Jump to content

Piasún cír

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoPiasún cír
Catreus wallichii Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Mais1.525 kg (meáchan fásta, orgánach fireann)
1.13 kg (meáchan fásta, orgánach baineann) Cuir in eagar ar Wikidata
Meánlíon in ál9 Cuir in eagar ar Wikidata
Stádas caomhnaithe
Leochaileach
UICN22679312 Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
AicmeAves
OrdGalliformes
FinePhasianidae
GéineasCatreus
SpeiceasCatreus wallichii Cuir in eagar ar Wikidata
Hardw., 1827
Léarscáil de raon an tacsóin
Ceantair eindéimeacha

Is cineál éin é an piasún cír[1] (Catreus wallichii), an t-aon bhall den ghéineas Catreus atá san fhine Phasiandiae. Is speiceas i mbaol báis é an t-éan seo. Tháinig an t-ainm Catreus ón nGréigis a chiallaíos “éan mar phéacóg” agus tháinig wallichii, an chuid eile den ainm déthéarmach, as ainm an luibheolaí Ollannaigh Nathaniel Wallich. Mar gheall ar an ainm sa Ghaeilge cír, is ón ainm onamataipéach ar an bpiasún sa Neipealais kahir / chirir é.

Níl ach démhorphacht ghnéis an-bheag sa chineál piasúin seo, dá bharr sin níl gotha fisiceach an choiligh agus na circe rófhada óna chéile. Piasún pléineáilte atá sa phiasún cír—ní cluimhreach ildathach atá orthu mar a bhíos ar chuid mhór de na piasúin eile. Go formhór, is iad liath agus donnbhuí agus fionndonn dathanna a gcuid cleití, atá stríoctha le dubh agus donn freisin. Is dócha go bhfeidhmíonn na dathanna seo mar dhuaithníocht. Tá eireaball fada tanaí de 18 cleite acu, an-chosúil le heireaball an phiasúin chomónta (ón tSín) atá le fáil in Éirinn, áiteanna eile san Eoraip, agus i Meiriceá Thuaidh (meascán d’fhospeicis de Phasianus colchicus atá iontu seo). Ar éadan an choiligh tá sprochaillí dearga agus tá círín fada cleiteach suntasach ar an gcoileach agus ceann níos lú ar mhullach na circe. Tá siad ar cóimhéid, nó beagán níos mó, ná an piasún comónta.

Cearc ag Zú Kyoto, An tSeapáin

An ghnáthóg dhúchais ina gcónaíonn an piasún cír ná scrobchríocha agus ardchríocha, coillte agus móinéir, in iarthar Shléibhte na Himiléithe—san India, i Neipeal, sa Chaismír, agus sa Phacastáin—idir 4,000 agus 10,000 troigh. Is fearr leo learga cnoic géara féarmhara le crainn scaipthe sa timpeallacht agus le féar ard ann. Ar an drochuair, níl na piasúin seo an-choitianta inniu san fhiántas. Is dócha nach bhfuil piasún cír ar bith fágtha sa Phacastáin anois. Bhí siad ainmnithe mar speicis i mbaol, agus anois tá an speiceas liostaithe mar “bhagartha” ar IUCN Red List of Threatened Species. Is ródhócha nach raibh siad an-líonmhar riamh, de bhrí go bhfuil siad scaipthe sna sléibhte i raon gnáthaithe beag cúng. Sa lá atá inniu ann, le scrios a ngnáthóige agus leis an bhfiagaíocht, tá siad i mbaol báis.

Mar bhia, itheann siad fásra den chuid is mó, ag tochailt lena ngob—cosúil leis na monáil (Lophophorus) agus leis na piasúin chluasacha (Crossoptilon) i gcóimheas le piasúin eile. Itheann siad duilleoga beaga, fréamhacha, caora, síolta agus uaireanta cruimheanna éagsúla, froganna agus luchóga freisin. Cónaíonn na piasúin seo sa timpeallacht chéanna leis an monál Himiléach agus an piasún coclas (Pucrasia macrolopha; Béarla Koklass), ach amháin go mbíonn na piasúin chír ina gcónaí in áiteanna nach bhfuil an mhuine chomh tiubh sin ann. Is iad na sionnaigh agus na hiolair na creachadóirí is coitianta a chreachas orthu san fhiántas.

Éin aonchéileacha atá iontu agus bíonn siad réasúnta tréadúil, ina gcónaí i scuainí beaga go dtí séasúr an ghoir gan a bheith ag troid mar gheall ar theorainneacha críche. Glaonn an dá chineál, ach an coileach go háirithe. Glaoch ard láidir casta atá acu. Glaonn an coileach lena ghob thuas sa spéir, mar a dhéanas na piasúin chluasacha, agus tosaíonn sé le “a series of harsh grating notes in rapid succession, which rise to a crescendo of very high pitched disyllabic whistles” (de réir Wayre 1969, A Guide to the Pheasants of the World). Mar gheall ar an taispeántas taobhach a dhéanas na coiligh chun na cearca a mhealladh, tá sé cosúil leis na gothaí a chuireas na piasúin chomónta orthu féin. Leathann sé an t-eireaball agus claonann sé i dtreo na circe piasúin é. Ní dhéanann an piasún cír “wing-whirring” mar a dhéanas go leor piasún eile.

Beireann an ceann baineann thart faoi dheich n-ubh i nead ag bun carraige nó cnoic i measc féar nó tom in aice leis an gcoill. Bíonn sí ag déanamh goir ar na huibheacha ar feadh sé lá ar fhichid. Nuair a thagas na héin bheaga as an ubh, tugann an coileach cúnamh don chearc agus cosnaíonn an bheirt acu na piasúin bheaga ó bhaol.

  1. “Catreus wallichii” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  • Paul A. Johnsgard, 1999. The Pheasants of the World: Biology and Natural History, ISBN 1-56098-8399-8
  • Philip Wayre, 1969. A Guide to the Pheasants of the World, ISBN 0-600-43350-1

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]