Jump to content

Paradacsa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
triantán Penrose

Tosaíonn W.V. Quine a alt[1] ar pharadacsaí le tagairt don cheoldráma Pirates of Penzance le Gilbert agus Sullivan ina ndeirtear "Is paradacsa é. Is paradacsa é’". Táthar ag caint faoin phrionsa mhór, Ferdinand, atá aon bhliain is fiche d'aois ach nach raibh aige ach cúig lá breithe. Réitítear an scéal ina iomlán nuair a mhínítear dúinn go bhfuil rud annamh ag tarlúint anseo; rud nach dtarlaíonn ach uair amháin i ngach 1,460 laethanta – rugadh ar an 29ú de mhí Fheabhra é!

De ghnáth bíonn struchtúr le paradacsa:

  • Tosach – Glacaimid le réamhleagan nó fíric éigin
  • Lár – Cuirimid rialacha i bhfeidhm, m. sh. loighic (logic), infeireas (inference), déaduchtú (deduction); nó b'fhéidir go leanaimid ár n-imfhios (intuition) féin,
  • Deireadh – Fíric nua

Má thagann an deireadh salach ar an dtosach, nó muna bhfuilimid toilteanach glacadh leis an gcríoch, tá rud éigin mícheart agus tá cruth paradacsúil ar an argóint.

Tá roinnt téarmaí a úsáidtear i leith paradacsaí:

  • Paradacsa – para dox – thar creidiúint
  • Frithdhleathach – anti nomy – i gcoinne an dlí
  • Sainn – aporia – cosc ar an mbealach
  • Tomhas – riddle
  • Fallás – réasúnaíochta bhréige

Uaireanta bíonn casadh san argóint faoi cheilt nó is rud annamh atá i gceist agus nuair a thuigimid é sin, tá an réiteach éasca. Ach uaireanta eile, bíonn cúrsaí casta agus níl aon ní simplí.

Cuirtear an chéad pharadacsa[2] sa stair scríofa i leith an Ghréigigh Anaximander (ca 610 R.C. –85 R.C.). Réasúnaigh seisean go dtagann gach duine ó dhuine a bhí óg tráth, agus conas ar éirigh don chéad duine? Tá tagairt (mhíchruinn) sa Bhíobla faoi pharadacsa an bhréagadóra (Is bréagadóirí uilig muintir na Créite, agus dúirt duine ón Chréit é sin. An bhfuil a ráiteas fíor, falsa, nó an bhfuil aon bhrí leis?). Ach cuirtear an bhéim sa Bhíobla ar mhacántacht na gCréiteach.

Tá raon na bparadacsa leathan, mar shampla,

  • Fallás Matamaitice, nuair nach bhfuil ann ach briseadh rialach.
  • Paradacsa Zeno, a bhí ag plé leis an éigríoch, ach ní raibh an mhatamaitic sách saibhir ag an am – go dtí ré Newton agus Leibniz. B'fhéidir go mbeadh réiteach sa todhchaí muna bhfuil ceann ann faoi láthair.
  • Paradacsa an Fhiaigh Dhuibh, gan fhadhb sa Staitistic, ach a bhfuil bunúsach san Fhealsúnacht. paradacsa i ndisciplín amháin, agus gan a bheith in ndisciplín eile.
  • Paradacsa Russell, i dteoiric na dtacar, a chuir isteach go mór ar Gottlob Frege, a bhí ar tí bunús loighciúil a chur ar an matamaitic. Paradacsa mór é seo, ar lean aistriú paraidím.
  • Paradacsa na haoise, mar atá thuas, faoin 29 Feabhra, a tharlaíonn go hannamh.

Paradacsa BertrandParadacsa SimpsonParadacsa an Fhiaigh Dhuibh

Fallás Matamaitice • Paradacsa Zeno

Paradacsa an Fhiaigh Dhuibh

  1. Paradox, W. V. Quine, Scientific American, April 1962
  2. A Brief History of the Paradox, Roy Sorenson, OUP 2003, lch 1