Teoirim

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teoirimː Iseamorfacht

Tairiscint a chruthaítear trí dhéaduchtú loighciúil ó roinnt prionsabal a nglactar leo roimh ré is ea teoirim. Tá teoirimí geoiméadracha ar eolas go forleathan, ach bíonn teoirimí i ngach réimse den mhatamaitic.

Tugtar léamh ar theoirim shimplí a chruthaítear is a úsáidtear ansin chun cruthú teoirime eile a fhorbairt.

Más teoirim í go gciallaíonn ráiteas p ráiteas q, is é coinbhéarta na teoirime go gciallaíonn ráiteas q ráiteas p.

Ní fíor an coinbhéarta i ngach cás.[1] Mar shampla, má tá dhá thriantán iomchuí, bíonn a bhfairsingí cothrom le chéile, ach ní gá go mbeidh dhá thriantán le fairsingí cothroma iomchuí.[2]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Teoirim". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 659.
  2. Matt Hussey (1994.). "Matamaitic fheidhmeach : cúrsa na hArdteistiméireachta /". An Gúm,.