Athnuachan
| Cineál | saothar liteartha |
|---|
Úrscéal Gaeilge de chuid an scríbhneora Éireannaigh Máirtín Ó Cadhain é Athnuachan. Bronnadh duais Oireachtais air sa bhliain 1951, ach fágadh gan foilsiú é go dtí 1995 uair a d'fhoilsigh Coiscéim é. Breandán Ó Doibhlin a chuir in eagar. Is le hIontaobhas Uí Chadhain an cóipcheart.
Úrscéal é a scríobhadh timpeall an ama chéanna a scríobhadh Cré na Cille. Is cosúil nár theastaigh ón gCadhnach go bhfoilseofaí an t-úrscéal le linn a shaoil ar an uair gur bhunaigh sé an príomhcharachtar ann, Beartla Mór, ar a uncail féin. Baineann an scéal le fear galareaglach a shíleann go bhfuil galair iomadúla air, agus téann stócaigh na comharsanachta i dtír air ag moladh gach leigheas faoin spéir dó, gach ceann acu níos áiféise ná an ceann roimhe. Tá an greann agus an trua ina orlaí tríd.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol faoi leabhar nó litríocht é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |