctha ceimicigh agus fórsaí idirmhóilíneacha (fórsa easraithe London) clasaiceach inniu agus pléitear iad i dtéacsleabhair chaighdeánacha ar an gceimic fhisiceach. In éineacht lena dheartháir Heinz London, chuir sé go mór leis an tuiscint atá againn ar airíonna leictreamaighnéadacha forsheoltóirí le cothromóidí London agus ainmníodh é don Duais Nobel sa Cheimic chúig huaire.
Tá a lán dúl ann - na miotail thrasdultacha ach go háirithe - nach féidir leo an t-ochtréad iomlán a bhaint amach ar aon nós. Mar sin, bíonn siad ag lorg struchtúir "leathchobhsaí" ina gcuid comhdhúl - go tipiciúil, sceall an ocht leictreon déag, nó an struchtúr "18 + 2" - is é sin, dhá leictreon ar an sceall is faide amuigh, agus ocht gcinn déag ar an dara sceall is faide amuigh..
Go bunúsach, is iad na neamh-mhiotail, na miotail alcaileacha agus na miotail chré-alcaileacha is dlúithe a chloíonn le riail an ochtréid.
Eisceachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá go leor idirmheánach imoibríoch éagobhsaí agus ní ghéilleann siad do riail an ochtréid. Cuimsíonn sé seo speicis cosúil le cairbéiní, tríhidreabórán chomh maith le saorfhréamhacha cosúil leis an fhréamh meitile (CH3) a bhfuil leictreon neamhdísithe aige i bhfithiseán neamhnascach ar an adamh carbóin, agus gan aon leictreon de ghuairne fritreomhar san fhithiseán céanna. Sampla eile is ea an fhréamh chlóirín a tháirgeann clórafluaracarbóin, ar eol dó a bheith díobhálach don chiseal ózóin. Is minic a imoibríonn na móilíní seo chun a n-ochtréad a chríochnú.
Ní leanann dúile mar an hidrigin, an héiliam, an litiam agus an beirilliam, riail an ochtréid, mar nach bhfuil ach dhá leictreon acu ina sceall seachtrach. Níl ach 6 leictreon ag an alúmanam agus ag an beirilliam in fluairíd alúmanaim AlF3 agus fluairíd beirilliam BFl3 faoi seach agus tá siad cobhsaí.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Khan Academy.Exceptions to the octet rule (físeán) https://www.khanacademy.org/science/ap-chemistry-beta/x2eef969c74e0d802:molecular-and-ionic-compound-structure-and-properties/x2eef969c74e0d802:lewis-diagrams/v/exceptions-to-the-octet-rule