Pedro Calderón de la Barca
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 17 Eanáir 1600 Maidrid (an Mhonarcacht Easpáinneach) |
Bás | 25 Bealtaine 1681 81 bliana d'aois Maidrid (an Mhonarcacht Easpáinneach) |
Áit adhlactha | Maidrid |
Chaplain of the King of Spain (en) | |
1663 – | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Caitliceachas |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Colegio Imperial de Madrid (en) (1608–1613) Ollscoil Complutense Ollscoil Salamanca - bachiller (–1615) |
Teanga dhúchais | Spáinnis Mhoch |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Amharclannaíocht |
Gairm | drámadóir, scríbhneoir, saighdiúir, file, sagart Caitliceach |
Ball de | |
Seánra | Filíocht, amharclannaíocht agus coiméide |
Gluaiseacht | Baroque literature (en) |
Teangacha | An Spáinnis |
Ord crábhaidh | Proinsiasaigh |
Saothar | |
Saothar suntasach | |
Teaghlach | |
Céile | luach ar iarraidh |
Páiste | Pedro José Calderón de la Barca |
Siblín | Diego Calderón de la Barca, Dorotea Calderón de la Barca agus José Calderón |
|
Drámadóir Spáinneach ab ea Pedro Calderón de la Barca y Henao. Thuil Calderón a cháil mar dhrámadóir mar gheall ar fheabhas a chuid filíochta, a struchtúr drámatúil agus doimhneacht a chuid fealsúnachta. Scríobh sé níos mó ná 70 dráma san iomlán.
Luathshaol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Calderón ar an 17 Eanáir, 1600.
Rugadh agus tógadh é sa phríomhchathair Maidrid. Ba de shliocht Pléimeannach a mháthair agus bhí a athair ina rúnaí sa státchiste.
Ghnóthaigh sé comórtais filíochta agus é ina fhear óg agus cuireadh a chéad dráma "Amor, Honor y poder" ar stáitse i mí an Mheithimh 1623.
Saighdiúireacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá sé ráite go raibh sé i seirbhís in arm na Spáinne san Iodáil agus i bhFlóndras idir 1625 agus 1635.
Faoin am go raibh sé sna tríochaidí, aithníodh Calderón mar phríomhdhramadóir na Spáinne.
Chaith sé dhá bhliain san arm 1640-1642, ina Cuirassier (marcshlua, marcoifigeach nó oifigeach ar muin capaill) sa Chatalóin. Sa bhliain 1645, bronnadh pinsean speisialta míleata air mar gheall ar a ghaisce mar shaighdiúir.
Sagartacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tamall de bhlianta ina dhiaidh sin chuaigh Calderón isteach in Ord Naomh Proinsiais. Rinneadh sagart de sa bhliain 1651. As sin amach, dhírigh sé ar shaothair a bhain le miotaseolaíocht agus le creideamh.
Mhair Calderón ar feadh 81 bliana go bhfuair bás ar an 25 Bealtaine, 1681.