Pirixéiní

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Criostail pirixéine ón Afganastáin

Grúpa mór mianraí sileacáite a chuimsíonn cuid mhaith mianraí a foirmíodh ag carraig. Cosúil le hamfabóil, ach le struchtúr aonslabhra teitrihéadráin sileacáite, gan na hiain hiodrocsaile. Baill shuntasacha den ghrúpa is ea eanstaitít, dia-opsaíd, pidseoinít is séidít. I láthair i gcarraigeacha doigheartha is meiteamorfacha.