Amfabóil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de mineralAmfabóil
Amphibole.jpg
Aicmiú
CatagóirMianra
Airíonna
SiombailAmp

Is é is amfabóil ann ná ball ar bith de ghrúpa mianraí sileacáite hiodrúla, atá an-choimpléascach ó thaobh ceimice de, ach a bhfuil sainchomhartha struchtúrtha déshlabhra teitrihéadrán SiO4 iontu, agus iarann, maignéisiam, cailciam, sóidiam is alúmanam i láthair i measc na slabhraí. Faightear go forleathan iad i gcarraigeacha doigheartha is meiteamorfacha. I measc na bhfoirmeacha coitianta tá cornbhleind, achtainilít is treimilít. Tá foirmeacha snáithíneacha ann freisin a rangaítear le grúpa mianraí aispeiste.

Amfabóil den chineál treimilít

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]