Platanam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachPlatanam

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach
Platanam sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachPt
Uimhir adamhach78
Mais adamhach195.084
Peiriad, Grúpapeiread 6
Dúil Ghrúpa 10
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Leictridhiúltacht2.28
Ga ianach0.6, 0.8 agus 0.63
Stair
AimsitheoirIúil Caesar Scaliger agus Antonio de Ulloa
Fionnachtain1557
Eapainmairgead

Is é an platanam dúil a 78 i dtábla peiriadach na ndúl, agus is é an tsiombail a sheasann dó i bhfoirmlí ceimiceacha ná Pt. Fuair sé a ainm ó na conquistadores Spáinneacha a bhí ag creachadh Mheiriceá Theas ar lorg óir agus airgid ghil, agus ba nós leo platina nó "airgidín", "airgead beag" a thabhairt air. Ar dtús, níor thuig siad gur miotal luachmhar a bhí ann. Inniu, áfach, tá an-ráchairt ar an bplatanam, nó tá sé chomh húsáideach agus atá sé tearc sa dúlra. Úsáidtear é i ndéantús na soithí saotharlainne agus i gcatalú na n-imoibrithe ceimiceacha, nó tá sé suaithní ar fad chomh réidh is a ólann sé isteach hidrigin. Thairis sin, tá sé níos oiriúnaí don tseodóireacht ná miotail eile an ghrúpa.

Miotal geal é an platanam, agus is furasta é a shaoirsiniú, cosúil leis an ór. Ar nós na miotal platanamchosúil go léir, tá sé iontach trom, 21.45 g/cm3 ar dlús. Tá sé díonta go leor ar a lán ocsaídeoirí, ach tuaslagann an t-aqua regia (meascán an aigéid nítrigh agus an aigéid hiodraclóraigh) é, mar a thuaslagann sé an t-ór. Nuair a imoibreoidh an platanam leis an aqua regia, déanfar ian coimpléascach, heicseaclóraphlatanáit, de (PtCl62-) - is í an uimhir ocsaídiúcháin atá ag an bplatanam san ian seo ná +4.

Tá an platanam nádúrtha comhdhéanta as sé iseatóp: Pt-190 (0.014 % de phlatanam an dúlra), Pt-192 (0.782 %), Pt-194 (32.967 %), Pt-195 (33.832 %), Pt-196 (25.242 %), agus Pt-198 (7.163). Raidiseatóp é Pt-190, an ceann is teirce acu, nó tagann alfa-mheath air, agus é ag claochlú go hoismiam. Tá leathré chomh fada aige agus gur féidir neamhshuim a dhéanamh dá radaighníomhaíocht - 650,000,000,000 bliain. Le fírinne, is dócha go bhfuil Pt-198 radaighníomhach freisin, ach tá a leathré i bhfad níos faide fós, ionas gur féidir dearcadh air mar núiclíd chobhsaí.

Dúil iontach tearc é. Is é tiúchan an phlatanam i screamh an Domhain ná 0.005 milliúnú cuid. Go tipiciúil bíonn sé ar fáil mar mhiotal, nó mar chóimhiotal leis na dúile eile sa ghrúpa chéanna, an t-iridiam ach go háirithe. Fosuithe gláracha a bhíonn i gceist ansin, is é sin, d'fhág uiscí triomaithe na hiarsmaí platanaim seo ina ndiaidh fadó. Tá na fosuithe sa Cholóim, Meiriceá Theas, á n-oibriú ó na laethanta roimh Chríostóir Colambas anuas, agus platanam fágtha iontu i gcónaí. Fosú tábhachtach eile atá i Sléibhte na hÚraile sa Rúis. Tá speirílít - comhdhúil na harsanaice agus an phlatanaim - ar fáil i gCeanada, i gcráitéar Sudbury, Ontario. Mianra platanaim í an chúipéirít atá comhdhéanta as suilfídí an phlatanaim agus na miotal gaolmhar - mianra tearc é ach tá sé le fáil sna fosuithe i gCúige Gauteng, timpeall ar Pretoria san Afraic Theas. Ansin atá na fosuithe is saibhre platanam ar fud an domhain.

Is iad na huimhreacha ocsaídiúcháin is tábhachtaí ná +2 agus +4, ach go ginearálta, is dúil thámh í nach bhfuil araiciseach chun imoibriú leis na dúile eile. Úsáidtear an cis-phlatanam, comhdhúil choimpléascach ina bhfuil dhá mhóilín amóinia agus dhá adamh clóirín nasctha den adamh platanaim i lár an iomláin, - úsáidtear an chomhdhúil seo sa cheimiteiripe leis na cealla ailse a mharú.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]