Galliformes

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoGalliformes Cuir in eagar ar Wikidata

Meleagris ocellata Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
ForíochtEumetazoa
FíleamChordata
AicmeAves
OrdGalliformes Cuir in eagar ar Wikidata
Temminck, 1820

Ord d’ éin choirp throma a bhíonn ag beathú ar an talamh agus a chuimsíonn turcaí, cearc fhraoigh, sicín, gearg an domhain nua agus gearg an tseandomhain, tarmachan, patraisc, piasún, francolin, éanlaith dhufaire agus na Cracidae is ea na Galliformes. Tagann an t-ainm ó "gallus", an Laidin i gcomhair an choiligh. Is ainmneacha coitianta iad éanlaith chlóis nó éanlaith ghéim, Is minic a úsáidtear " éanlaith " do na Galliformes, ach de ghnáth tagraíonn na téarmaí seo d' éin uisce (Anseriformes), agus uaireanta d'éin eile a bhíonn á seilg go coitianta. Tá thart ar 290 speiceas ag an ngrúpa seo, agus go bunúsach tá ceann amháin nó níos mó díobh le fáil i ngach cuid de mhór-ranna an domhain (ach amháin na fásaigh is mó istigh agus an t- oighear buan). Tá siad níos teirce ar oileáin, agus i gcodarsnacht leis na héin uisce a bhfuil dlúthbhaint acu, tá siad as láthair go bunúsach ó na hoileáin aigéanacha - mura dtugann daoine isteach iad. Rinneadh roinnt speiceas a cheansú le linn a gcaidrimh fhada fhairsinge le daoine.

Tá cúig fhine san ord seo: Phasianidae (lena n-áirítear sicíní, gearga, patraiscí, piasúin, turcaithe,péacóga cearca fraoigh), Odontophoridae (gearga an domhain nua), Numididae (éanlaith Ghuine), Cracidae (lena n-áirítear cacalaí agus curasóí), agus Megapodiidae (éin gorlainne mar Leipoa ocellata agus Alectura lathami). Tá siad tábhachtach mar scaiptheoirí síolta agus creachadóirí sna héiceachórais ina gcónaíonn siad, agus is minic a thógann daoine iad mar éin ghéim dá gcuid feola agus uibheacha agus le haghaidh fiaigh áineasa. Is reathaithe oilte iad bíonn siad in annn éalú ó chreachadóirí trí rith seachas eitilt. Tá fireannaigh an chuid is mó de na speicis níos ildaite ná na baineannaigh. Is minic a bhíonn deasghnátha suirí an éin casta ag na fireannaigh lena n-áirítear strutáil, cluimhreach, eireaball nó cleití ceann a thógáil, agus fuaimeanna gutha. Tá siad neamh-imirceach den chuid is mó.