Jump to content

Riail an ochtréid

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Riail an Ochtréid)
An nascadh i ndé-ocsaíd charbóin (CO2): tá gach adamh timpeallaithe ag 8 leictreon, ag comhlíonadh Riail an Ochtréid

Is riail cheimiceach nó treoir ghinearálta í riail an ochtréid, a léiríonn an teoiric go dtugann sé cobhsaíocht d’adamh nó d’ian 8 leictreon a bheith aige sa bhlaosc seachtrach, rud a thugann an chumraíocht leictreonach chéanna dó agus atá ag triathghás.

Fisiceoir agus ollamh Gearmánach in Ollscoil Duke ab ea Fritz Wolfgang London (7 Márta, 1900 – 30 Márta, 1954). Meastar go bhfuil a chuid inochur bhunúsaigh le teoiricí nasctha ceimicigh agus fórsaí idirmhóilíneacha (fórsa easraithe London) clasaiceach inniu agus pléitear iad i dtéacsleabhair chaighdeánacha ar an gceimic fhisiceach. In éineacht lena dheartháir Heinz London, chuir sé go mór leis an tuiscint atá againn ar airíonna leictreamaighnéadacha forsheoltóirí le cothromóidí London agus ainmníodh é don Duais Nobel sa Cheimic chúig huaire.

Tá a lán dúl ann - na miotail thrasdultacha ach go háirithe - nach féidir leo an t-ochtréad iomlán a bhaint amach ar aon nós. Mar sin, bíonn siad ag lorg struchtúir "leathchobhsaí" ina gcuid comhdhúl - go tipiciúil, sceall an ocht leictreon déag, nó an struchtúr "18 + 2" - is é sin, dhá leictreon ar an sceall is faide amuigh, agus ocht gcinn déag ar an dara sceall is faide amuigh..

Go bunúsach, is iad na neamh-mhiotail, na miotail alcaileacha agus na miotail chré-alcaileacha is dlúithe a chloíonn le riail an ochtréid.

Tá go leor idirmheánach imoibríoch éagobhsaí agus ní ghéilleann siad do riail an ochtréid. Cuimsíonn sé seo speicis cosúil le cairbéiní, tríhidreabórán chomh maith le saorfhréamhacha cosúil leis an fhréamh meitile (CH3) a bhfuil leictreon neamhdísithe aige i bhfithiseán neamhnascach ar an adamh carbóin, agus gan aon leictreon de ghuairne fritreomhar san fhithiseán céanna. Sampla eile is ea an fhréamh chlóirín a tháirgeann clórafluaracarbóin, ar eol dó a bheith díobhálach don chiseal ózóin. Is minic a imoibríonn na móilíní seo chun a n-ochtréad a chríochnú.

Ní leanann dúile mar an hidrigin, an héiliam, an litiam agus an beirilliam, riail an ochtréid, mar nach bhfuil ach dhá leictreon acu ina sceall seachtrach. Níl ach 6 leictreon ag an alúmanam agus ag an beirilliam in fluairíd alúmanaim AlF3 agus fluairíd beirilliam BFl3 faoi seach agus tá siad cobhsaí.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]