Plé úsáideora:ÉÓG1916

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Conás atá tu?

Chan eil ach beagan ghaeilge agam, leis gur e Albanach a th'annamsa fhìn. Is fìor thoil leamsa do chuid obrach air na duilleagan seo. Tha mi an sàs ag eadar-theangachadh na duileagan sin bho Spàinntis gu Gàidhlig. Lean ort a' charaid!!

User:Allmhurach

Liosta ceimiceoirí[athraigh foinse]

Cá fuair tú an eolas ar Liosta ceimiceoirí? Mar rugadh Emil Abderhalden san Eilvéis dar le Vicipéod Béarla, ach scriobh tú is Ceimiceoir Gearmánach é? Iolar 18:37, 19 Meán Fómhair 2005 (UTC)[reply]

Fuair mé( cóip mé) an t-eolas seo ón leathanach http://gd.wikipedia.org/wiki/Ceimeagairean_Ainmeil.
Tá ceartúchán deanta agam ar an leathanach seo!
Go raibh maith agat as an botún seo a thabhairt faoi deara.
Éamonn—Scríobh an t-úsáideoir Éóg1916 (plédréachtaí) an trácht roimhe seo, ach bhí síniú in easnamh.

Hi there are limited articles on animals and plants and I have limited Irish as shown by my typing in English. anon.—Scríobh an t-úsáideoir 143.239.192.58 (plédréachtaí) an trácht roimhe seo, ach bhí síniú in easnamh.

íomhánna[athraigh foinse]

Má maith leat íomhánna a cur ar lgh. cuir [[Íomhá:sample.jpeg]] síos, tá sé nios fearr ná nasc. .i. cuir [[Íomhá:wiki.png]] in áit http://ga.wikipedia.org/wiki/Íomhá:Wiki.png —Scríobh an t-úsáideoir Iolar (plédréachtaí) an trácht roimhe seo, ach bhí síniú in easnamh.

Cé thú? —Scríobh an t-úsáideoir Éóg1916 (plédréachtaí) an trácht roimhe seo, ach bhí síniú in easnamh.

Ní thuigim cén fáth chruthaigh tú an Cheimic nuair atá Ceimic a cruthaithe. Is feidir leat athseoladh a chruthú. msh. Cuir #redirect [[Ceimic]] ar an lgh. - Iolar 12:57, 29 Meán Fómhair 2005 (UTC)[reply]

Maidir le "Ní thuigim cén fáth chruthaigh tú an Cheimic nuair atá Ceimic a cruthaithe. Is feidir leat athseoladh a chruthú. msh. Cuir #redirect Ceimic ar an lgh. - Iolar 12:57, 29 Meán Fómhair 2005 (UTC)"

Tugann Graiméar Gaeilge na mBráithre Criostaí le fios faoi úsáid an ailt.. "Roimh ainm teibí agus roinnt ainmfhocal eile más le brí fhorleathan a úsaidtear iad; tá an radharc go holc aige; togha na sláinte; saol an duine; gairm an tsagairt.( Tag Caibidil vii, 102 )

Tugann 'Gearóid Stockman' le fios i 'Cruinneas Gramadaí agus Corrfhocal Eile'... " Cad é faoin cheist eile mar sin? Ar chóir Francais , Stair etc a scíobh ar chlár ama scoile nó An Fhrancais, An Stair ...? Is féidir ceachtar acu seo a rá: Tá mé ag foghlaim na hIodáilise; Tá an Iodálais á theagasc sa scoil sin nó Tá mé ag foghlaim Iodáilise; Tá Iodáilis á teagasc sa scoil sin. Níl dhifear eatarthu ach gur ar an ábhar i gcoitinne atá an bhéim sna chéad chinn agus ar ghné den ábhar ata an bhéim sna cinn eile. Bheadh ceachtar acu ceart ar chlár ama ach, le spás a shábháil, is fearr na cinnn gan alt."

Nach bhfuil 'an ábhar i gcoitinne' i gceist againn san Vicipéid? Mar mhúinteoir, ceapaim go bhfuil sé tábhtachtach an t-alt a thaispeáint mar bíonn fáil ar insce an fhocail go huathoibrioch ag an dalta !

Nil easpa spáis i gceist againn ar Vicipéid ach a mhalairt.

  • Is scéal ar leith é conas mar a úsáidfear an alt sna teidil - pléimis é sin ag an Halla baile. Ach bhíodh alt ann cheana féin maidir leis an gCeimic. Má tá alt ann cheana féin, ní gá duit alt nua a chruthú chun é a hathainmniú. Tar éis cúpla lá, cumasófar an cnaipe "athainmnigh" ar do chuntas, agus ansin ba féidir leat an leathanaigh a hathainmniú go huathoibhríoch, le gliogáil ar cnaipe. Ach gan leathanaigh ar leith a chruthú, más é do thoil é! --Gabriel Beecham 15:02, 1 Deireadh Fómhair 2005 (UTC)[reply]

Good Afternoon ÉÓG1916!

Could you please write a stub http://ga.wikipedia.org/wiki/Auckland_Grammar_School - just a few sentences based on http://en.wikipedia.org/wiki/Auckland_Grammar_School? Just 2-5 sentences would be sufficient enough. Please. --Per Angusta 05:04, 15 Iúil 2007 (UTC)[reply]

Preview button, images and "redirects"[athraigh foinse]

Haigh, a hÉÓG1916. Go raibh maith agat as do chuid iarrachtaí. Tá jab maith déanta agat le Frank Whittle, srl. Tá cúpla focail chomhairleach (cairdiúil) agam duit:

  1. Agus ag déanamh athruithe do alt éigin, an bhféadfaidh tú an cnaipe 'réamhamharc' a úsáid níos minicí in áit an cnaipe "sábháil" a bhrú arís is arís? Mar sin, beidh na leathanaigh staire agus leathanach na n-athruithe is déanaí níos soiléire. (Among other benefits as noted here here, and (by parody) here :).
  2. Agus Íomhánna a chur isteach ón "Commons", níl aon ní iad a ath-Uaslódáil. If it's in Commons, you can link it here, just by adding the reference. (As you would for any image). You don't need to upload a duplicate.
  3. Agus - ar deireadh - if you make a mistake with a name, don't recreate the same article again. Hit the "Athainmnigh" (rename) button, and "move" your article to a new name. Otherwise there will be multiple versions, and people won't know which one is the right one to edit!

GRMA agus beir bua! Guliolopez 20:19, 18 Lúnasa 2007 (UTC)[reply]

Uploading images[athraigh foinse]

Mise arís.

Mar a tá thuasluaite, before you upload images, please consider looking in Commons first. The images you loaded for the first Turbojet aircraft already had equivalents in Commons. (Including one exact copy). See: [1] [2] and [3]. You can "link" these from articles on the GA project without having to re-upload.

The advantage with this is that (A) you don't have to upload, (B) we avoid dupes, and (C) you avoid any copyright issues. Per en:WP:Images:

All images on Wikipedia must comply with the image use policy. This means that they must be compatible with the conditions of the GNU Free Documentation License. In particular, images must be free for commercial use and alteration. Some fair use of copyrighted material is, however, allowed in limited circumstances.

The project COULD therefore get in legal trouble if the images uploaded aren't "Kosher" from a copyright perspective. (Hence - given that no sources or copyright status was provided - I'm afraid I've had to flag your uploads with the relevant template.) To avoid all this, consider using images from commons (as they may be "safer" from a copyright perspective). Only if you can't find an appropriate one there, should you consider uploading your own. And even then, you need to provide source, copyright status and detail.

Keep up the good work. (Ach bí cúramach) Guliolopez 15:11, 19 Lúnasa 2007 (UTC)[reply]

Vicífhoclóir[athraigh foinse]

Haigh. Just a short note to mention that the Irish language wiktionary is undergoing somewhat of a revival now and I was wondering if maybe you'd like to join up and contribute. Nasc anseo. Maith agat! :) - Alison 21:58, 28 Meán Fómhair 2007 (UTC)[reply]

Comhairle cairdiúil[athraigh foinse]

A Éamoinn. Please don't degrade the brilliant work you've done til now by using the project as a soapbox. Or by disrupting the project to make a point. Tá jab maith déanta agat go dtí seo. San "mí-úsáid" sin, is dócha go mbeadh mórdhíobháil déanta agat. Guliolopez 15:50, 16 Márta 2008 (UTC) formation of the vocative:[reply]

Go raibh maith agat, a Ghulío. Cheap mé go mbeadh suim agat sa mhéid seo a leanas faoin Tuiseal Gairmeach URL: http://www.nualeargais.ie/gnag/gram.htm

e.g.

  • a Éamoinn = Éamonn! (níl an sampla seo ann)
  • a Sheáin = Seán!
  • a amadáin = Idiot!

Éóg1916 11:24, 22 Márta 2008 (UTC)[reply]

Soccer Articles[athraigh foinse]

Should i create articles like mad or should I only do like one a day?All of them would be stubs,but of course people could add to it.--Manuevertonliverpool 20:42, 26 Aibreán 2008 (UTC)[reply]

Hi "Manuevertonliverpool". I might answer that one if you don't mind. Please don't create "articles like mad". It would be more helpful to improve the 20 or so you've already created before creating more. Please considering going back to those that you've created, and:
  • inserting the missing fadas, accents and other punctuation. (EG: Rio Ferdinand - has no accents).
  • correcting any general syntax, grammar or other issues. (EG: Michael Carrick - "Carrick.Imrionn" has no spaces or accents)
  • adding interwiki links to the English project at least. (Again for Michael Carrick, this would involve adding: "[[en:Michael Carrick]]" at the end of the article.)
  • adding stub templates to each of the footballer stubs. (Again for Michael Carrick, this would involve adding: "{{Stumpa-peileadóirsacair|Carrick, Michael}}" at the end of the article.)
Once you've done all this, you might consider adding images to the articles you've created. DO NOT UPLOAD ANY. But consider searching for them on commons and linking them there.
See the Ivan Campo article for an example of a simple stub which has all these things.
Please do all this before creating any more articles. Thanks. Guliolopez 21:03, 26 Aibreán 2008 (UTC)[reply]

Mangosuthu Buthelezi[athraigh foinse]

Hi Eamonn. What images are you trying to add for Mangosuthu Buthelezi? The images you have linked don't exist here, or on commons, so you can't link them the way you are trying to. Besides which, the label is in luxembourgish or something... Guliolopez 20:34, 17 Iúil 2008 (UTC)[reply]

A Ghulio, a chara,
Féach ar an url seo a leanas; http://lb.wikipedia.org/wiki/Mangosuthu_Gatsha_ButheleziÉóg1916 06:32, 18 Iúil 2008 (UTC)[reply]
Ceart go leor. Feicim an íomhá seo anois. Dála an scéil áfach, níl an íomhá seo ar fáil ar an tionscadal seo. Tá sé ar fáil ag an LB wiki amháin. Ba chóir íomhá a bheith uaslódáilthe anseo nó ag an "Cómhaoin Viciméide" chun úsáid a bhaint as ar an GA wiki. Má tá sé i gceist agat an íomhá a chur isteach anseo, machnaigh ar an "ceadúnas" a gcuirfeá ar. (It looks like the user uploaded it on the LB project as "GFDL", but it's clearly a "photograph of a photograph", and I couldn't be sure that it's 100% correct in terms of licencing as a result). Guliolopez 09:00, 18 Iúil 2008 (UTC)[reply]

Seon Shasana?[athraigh foinse]

Haigh, a hÉÓG1916. An bhfuil réamhshampla ar fáil don ainm sin? Bhí "consensus" ann cheana chun "Eoin" a úsáid. (I don't think I've ever heard "Seon" used as a historical replacement for John before). Guliolopez 16:47, 3 Lúnasa 2008 (UTC)[reply]

Tá sampla ar fáil sa leabhair 'Stair na hÉireann sa Mheán-Aois 1086-1513'(i gcló sa bhliain 1956) le Éamonn Cúirtéis, MA Litt D, Leagan Gaeilge le Tomás de Bhial.Éóg1916 20:16, 6 Lúnasa 2008 (UTC)[reply]
Tá an "Rí Seon Shasana" ag 'Fócas ar an Stair', lth.87, ag An Gúm, an Leagan Gaeilge ag 'Foras na Gaeilge'! Éóg1916 18:05, 11 Lúnasa 2008 (UTC)[reply]

A EOG1916, GRMA as ucht na ceartúcháin. Sin an chaoi a bhogann muid ar agaidh. DaithíÓ 08:12, 25 Lúnasa 2008 (UTC)[reply]

Cabhair? (English banner ad)[athraigh foinse]

Tá cabhair/aistriúcháin ag teastáil anseo: meta:Fundraising_2008/core_messages/ga. (Má tá cúpla nóiméad agat) Guliolopez 15:35, 7 Samhain 2008 (UTC)[reply]

Hipirtíoróideacht[athraigh foinse]

GRMA as do theachtaireacht. Tá freagra ar an leathanach Plé:Hipirtíoróideacht Tameamseo 21:55, 21 Mí na Nollag 2008 (UTC)

Haigh Éamonn. Is dócha go mbeadh tú in ann cabhair a thabhairt dom. Tá dán éigin uaim. Tá an teideal (agus an údar) dearmadta agam. Cheapaim gur bean a chum, ach nílim cinnte. (Ní Direáin is dócha?). Anyway, is iad na línte atá cuimhnithe agam cosúil le: "Saol an chipín ag dul le sruth, saol an néil éagruthaigh"... Is é an téama ná an t-am ag sleamhnú thart (ar nós craobhóg le tsrutha). An bhfuil aithne agat air? Guliolopez 14:05, 13 Meitheamh 2009 (UTC)[reply]

Ar an drochuair, níl a fhios agam! Cuirfidh mé ceist ar chara liom faoi. Éóg1916 10:05, 14 Meitheamh 2009 (UTC)[reply]

Túr Eiffel[athraigh foinse]

Túr Eiffel a bheadh agamsa - ní fhaca / níor chuala mé "an túr Eiffel" roimhe seo. Nach ainmfhocal dílis é Eiffel atá sa tuiseal ginideach? Rí Shasana, Duais Nobel, Túr Eiffel seachas "an Rí Shasana", "an Duais Nobel", "an Túr Eiffel"? Tameamseo 22:18, 5 Lúnasa 2009 (UTC)[reply]

Sea, is ainmfhocal dílis é 'Eiffel' ! Má fheiceann tú ar na samplaí thíos luaite, b'fhéidir go mbeadh tuairimí eile agat faoin gceist seo;

  • De réir a chéile tháinig An Túr Eiffel romhainn ó chúl na gcrann agus na bhfoirgneamh.

http://www.irishnews.com/anteolas.asp?catid=5794&subcatid=5795&sid=624198

  • Bhí bratach ghorm an AE ar foluain go hard i bPáras is an Túr Eiffel faoi shoilse i ndathanna an AE an chéad lá d' Uachtaránacht AE na ...

http://ec.europa.eu/news/eu_explained/080703_1_ga.htm

  • Thug muid cuairt ar Pháras ar an bhealach ar ais agus chonaic muid an Túr Eiffel, ar ndóigh. Is breá liom an Fhrainc! An bhliain seo chugainn, ...

http://www.bbc.co.uk/schools/gcsebitesize/irish/writingh/holidays_rev5.shtml

(b) An ndeachaigh an cainteoir suas go barr an Túr Eiffel? Cad chuige? ... (e) Cad chuige ar roghnaigh an cainteoir dul go dtí an Túr Eiffel Oíche Chinn ... http://www.rewardinglearning.org.uk/docs/specimen/GCE_Irish_SP_MS.pdfÉóg1916 11:56, 26 Meán Fómhair 2009 (UTC)[reply]

I nGaeilge, ní úsáidtear alt roimh ainmfhocal má leanann ainmfhocal eile sa tuiseal ginideach é. Droch-Ghaeilge a bheadh ann. Samplaí: an phríomhchathair, príomhchathair Shasana, an teach, teach Uí Cheallaigh, an t-uachtarán, uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, an duais, Duais Nobel, Mar sin, más ainmfhocal dílis sa tuiseal ginideach é Eiffel, ní maith liom an t-alt. Samplaí [4] [5] [6] An dtuigeann tú anois?

Tameamseo 18:18, 1 Deireadh Fómhair 2009 (UTC)[reply]

Request for Help[athraigh foinse]

Greetings,

Could you kindly help me fix the grammar mistakes of this article into the proper Irish language? please.

Your help would be very Gratefully appreciated, Thankyou very much. --Jose77 22:58, 12 Deireadh Fómhair 2009 (UTC)[reply]

Translation[athraigh foinse]

Hello. Could you translate some words into Irish to help with localization of your Wikipedia?

  • Robot -
  • Adding -
  • Modifying -
  • Removing -

Thank you! Hugo.arg 12:25, 7 Mí na Samhna 2009 (UTC)

Image templates[athraigh foinse]

Hi Eamonn.

Can you please please try and add some licensing information when you upload your own images? You can copy and paste the below if it makes it easier.

  ==Achoimre==
  * Tuairisc: Image
  * Cur síos: "Thóg mé seo le déanaí, tá sé saor"
  * Údar: [[Úsáideoir:Éóg1916]]

 ==Ceadúnas==
 {{CC-3.0|[[Úsáideoir:Éóg1916]]}}
 

(I can't keep updating the license info on images you've uploaded. Not least because I'm guessing as to the license you intended. I'll really have to start deleting stuff). Guliolopez 17:53, 30 Mí na Samhna 2009 (UTC)

Argóint / Díospóireacht / Plé[athraigh foinse]

A Éamoinn, a chara! Ní maith liom an saghas caidrimh atá ann eadrainn ar chor ar bith. Just, ní maith liom nuair atá daoine ag cur ceisteanna orm faoi mo dhúchas. Is Éireannach mé, agus tá mé an bhródúil as. Bhí Gaeilge i mo theaghlach nuair a raibh mé i m'óige, ach ní raibh suim ar bith agam sa teanga nuair a raibh mé sa scoil. Tar éis na scolaíochta agam chuaigh mé go Coláiste na Tríonóide. D'fhóghlaim mé an Rúisis agus caith mé seal sa Rúis. Nuair a bhí mé ann thosaigh mé arís ag foghlaim an Ghaeilge. Ach, níl mórán cleachtadh agam í a scríobh. Tuigim gach rud uile atá ann sa Ghaeilge - an teanga scríobhtha, agus ó béal, agus is féidir liom comhrá a dhéanamh as Gaeilge gan fhadhb ar bith. Só, nuair atá duine ag rá nach bhfuil Gaeilge mhaith agam, tagann fearg orm. Is é sin m'fhadhb, agus caithfidh orm rud a dhéanamh chun é sin a cheartú. Gabh mo leithscéal ar a shon sin.

Dhá bhliain ó shin, thosaigh mé ag foghlaim Gaeilge Mhanann, agus tá suim mhór agam i gcúrsaí Manannacha. Thosaigh mé ag léamh mórán léachtanna, leabhair, srl. faoin Ghaeilge atá á labhairt i Manainn, agus gach ceann a bhfuil scríobhtha ag Éireannaigh, bíonn siad ag magadh faoin Ghaeilge i Manainn, agus iad ag rá nach bhfuil sa teanga sin ag droch-Ghaeilge (féach ar an leabhar "Irish Dialects Past and Present" le T. F. O'Rahilly). Is teangeolaí mé agus tá a lán staidéar déanta agam faoi ábhar Ghaeilge Mhanann. Dúirt an Raithealach gur cac-theanga atá inti agus go bhfuil "some of the Manx that has been printed is merely English disguised in a Manx vocabulary." Ach níl an saghas taithí agam agus mé ag léamh ailt nó rudaithe i nGaeilge Mhanann. Sea, tá rudaithe le fáil agus iad scríobhtha i ndroch-Ghaeilge, ach tá an rud céanna le feiceáil anseo in Éirinn chomh maith. An córas scríobhtha atá ag na Manainnigh ar son a dteanga, bhí sé á úsáid in Albain chomh maith, ach theip ar an chóras "Manannach" ann. Tá na Manainnigh fhéin fíor bhródúil as a gcóras scríobhtha. Bhí saghas "reifrinn" acu blianta go leor ó shin (ní chuimhin liom cathain, ach cur ceist ar Brian Stowell son tuile eolais faoi) faoin ortagrafaíocht. An rogha - ortagrafaíocht níos Gaelaí, nó an ortagrafaíocht atá ann ón 16ú haois. Agus b'í an ortagrafaíocht Mhanannach a raibh roghnaithe acu. Sea, tá gaoil agus cosúlachtaí móire idir an Ghaeilge i Manainn agus na teangacha Gaelacha eile, ach tá difríochtaí móire ann freisin (gramadach eile, focail eile, díchlaonadh eile, agus, uaireanta, suíomh focal eile). Dúirt tú go b'fhearr le roinnt duine (tú féin ina measc) teanga chaighdeánaithe a chruthú do na teangacha Gaelacha - ach féach ar an Fhraincis. Tharla an rud céanna léi sa 18ú agus sa 19ú haoiseanna, agus anois, de réir an pholasaí sin, tá an Ocsatáinis, an Vallúnais, agus an Chatalóinis sa Fhrainc beagnach marbh anois, agus Fraincis Pháras ina n-áit. Tá súil agam nach dtarlóidh an rud céanna leis an Mhanainnis.

Faoi logainmneacha - caithfidh orainn cloí leis an pholasaí ata againn ar an Vicipéid. Is é sin - No Original Research. Tá an Vicipéid bunaithe ar an pholasaí sin. Cialaíonn sé sin go gcathfimid gabh le leagan Gaeilge nuair atá leagan ann. Mura bhfuil leagan Gaeilge ann, caithfidh orainn cloí leis an leagan dúchais .i. i nGaeilge na hAlban, i nGaeilge Mhanann, sa Rúisis, sa Fhraincis, srl., agus ní leis an leagan níos coiteanta (leagain Bhéarla) i nGaeilge na Gaeltachta (m.s. baineann lucht na Gaeltachta úsáide as Munich in áit München, ach tá an t-alt againn liostaithe faoin leagan Gearmáinise. Má táimid ag déanamh aistriúcháin agus ag baint úsáide astu mar theidil leathanach, cén fáth nach bhfuil bailte leithéad as Нижний Новгород liostaithe faoin logainm "An Baile Nua Íseal"? Mar aon leis sin, is é is polasaí na Vicipéide tagairtí a thabhairt do phointí eolais, ach chan fhuil cead againn úsáid a bhaint as an Vicipéid mar fhoinse nó mar thagairt. Cén fáth? Bhuel, uaireanta bíonn rudaithe atá scríobhtha ar an Vicipéid scríobhtha gan fhoinsí, gan thagairtí, gan fhianais. Agus, is ciclipéid oscailte í an Vicipéid. Cialaíonn sé sin gur féidir liom dul chuid leathanach agus ábhar an leathanaigh a athrú. Má tá duine ag baint úsáide as an leathanach sin (X) mar fhoinse in alt eile (Y), is féidir go bhfuil na pointí a raibh luaite aige le tagairtí in alt X scriostha ón leathanach tagartha (Y) tar éis chruthaíocht an chéad leathanaigh. Só, tuigim go bhfuil sé ar thuairim agat go bhfuil Port na hInse níos fearr ná Purt ny h-Inshey, ach mura bhfuil tagairtí ann don leagan sin, chan fhuil cead againn an leagan sin a úsáid. Ach, is féidir linn aistriúchán a luaigh taobh istigh den alt, agus is cleachtadh maith é sin. --MacTire02 10:07, 8 Bealtaine 2010 (UTC)[reply]

A Bhriain, a chara, An fáth gur bhain mé úsáid as an leagan 'Port na hInse' ná go raibh mé ag scríobh i nGaeilge na hÉireann agus toisc go raibh an leagan sin sean-bhuniathe sa chanúint sin, níor cheap mé go raibh 'taighde bunaidh' i gceist. Bheadh 'Purt ny h-Inshey' ceart i gcomhthéacs gv mar sin! Toisc go bhfuil an 'Vicipéid gd' scríofa mar an gcéanna leis an 'Vicipéid ga', ceapaim gur ceart gan aon athrú a dhéanamh uirthi ach amháin ar na comharthaí diaicritice. Scéal faoi leith é áitainmheacha ón iasacht! (Féach: http://en.wikipedia.org/wiki/Exonym_and_endonym)Éóg1916 09:06, 10 Bealtaine 2010 (UTC)[reply]
Caithfidh ar gach leathanach sa vicipéid a bheith liostaithe faoi ainm coiteanta nó ainm oifigiúil. Cás ar leith iad logainmneacha. Is féidir linn aistriúcháin a chruthú don bhitheolaíocht, don tíreolaíocht, don réalteolaíocht, don stair, srl. agus úsáid a bhaint astu mar theidil alt, ach níl cead againn leagain a chruthú do logainmneacha. Is féidir linn taispeáin taobh istigh den alt carbh as an logainm, cad a chialaíonn sé, agus mar sin de, ach mar theideal - níl cead againn. Áitainmneacha ón iasacht - ábhar suimiúil é seo. I mo thuairim, is féidir linn aistriúcháin a dhéanamh díreach ón teanga atá i gceist má tháinig an logainm as an Ghaeilge (chan fhuil sampla agam díreach anois). Ach, cás ar leith é "Purt ny h-Inshey". Nuair a raibh an logainm sin cruthaithe, an raibh an Ghaeilge i Manainn ina teanga ar leith? An freagra - chan fhuil 'fhios againn. B'fhéidir go raibh an saghas Gaeilge á labhairt san oileán ag an am sin cosúil leis an saghas Gaeilge a bhí á labhairt in Éirinn, ach chan fhuil faisnéis againn chun é sin a thaispeáint. Má raibh an saghas Gaeilge san oileán ag an am sin cosúil, an féidir gur as an Ghaeilge a tháinig an logainm? Ní féidir. Féach ar an fhocal "purt" ("port"). Ní focal Gaelach atá ann, ach focal Fraincise. Is é is "port" (en) sa Ghaeilge ná "cuan", "caladh", "béal cuain", srl. go mór mhór san am sin. Tá stairithe éigin i Manainn faoin tuairim gur tháinig an focal "Peel" díreach as an Fhraincis (Port de l'Íle -> Port l'Íle -> P'Íle -> Peel) agus tá cás mór acu - tá faisnéise go leor le feiceáil ar fud an oileáin agus claonadh Francach orthu - leithéad as Skyll Chreest ny h-Ayrey sa tuaisceart. Yn Ayre a tugtar ar an chuid thuaidh den oileáin, ach i mBéarla tugtar Lezayre ar an áit - díreach ón Fhraincis (Les Ayres - agus is focal Lochlanach é Ayre). Go simplí, ní féidir a rá gur as Gaeilge na hÉireann a tháinig "Purt na h-Inshey". Is féidir nach bhfuil ann ach aistriúchán díreach ón Fhraincis isteach i nGaeilge Mhanann. Ní féidir linn aistriúcháin a chur ar chuile áit Ghaelach gan súil a chaith thar stair na háite. Sampla eile - Glion Muigh. Focal neodrach a raibh san fhocal "gleann" ins na sean-laethanta agus leis sin, bhí gá ann litir a chur roimh an chéad litir den dara fhocal, aidiacht, srl. má raibh sé ag tosnú le consain. Só, tá daoine éigin i Manainn faoin tuairim anois gur tháinig an logainm sin as "Gleann mBuidh" nó "Gleann mBuí". Ach, tá daoine éigin eile faoin tuairim gur as focail Ghael-Lochlannach a tháinig an logainm - "Glion Maðr" (chan fhuil 'fhios agam cén fáth), agus tá daoine eile faoin tuairim gur as na focail "Glion Muighey" nó "Gleann Muice" a tháinig an logainm. I bhfocail bheaga, ní ábhar simplí atá ann, agus caithfidh orainn a bheith cúramach agus muidne ag déanamh aistriúcháin do logainmneacha. --MacTire02 18:35, 10 Bealtaine 2010 (UTC)[reply]

Saol an mhadaidh bháin[athraigh foinse]

First of all I beg your pardon because I don't speak Irish (I wish I could). I'd like to ask you a favor, I'm a member of a Catalan association that wishes to become a Chapter but that has been rejected up to this moment because it doesn't have a state! So if you could translate the following template (add the Irish where there is Catalan or English if you prefer it that way!) I would then work on a campaign to convince your fellow Wikipedians to stick it to their introductory page. Go raibh maith agat! Slán agat! May you have a great and warm summer, Capsot 17:48, 8 Meitheamh 2010 (UTC)[reply]


eu:Txantiloi:Wikimedia CAT ca:Plantilla:Wikimedia CAT eo:Ŝablono:Wikimedia CAT oc:Modèl:Wikimedia CAT

I sincerely apologize if I bothered you. I'll ask someone else. May your language, culture and music live long! Sincerely, Capsot 21:45, 13 Meitheamh 2010 (UTC)[reply]

Áth na nDamh[athraigh foinse]

De réir Guliolopez (Áth na nDamh) may be the GD name, but commonname in GA and EN is "Oxford". Leaving redirect and ref in place.

Ach tá Áth na nDamh in úsáid cheana anseo!

"Bhronn Ollscoil Áth na nDamh MA honoris causa ar Lhuyd sa mbliain 1701 agus toghadh é mar chomhalta den Chumann Ríoga in 1708. Fuair sé bás den phliúraisí in Áth na nDamh sa mbliain 1709."( Féach: http://ga.wikipedia.org/wiki/Edward_Lhuyd).

" Ba staraí Gearmánach agus bhunaitheoir fhocleolaíocht na dteangacha Ceilteacha é Johann Kaspar ... Würzburg, St. Gallen, Miolán, Londain agus Áth na nDamh. .( Féach: http://ga.wikipedia.org/wiki/Johann_Kaspar_Zeuss).

Tugann Panu Höglund Baile Átha Tarbh ar Oxford san úrscéal 'An Béarlóir Deireannach'; Thug mé aghaidh ar Bhaile Átha Tarbh chun léann mo theangan féin a fhoghlaim. Agus nuair a chonaic mé geafta na hollscoile an chéad uair, b'iad na focla OXFORD UNIVERSITY - UNIVERSITAS OXONIENSIS amháin a léigh mé air, as Laidin is as Béarla, gan Gaeilge ar bith. (féach:http://www.smo.uhi.ac.uk/gaeilge/corpus/Panu/bearloir.html ) Éóg1916 19:05, 24 Meán Fómhair 2010 (UTC)

Wicipedia agus WikiLeaks[athraigh foinse]

Apologies for writing in English, Eog1916. Concerning cy:Rhestr o ddrychau WikiLeaks, I've left a message on your cy talk page. Your input there or at cy:Sgwrs:Rhestr o ddrychau WikiLeaks would be appreciated. Best wishes, Anatiomaros 23:17, 7 Mí na Nollag 2010 (UTC)

Feidhmeanna an Ailt[athraigh foinse]

7.6 Úsáidtear an t-alt i logainmneacha, m.sh le roinnt sléibhte: an Mhucais; an Mhangarta. (Féach: http://ec.europa.eu/translation/irish/documents/christian_brothers_comprehensive_irish_grammar_ga.pdf, Lth 45)Éóg1916 (talk) 20:16, 13 Iúil 2012 (UTC)[reply]

Dia duit féidir, cabhrú chun feabhas a chur ar an Airteagal seo, go raibh maith agat: Naomh Peadar na Betancur.--79.155.93.5 19:50, 2 Bealtaine 2013 (UTC)[reply]

Global account[athraigh foinse]

Hi Éóg1916! As a Steward I'm involved in the upcoming unification of all accounts organized by the Wikimedia Foundation (see m:Single User Login finalisation announcement). By looking at your account, I realized that you don't have a global account yet. In order to secure your name, I recommend you to create such account on your own by submitting your password on Special:MergeAccount and unifying your local accounts. If you have any problems with doing that or further questions, please don't hesitate to contact me on my talk page. Cheers, DerHexer (talk) 00:08, 15 Eanáir 2015 (UTC)[reply]

?? Íomhá 'Ball an chroí.png' https://commons.wikimedia.org/wiki/Special:UploadWizard?uselang=ga&wpDestFile=Balla_an_chro%C3%AD.PNJ ??

A Éiriugena,

Go raibh maith agat as ainm an ailt sin Liosta daoine as an Bhreatain Bheag a cheartú. SeoMac (talk) 20:48, 23 Feabhra 2016 (UTC)[reply]

In Reitine: Can you review the foot of image (the text for the new labels "5" and "15"). Thanks. --Jmarchn (talk) 23:48, 5 Bealtaine 2016 (UTC)[reply]

Hello dear Ériugena/ÉÓG1916, saw your wonderful contribution in Irish Wikipedia, especially on the article "An Úcráin". According to the subject I would like to ask you translate the small article into Irish, and add it to the Irish Wikipedia. Thank you in advance for your support/contribution and best wishes!

Alt faoi Snowden[athraigh foinse]

Go raibh maith agat, a Eriugena, as an téacs a chuir tú leis an alt faoi Edward Snowden. Beidh alt cuimsitheach againn níos sciobtha! SeoMac (plé) 03:33, 11 Márta 2017 (UTC)[reply]

Ernest Blyth[athraigh foinse]

Do you remember where this image came from Íomhá:Edb.jpg? Maybe a publication, if so what one. Drop me a talkback on my commons or enwiki talkback. Thanks Ww2censor (plé) 22:20, 29 Meitheamh 2017 (UTC)[reply]

Is foirm iolra é an focal “Baollaigh” (agus mar sin an forainm “iad” a thagraíonn dó). Cén fáth a mbeadh sé baininscneach? Féach, mar shampla: https://www.logainm.ie/ga/56?s=Baollaigh, go háirid Taifid scanáilte 2/4 agus 3/4: “Baoigheallaigh is the plural of Baoigheallach which may be exlained as a 'descendent of Baoigheall' from whom the Ó Baoighill are named. Baoghaillaigh would have originally referred to the collective members of the Ó Baoighill clan but later it was applied to the territory over which they ruled” agus araile. Le meas -- MacCambridge (plé) 00:38, 29 Iúil 2017 (UTC)[reply]

Ailt eile[athraigh foinse]

A Eamoinn, Feicim anois gur athraigh tú ailt eile a d’athrigh mé roimhe sin gan aon mhíniú. Cén fáth sin? Bainscneach atá an logainm An Bheart, ar ndóigh. Agus mar sin, deirtear "Is paróiste í an Bheart." go díreach mar a deirtear, cuir i gcás, "Is múinteoir í Bríd". Tá an iomarca droch-Ghaeilge i Vicipéid. B’fhearr dúinn feabhas a chur uirthi. -- MacCambridge (plé) 01:12, 29 Iúil 2017 (UTC)[reply]

Mea culpa a Mhic Ambróis! Bhíos leath ina chodladh nuair a bhí mé i mbun na hoibre sin.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leat as ucht do chuid iarrachtaí ar an Vicipéid seo, ní raibh mé, ar aon bhealach, ag iarraidh tú a dhíspreagadh. B'fhéidir gur féidir linn bualadh lena chéile sa todhchaí. Beir bua, Éamonn. Ériugena (plé) 15:56, 30 Iúil 2017 (UTC)[reply]

Go raibh maith agat, a Eamoinn. Bheadh sé go deas bualadh leat, gan amhras. -- MacCambridge (plé) 20:20, 31 Iúil 2017 (UTC)[reply]

Cabhair![athraigh foinse]

Chuir mé an grianghraf Campanula angustiflora.jpg thuas ar https://en.wikipedia.org/wiki/File:Campanula_angustiflora.jpg#Licensing ach níl a fhios agam conas é a chur ar an leathanach Campanula angustiflora!Ériugena (plé) 13:36, 6 Deireadh Fómhair 2017 (UTC)[reply]

Cabhair eile![athraigh foinse]

Ní raibh an griangraf (clúdach leabhar), san alt faoi Robert William Alexander, curtha san áit cheart!??

Share your experience and feedback as a Wikimedian in this global survey[athraigh foinse]

WMF Surveys, 18:40, 29 Márta 2018 (UTC)[reply]

Reminder: Share your feedback in this Wikimedia survey[athraigh foinse]

WMF Surveys, 01:38, 13 Aibreán 2018 (UTC)[reply]

Your feedback matters: Final reminder to take the global Wikimedia survey[athraigh foinse]

WMF Surveys, 00:48, 20 Aibreán 2018 (UTC)[reply]