Pierre de Fermat

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Pierre de Fermat
Pierre de Fermat3.jpg
dlíodóir

Saol
Eolas breithe Beaumont-de-Lomagne, Lúnasa 17, 1601
Náisiúntacht An Fhrainc
Grúpa eitneach Francaigh
Bás Castres, Eanáir 12, 1665
Muintir
Céile/Céilí Louise de Long (en) Aistrigh  (Meitheamh 1, 1631 -
Oideachas
Alma mater Old University of Orléans (en) Aistrigh
(1623 -
Leibhéal oideachais Bachelor of Laws (en) Aistrigh
Teangacha An Laidin
An Fhraincis
Gairm
Gairm matamaiticeoir, dlíodóir agus breitheamh
Fostóirí Parliament of Toulouse (en) Aistrigh  (Eanáir 16, 1638 -
Saothar iomráiteach Prionsabal Fermat
Teoirim dheireanach Fermat
Fermat's little theorem (en) Aistrigh
Fermat point (en) Aistrigh
Daoine le tionchar air/uirthi Diafantas, Jerome Cardan agus François Viète (en) Aistrigh

Dlíodóir agus matamaiticeoir a rugadh i mBeaumont-de-Lomagne sa bhFrainc ab ea Pierre de Fermat (17 Lúnasa 160112 Eanáir 1665). Ba mhatamaiticeoir den chéad scoth é. Rinne sé an-chuid céimeanna chun cinn i réimsí éagsúla na matamaitice maidir le hairíonna uimhreacha, dóchúlachtaí, geoiméadracht is optaic. Rinne sé staidéar ceannródaíoch (le Pascal) ar dhóchúlacht go háirithe.

Thugtaí moladh dó as a chuid léinn agus a chuid ionracais mar bhreitheamh.[1]

Matamaitic[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is fearr aithne ar de Fermat anois as a Theoirim Dheireanach. Timpeall 1637 scríobh de Fermat go raibh sé tar éis a chruthú nárbh fhéidir aon slánuimhir n níos mó ná 2 a aimsiú a chomhlíonfadh an chothromóid xn + yn = zn, sa chás gur slánuimhreacha iad x, y is z. (Más n = 2, is ionann an chothromóid seo is teoirim Phíotágaráis).

de Fermat, le Robert Lefèvre (1755-1830)

Cailleadh a chruthú ach cuireadh "Teoirim dheireanach Fermat" air. Faoi dheireadh, i lár na 1990idí, thángthas ar chruthú fada casta a shásaigh na matamaiticeoirí.

Uimhirtheoiric eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thairg Fermat gurbh uimhir phríomha í (22)" + 1 nuair is slánuimhir dhearfach í n, ach cruthaíodh nach fíor é seo.

D'aimsigh Fermat dhá uimhreacha caoimhiúla sa bhliain 1636 —17,296 is 18,416—agus ó shin aimsíodh tuilleadh, le ríomhairí go príomha.  

Fisic[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhfisic, tugtar Prionsabal Fermat ar thaisteal gathanna solais idir dhá phointe (mar shampla ón aer, trí phána gloine, le hathraonadh ar an dá thaobh, agus amach san aer ar an taobh eile) ionas go dtógann siad an oiread ama is lú chuige.

Díorthaítear cothromóidí Euler-Lagrange ón bprionsabal an íosghníomhaithe. Cás ar leith de is ea prionsabal Fermat maidir le hoptaic. Is analóg chandamach de suimeáil chonair Feynman.

Tionchar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Lean Abraham Demoivre (1667-1754) ar aghaidh leis an staidéar a rinne de Fermat ar ar dhóchúlacht. Chuir an matamaiticeoir Rúiseach Andrei Nicolaevich Kolmogorov (1903-1987) tuilleadh eagair air sa 20ú céad.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Scoil Dlí, COBÁC. "De Fermat" (ga). Facebook. Dáta rochtana: 2021-01-12.