Róidiam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachRóidiam

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach agus púdar inlasta
Róidiam sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachRh
Uimhir adamhach45
Mais adamhach102.90549
Cumraíocht leictreon[Kr] 4d⁸ 5s¹
Peiriad, Grúpapeiread 5
Dúil Ghrúpa 9
Airíonna fisiceacha
Dlús12.41 kg/m⁻³
Leáphointe3,571
Fiuchphointe6,741
Leictridhiúltacht2.28
Ga ianach0.67, 0.6 agus 0.55
Stair
AimsitheoirWilliam Hyde Wollaston
Fionnachtain1803
Eapainmrose (en) Aistrigh

Ceann de na miotail i ngrúpa an phlatanaim is é an róidiam, Rh, dúil uimhir a 45. Ní bhíonn sé le fáil sa dúlra ach go tearc, go háirithe mar neamhghlaine i mianta an phlatanaim, an phallaidiam agus an óir. Ní áibhéil a rá go bhfuil an róidiam seacht n-oiread níos daoire ná an t-ór féin.

Níl ach aon iseatóp cobhsaí amháin ag an róidiam, mar atá, 103Rh, agus sin é an t-aon chineál róidiam atá le fáil go nádúrtha. Is é 101Rh an t-iseatóp radaighníomhach is fadsaolaí, ach ós rud é nach bhfuil an ceann sin féin ach trí bliana is ceithre mhí ar leathré, ní féidir teacht air sa dúlra.

Tá an róidiam an-díonta ar na hocsaídeoirí láidre a thuaslagaíonn an chuid is mó de na miotail lómhara féin. Ní dhéanann an t-aigéad nítreach dochar ar bith dó, agus ní oibríonn an aqua regia féin air mar a oibríonn sé ar an ór.

Úsáidtear an róidiam i dtiontairí catalaíocha na ngluaisteán - is é sin, sna gléis ghlanta a bhaineann cuid den truailliú de sceithgháis na bhfeithiclí. Is gnách an róidiam sna tiontairí seo a athchúrsáil, agus le fírinne, tá athchúrsáil an róidiam ag obair sách éifeachtach ar na saolta seo.

Tá tábhacht áirithe ag an róidiam sa tseodóireacht freisin, ach is annamh a dhéantar fáinní nó seodra eile as róidiam glan, nó is miotal crua righin é an róidiam - ní ghéillfeadh sé do bhuillí an chasúir - agus leáphointe sách ard aige fosta. Mar sin, níl sé furasta róidiam a shaoirsiniú go seodra. Go tipiciúil, cuirtear brat róidiam ar airgead geal nó ar ór geal le loinnir an róidiam a fhágáil ar an bhfáinne.

Is iad na huimhreacha ocsaídiúcháin is minicí a bhíonn ag an róidiam ina chuid comhdhúl ná +3, ach tá a lán staideanna ocsaídiúcháin eile aige freisin, +4 ach go háirithe, agus ceimic sách casta aige. Tá dhá ocsaíd ann ar a laghad, Rh2O3 nó an trí-ocsaíd déróidiam (uimhir ocsaídiúcháin: +3), agus RhO2 nó dé-ocsaíd an róidiam (uimhir ocsaídiúcháin: +4). I gcomhdhúile coimpléasca de chuid an róidiam, is féidir gurb í an staid fhoirmeálta ocsaídiúcháin atá ag an róidiam ná 0, nó bíonn an t-adamh róidiam timpeallaithe ag lioganna ar féidir teacht orthu ina móilíní neamhspleácha freisin. Sampla de seo is ea Rh4(CO)12.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]