Mianraí sileacáite
Appearance
Grúpa mianraí a chomhdhéanann 95% de screamh an Domhain, a chuimsíonn sileacan is ocsaigin i gcomhcheangal le chéile nó le dúile eile. Ó thaobh struchtúir de, tá siad uile bunaithe ar SiO4, teitrihéadrán, agus is struchtúir chasta phoiliméaracha de theitrihéadráin an chuid is mó díobh. Rangaítear iad de réir a gcéim polaiméiriúcháin, ó shileacáití a chuimsíonn grúpaí aonraithe SiO4 (olaivíní is gairnéid), go dtí fáinní (beiril), slabhrashileacáití (pirixéiní le slabhra singil is amfabóil le slabhraí dúbailte), leatháin (miocaí is créanna), agus creatlaigh thríthoiseacha (grianchloch is iathchlocha).[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Mianraí sileacáite". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 453.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |