Robert William Alexander

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRobert William Alexander
Beathaisnéis
Breith21 Samhain 1905
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás17 Nollaig 1979
74 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

Ba scríbhneoir Éireannach é Robert William Alexander (ainm cleite gnách: Joan Butler) (21 Samhain 190517 Nollaig 1979). Maidir leis na húrscéalta a scríobh sé faoin ainm cleite Joan Butler, d'fhorbair Alexander stíl ghreannmhar le macallaí na n-údar Thorne Smith agus P. G. Wodehouse.[1]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Robert ar an 21 Samhain 1905, i dteach a mhuintire in Ascaill an Iarnróid, Cill Fhionntáin, Contae Bhaile Átha Cliath, roinnt 12 km taobh thoir-thuaidh de chroílár na cathrach. Innealtóir leictreach ab ea athair Robert, a d'oibrigh le 'Mór-Iarnród an Tuaiscirt in Éirinn'. Reáchtáil an chuideachta 'Trambhealach leictrithe Chnoc na Teamhrach', a rith idir Cill Fhionntáin agus Stáisiún Iarnróid Bhinn Éadair, a d'oscail sa bhliain 1901. Ba é an teaghlach Alexander an chéad teaghlach a ghlac seilbh i gceann de na tithe a bhí tógtha ag an gcomhlacht le haghaidh na n-innealtóirí, in Ascail an Iarnróid. D'fhan an teaghlach Alexander socraithe ansin le linn óige Robert. Ba é Robert (Bobby) an ceathrú mac agus an leanbh is óige, Mary an ceann is sine, agus John (Jack) agus Ellen Christina (Eileen) ina dhiaidh sin. Rugadh a dtuismitheoirí, James agus Ellen, i bPort Láirge agus bhog siad go Baile Átha Cliath nuair a phós siad.

Rogha Foilseachán[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • All Change
  • Full House
  • Double Figures
  • The Light Lover
  • Space To Let
  • The Old Firm
  • Paper money
  • Gilt Edged
  • Bed And Breakfast
  • Lucky Dip
  • Ready cash
  • Trouble Brewing
  • Inside work
  • Unnatural Hazards
  • Deep Freeze
  • Mixed Pickle
  • Home run
  • Soothing syrup
  • El tiro por la culata (Half shot)
  • Donde menos se piensa salta un heredero
  • The Heavy Husband
  • Team Work
  • Shirty Work
  • The heavy husband
  • Cloudy Weather
  • Ground bait
  • Sheet Lightning
  • Rapid Fire
  • Landed Gentry
  • A celebration: Sixty years of children's reading 1925-1985
  • Bridal Suite
  • Something Rich
  • Set Fair
  • Heat Haze
  • Half Holiday
  • Strictly Speaking

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]