Pas Éireannach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí DoiciméadPas Éireannach
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata

Is féidir le Saoránaigh Éireannacha iarratas a dhéanamh ar Phas Éireannach agus/nó Cárta Pas.

Éileamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

An pas "McGilligan", Saorstát Éireann

Tháinig ardú ar an líon iarratas as an Tuaisceart agus as an mBreatain ó caitheadh an vóta ar imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach i Meitheamh na bliana 2016.[1] Mar shampla, idir Eanáir 2022-Deireadh Fómhair 2022, bhí milliún pas Éireannach eisithe. Ní dhearnadh ach 634,000 pas in 2021 san iomlán, líon réasúnta íseal i gcomórtas le 935,000 pas in 2019 roimh an phaindéim Covid-19.

I ndiaidh deireadh le srianta Covid-19, agus bhí scáth na Breatimeachta , bhí méadú suntasach ar an líon daoine ag lorg pas nua in 2022, de réir na Ranna Gnóthaí Eachtracha.[2]

Pas Joseph Heapes, Royal Irish Rifles, 1951

Dearadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá íomhánna de shainchomharthaí tíre cáiliúla Éireannacha ar an bpas Éireannach ó 2013 ar aghaidh, ina measc Cruach Phádraig, Mainistir na Coille Móire, Aillte an Mhothair, agus i mBÁC, an an Teach Custaim, Halla na Saoirse agus Páirc an Chrócaigh, chomh maith le léaráidí a thaispeánann ceol agus damhsa na hÉireann, agus cluichí Gaelacha.

Coimisiúnaíodh macasamhail de ghrianghraif agus líníochtaí go speisialta don phas Éireannach, atáirgthe trí theicnící sainchlódóireachta a chinntíonn go bhfuil ard-slándáil ag an bpas Éireannach. Dearadh agus rinneadh an leabhar in Éirinn, ag grúpa faoi cheannas DLRS i mBré, HID Ireland as Baile na hAbhainn agus an Banc Ceannais.[3]

Cárta Pas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an Cárta Pas Éireannach ar fáil do gach saoránach Éireannach ag a bhfuil leabhar pas Éireannach bailí. Is féidir le saoránaigh Éireannacha an Cárta Pas a úsáid chun taisteal a dhéanamh laistigh den AE/LEE agus san Eilvéis agus aithníonn údaráis náisiúnta ábhartha é mar dhoiciméad taistil bailí.[4]

Conspóidí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2017, bhí Pas Éireannach diúltaithe do leanbh de shliocht na Gaeltachta a rugadh trí IVF, ar an gcúis nach saoránach Éireannach é.[5] Maíodh nach n-aithnítear, de réir an Achta Saoránachta 1956, mar mháthair ach an bhean a saolaítear leanbh di nó an bhean a uchtaíonn leanbh.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "822,000 pas Éireannach eisithe le bliain" (as ga) (2018-12-31). 
  2. Conradh na Gaeilge, Londain (5 Samhain 2022). "‎Nuacht Mhall: (Ard Mhacha)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-08-30.
  3. "An Pas Éireannach Nua - Department of Foreign Affairs". www.dfa.ie. Dáta rochtana: 2023-08-30.
  4. "Phaschárta - Department of Foreign Affairs". www.dfa.ie. Dáta rochtana: 2023-08-30.
  5. Maitiú Ó Coimín (13 Samhain 2017). "Pas Éireannach diúltaithe do leanbh de shliocht na Gaeltachta a rugadh trí IVF" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-08-30.
  6. "Pasanna - Department of Foreign Affairs". www.dfa.ie. Dáta rochtana: 2023-08-30.
  7. Citizensinformation.ie. "Ag taisteal thar lear" (ga). www.citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2023-08-30.