Plinias Óg
![]() ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | c. 61 Como ![]() |
Bás | 113 ↔ 114 51/52 bliana d'aois an Bhitín ![]() |
Seanadóir de chuid na Sean-Róimhe | |
Caestóir | |
Consul suffectus (en) ![]() | |
Praetóir | |
Treabhann na bpleibeach | |
Gobharnóir Rómhánach | |
![]() | |
![]() | |
Áit chónaithe | Villa Commedia (en) ![]() Lierna Loch Como |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | An tSean-Róimh ![]() |
Gairm | scríbhneoir, saighdiúir, feidhmeannach, saineolaí dlí, staraí, file, dlíodóir, polaiteoir, státseirbhíseach ![]() |
Tréimhse ama | Ard-Impireacht na Róimhe |
Mac/iníon léinn de chuid | Lucius Verginius Rufus, Cuintilian agus Plinias Mór |
Teangacha | An Laidin |
Saothar | |
Saothar suntasach | |
Teaghlach | |
Céile | stepdaughter of Veccius Proculus (en) ![]() iníon Pompeia Celerina (–96), bás Calpurnia (103–) ![]() |
Athair | luach anaithnid agus Plinias Mór agus Plinia Marcella |
Duine muinteartha | Plinias Mór (uncail) ![]() |
![]() ![]() ![]() ![]() ![]() |
Ba dhlíodóir, údar, agus ghiúistís na Sean-Róimhe é Plinias Óg (Laidin:Gaius Plinius Caecilius Secundus) (61 AD- ca. 112 AD), a rugadh Gaius Caecilius nó Gaius Caecilius Cilo. Chabhraigh uncail Phlinias, Plinias Mór, le tógáil agus oiliúint a nia agus bhí siad araon mar fhinné ar bhrúchtadh na Veasúive ar 24 Lúnasa 79 AD.
Duine suaitheanta é Plinias Óg mar gheall ar a chéadta litreacha a mhaireann go fóill, atá ina bhfoinse luachmhar stairiúil don tréimhse. Tá go leor acu seolta chuig impirí nó daoine tábhachtacha cosúil leis an staraí, Tacitus. Ba dhuine suntasach féin é Plinias, agus é ina ghiúistís impiriúil faoi Tráian (Laidin:Marcus Ulpius Nerva Traianus Augustus ) (réimeas AD 98-117). Measadh gur fear macánta agus measartha é Plinias agus fuair sé céimeanna níos airde trí shraith de oifigí Impiriúla idir sibhialta agus míleata, an cursus honorum (féach thíos). Ba chara an staraí Tacitus é agus d'fhostaigh sé an beathaisnéisí Suetonius ina bhfoirne. Tháinig Plinias freisin i dteagmháil le go leor fir-aitheanta eile den tréimhse sin, lena n-áirítear na fealsaimh Artemidorus agus Euphrates le linn a chuid ama sa tSiria.