Beirilliam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachBeirilliam

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach, púdar inlasta agus simple substance (en) Aistrigh
Beirilliam sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachBe
Uimhir adamhach4
Mais adamhach9.0121831
Cumraíocht leictreon1s² 2s² agus [He] 2s²
Peiriad, Grúpamiotal cré-ailcealach
peiread 2
Airíonna fisiceacha
Dlús1.85 kg/m⁻³
Leáphointe2,349 agus 1,278
Fiuchphointe4,532 agus 2,970
Leictridhiúltacht2
Ga ianach0.27 agus 0.45
Stair
AimsitheoirLouis Nicolas Vauquelin, Friedrich Wöhler agus Antoine Bussy
Fionnachtain1798
EapainmBeiril

Is é an beirilliam an ceann is éadroime de na miotail chré-alcaileacha, agus mar is dual do na miotail seo, is í an uimhir ocsaídiúcháin atá aige sna comhdhúile ceimiceacha ná +2. Nimh agus carcanaigin atá ann, agus tá comhdhúile an bheirilliam in ann damáiste tromchúiseach a dhéanamh do na scamhóga. Cé go bhfuil an beirilliam an-éadrom mar mhiotal, is féidir dearcadh air mar "throm-mhiotal" ó thaobh na tocsaineolaíochta de, ós rud é go bhfuil nimhiúlacht den chineál chéanna ag roinnt leis agus a shamhlaítear leis na trom-mhiotail.

Miotal liath sobhriste é an beirilliam, agus is sna cóimhiotail is mó a úsáidtear é. Ba iad Friedrich Wöhler agus Antoine Bussy ba thúisce a d'aonraigh beirilliam, thiar sa bhliain 1828. Roimhe sin, d'éirigh le Louis-Nicolas Vauquelin, sa bhliain 1798, ocsaíd bheirilliam a tháirgeadh.

Ní bhíonn an beirilliam le fáil go rófhlúirseach sa dúlra. Thairis sin, bhí sé ag dul rite leis na miotalóirí ar feadh i bhfad modh maith oibre a fhorbairt leis an mbeirilliam a dhí-ocsaídiú go miotal. Cuid mhór de na mianraí beirilliam, is seoda iad iontu féin agus praghas mór orthu, ar nós cloch mhuirghorm, smaragaid, beiril, agus araile.

Fuair an beirilliam a ainm ó bheiril, mianra sileacáite a bhfuil beirilliam ann. Is éard atá sa bheiril ná cioglaisileacáit alúmanaim agus beirilliam, Be3Al2(SiO3)6. Go bunúsach, níl dath ar bith sa bheiril, ach is minic a chuireann truailliú de chineálacha éagsúla dath éigin sa bheiril, agus bíonn ainmneacha difriúla ar na cineálacha éagsúla beirile de réir a ndathanna: morgainít (beiril phinc), bicsbít (beiril dhearg), cloch mhuirghorm (beiril ghorm), smaragaid (beiril uaine), góisinít (beiril ghlan nach bhfuil dath inti), beiril órga (beiril bhuí) agus heileadór (beiril atá idir eatarthu idir smaragaid agus beiril bhuí).

Amach ó na leaganacha éagsúla seo den bheiril, is mianraí tábhachtacha beirilliam iad an bheirtrindít (hiodrocsaíd sóraisileacáite an bheirilliam, Be4Si2O7(OH)2), an chrisibeiril (alúmanáit an bheirilliam, BeAl2O4), agus an fhéanaicít (ortaisileacáit an bheirilliam, Be2SiO4).

Is é 9Be an t-aon iseatóp cobhsaí amháin. Bíonn iarsmaí an dá iseatóp radaighníomhach úd 7Be agus 10Be ar fáil sa dúlra, agus iad ag teacht chun saoil faoi thionchar na radaíochta cosmaí.

Is dual don bheirilliam carnadh sna plandaí tobac, rud a chuireann leis an dochar a bhíonn sa tobac do na scamhóga.

Is é +2 an t-aon uimhir ocsaídiúcháin a bhíonn ag an mbeirilliam ina chuid comhdhúl.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]