Réalteolaíocht dhomhanda

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ó 1970 nó mar sin tá an réalteolaíocht a bhí bunaithe ar theileascóip optúla ar dhromchla an Domhain imithe i léig. Bhí an t-atmaisféar—gnéithe éagsúla na haimsire, suaiteacht is truailleáin san aer, soilse cathrach is eile — ag cur isteach a bheag nó a mhór ar éifeacht na dteileascóp seo, ag cur le hiomrall na n-íomhánna a fuarthas is ag táireadh a ngéire. Ag an am céanna bhí spásteileascóip ag teacht chun cinn, ag seachaint na bhfadhbanna seo is ag tabhairt íomhánna den scoth. Rinne spásteileascóp Hubble obair iontach chun íomhánna géara de na pláinéid is an spéir i gcoitinne a chur ar fáil, agus rinne sé seo athruithe bunúsacha ar an réalteolaíocht. Mar sin féin, tá dhá fhorbairt á gcur i bhfeidhm ar na seanteileascóip chun a dtorthaí a dhéanamh inchurtha le híomhánna spásteileascóp Hubble, fiú. Tá tógáil na scáthán ollmhór is gá sna gnáth-teileascóip i bhfad níos saoire anois ná sna 1980idí, fiú. In ionad scannáin grianghrafadóireachta chun na híomhánna a ghlacadh tríd an bpróiseas mall a bhíodh in úsáid, baintear feidhm as córais leictreonacha, ceamaraí luchtchúpláilte is ríomhairí. Is féidir na híomhánna a ghlactar a phróiseáil chun iomraill éagsúla a cheartú, agus na híomhánna deiridh a fháil go tapa. Déantar íomhánna ó scata teileascóp a mheascadh go comhuaineach ach an fad eatarthu a chur san áireamh, agus faightear íomhánna níos feabhsaithe fós. Is féidir sonraí a fhaightear ó radaiteileascóip a úsáid chun na híomhánna a phróiseáil. Mar sin, tá athnuachan faoi lánseol sa réalteolaíocht dhomhanda agus ré úr tuartha don saothar seo.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Réalteolaíocht dhomhanda". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 553.