Jump to content

Paddy Canny

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPaddy Canny
Beathaisnéis
Breith1919
Gleann Dríth, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás28 Meitheamh 2008
88/89 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmfidléir Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraCeol na hÉireann
UirlisVeidhlín agus fidil

Musicbrainz: 2bdf0e04-a3ad-45b2-aaf7-5c1839b08643 Discogs: 3755418 Allmusic: mn0000744642 Cuir in eagar ar Wikidata

[1]Is fidléir é Paddy Canny. Le linn a shaol, sheinn sé i go leor tíortha éagsúla agus rinne sé cúpla albam. Bhí tionchar mór aige ar cheol traidisiúnta na hÉireann. Sheinn sé an fhidil i stíl 'Oirthear an Chláir.'[2] Ach bhí a stíl imeatha féin aige freisin a raibh tionchar ag imreoirí eile air.[3] Is féidir leis a bheith ag seinm mar an gcéad albam de cheol traidisiúnta na hÉireann.[4] Tháinig cáil air den chéad uair sna 1940idí.[5]

Bibleagrafaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Paddy Canny i 1919 agus fuair sé bás i 2008.[6] Rugadh é i nGleann Dríth i gContae an Chláir.[6] Bhí ról mhór ag cheol traidisiúnta i saol Paddy Canny agus a theaghlach; sheinn a athair, a dheartháireacha agus Paddy an fhidil.[7] Ní amháin gur fhoghlaim sé ionas a fhidil a sheinm óna athair ach ó sheinnteoir fidel dall darb ainm Pat McNamara.[6] Phós sé Philomena Hayes agus bhí beirt iníonacha acu.[1]

Tá aithne air sa Chlár as an bhfidil a sheinm agus bhí go leor tionchair aige ar fhoghlaim conas ceol a sheinm agus a léamh.[6] Sheinn a chairde Martin Rochford agus Martin Nugent an fhidil agus bhí cóip de 'O'Neills Book of Traditional Tunes' ag Rochford agus le cabhair an leabhair seo d'fhoglaim Canny ceol a léamh.[6] Ba léir an grá a bhí ag Paddy Canny don cheol traidisiúnta go dtabharfadh sé a fhidil chun oibre leis agus roinnt foinn a sheinm nuair a bheadh am spáratha aige.[6] Mar gheall air seo go léir bhí tionchar aige ar go leor daoine in earnáil cheoil traidisiúnta.[6] Mhúin sé dá mhic léinn conas an fhidil a sheinm ón am a bhí sé ina dhéagóir óg.[8] Ba é P.J Hayes duine dá mhic léinn.[9]

I 1946, bhí sé ar dhuine de chomhbhunaitheoirí an Banna Tulla Céilí.[6] Bhuaigh siad teidil Uile-Éireann i 1957 agus 1960.[6] Bhuaigh Canny Craobh bhFidil Uile-Éireann freisin i 1953.[6] Ba é a smaointe ar na comórtais a rinne siad ná 'ní raibh aon pointe iad a ghlacadh ró-dáiríre, ba é an rud tábhachtach ná taitneamh a baint astu'.[6]

Thaifead Paddy in éineacht le P.J Hayes, Peader O'Loughin agus Bridie Lafferty albam darb ainm 'Seaimpíní Uile-Éireann - Veidhlín' i 1959.[6] Tháinig an-cháil air seo agus chuir Shanachie CD agus dhíol sé i 2001 é.[6] Taispeánann an CD seo an chuid is fearr de cheol traidisiúnta na hÉireann.[8] Thaifead sé a chéad albam aonair nuair a bhí sé ina seachtóidí 'Ceol traidisiúnta ón Fidléir finscéalaíochta as Oirthear an Chláir'.[6] Bhí gach stáisiún raidió ag iarraidh é sna 1950idí agus bhí sé le feiceáil ar an teilifís sna 1960idí.[6] Mar sin féin, i 1965 d'fhág sé a bhanna mar bhí sé ag glacadh an iomarca ama.[6] Ach d'fhán sé fós ina chairde leis na daoine sa bhanna agus d'imir sé i bpáirt leo i 1992.[6]

Ón uair a bhí Paddy Canny deich mbliana d'aois, ba mhinic a sheinn sé ag cóisirí tí sa cheantar áitiúil, ag póstaí, ag damhsaí crosbhóthar agus céilí.[1] Rothaigh Canny agus P.J Hayes chuig na himeachtaí éagsúla fad is a bhí a gcuid fidil ar a ndroim.[1]

Chonacthas Canny mar imreoir snasta, fíorspéisiúil agus tréitheach.[10] Bhí tionchar mór aige ar fhorbairt seinm fidil traidisiúnta na hÉireann sa dara leath den fhichiú haois.[10]

A Shlí Bheatha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Banna Céilí Baile na hInse

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sheinn Paddy Canny i mbanna Céilí Baile na hInse ó 1944-45.[1] Ba é Rochford agus Sean Reid a bhí in ann go leor uirlisí a sheinm, a bhunaigh é seo.[1]

Banna Tulla Céilí

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuidigh Teresa Tubridy, pianódóir, le banna nua a bhunú le Canny agus P.J Hayes.[1] Bunaíodh é le cur ar a gcumas dul isteach i bhFéile Luimnigh.[1] Bhí siad san iomaíocht mar Bhanna Amaitéarach Naomh Pádraig, bhuaigh siad an comórtas agus athainmníodh ina dhiaidh sin iad mar Bhanna Tulla Céilí.[1]

Ar dtús bhí ceithre fhidil ag an mbanna, dhá nó trí fhliúit, Bosca ceoil agus pianó.[1] Áfach, d'fhág go leor daoine an banna, ach tháinig Sean Reid isteach ag seinm na bpíopaí uileann agus an phianó.[1]

Carnegie Hall

Bhunaigh Paddy Canny agus P.J Hayes an banna i 1946 agus bhí sé bunaithe ar a ngrá don ceol traidisiúnta.[9] D'imir siad ar fud an domhain, mar shampla, d'imir siad i Halla Carnegie i Nua-Eabhrac.[9] Le linn dóibh a bheith ann thug an Méara Rudolf Giulliani bronnadh dóibh.[9] Bhí an banna seo lán d'óige, paisana agus díograis agus d'imir siad i go leor hallaí damhas in Éirinn.[11] Thug siad turais timpeall Mheiriceá agus timpeall Shasana freisin.[11]

Thug Fleadh Cheoil na hÉireann spéis daoine sa cheol traidisiúnta ar ais agus bhain an banna seo leas mór as seo.[1] Ba é an chéad uair a bhí siad san iomaíocht sa Fleadh ná i 1953.[1] Ag seo, bhuaigh Paddy Canny Corn Coleman, arb é an Craobh fidil sinsir Uile-Éireann é.[1] Ag an Fleadh seo freisin, bhuaigh sé craobh na ceathairéad Uile-Éireann in éineacht le Hayes, Joe McNamara agus Martin Talty.[1]

Píopaí uileann

Bhí a gcéad taifeadadh ag an mbanna i 1956 i mBaile Átha Cliath agus bhain sé seo le HMV.[10]

Níor éirigh leis an mbanna, áfach, i bhFleadh na Mumahan 1956 nuair a bhuaigh a bhfreasúra, banna Céilí Kilfenora.[1] I bhFleadh 1957, bhuaigh an banna Tulla Céilí an chraobh Uile-Éireann den chéad uair agus arís i 1960.[1] Bhuaigh siad craobh an bhanna céilí i 1961 san Oireachtas Náusiúnta i mBaile Átha Cliath.[1] Stop siad ag cur isteah ar iomaíocht agus dhírigh siad ar chamcuairt.[1]

In 2016, bhí clár faisnéise ar TG4 faoin mBanna Tulla Céilí.[12] Léirigh an clár faisnéise seo stair a bhanna atá thar le breis agus seachtó bliain.[12] Thaispeáin sé conas a tugadh traidisiún ceoil ar láimh ó thuismitheoir go pháiste agus léirigh sé freisin go raibh an-tóir ar an mbanna cé gur athruithe leanúnacha aid na hamanna.[12]

Stop Paddy Canny é féin ó bheith ag seinm os comhair daoine, áfach, d'imir sé in éineacht le cúpla seinnteoir ceoil traidisiúnta.[10] D'imir sé in éineacht le O'Loughlin agus Paddy Murphy a sheinneann an consairtín i bParas ag féile ceoil.[10] Ba mhinic freisin ar an seó raidió RTÉ Teach Céilí.[10]

I 1964, scoir Paddy den bhanna mar theastaigh uaidh am a chur isteach chun a pháistí a thógáil agus aire a thabhairt don fheirm freisin.[10] Chuaigh sé go cothrom caoga bliain an Bhanna Tulla Céilí agus d'imir sé ar an stáitse ag an gceiliúradh seo.[10] Tar éis dó gan ceol a thaifeadadh ar feadh tamaill, thaifead sé le Gearóide Ó hAllmhuráin, seinnteoir consairtín.[10] Thaifead sé a albam aonair agus scaoil sé é nuair a bhí sé seachtó a hocht.[10]

An Fhidil

Tá an fhidil ar cheann de na huirlisí is mó éilimh a sheinntear sa cheol traidisiúnta. Bhí sé ina huirlisí uair amháin a raibh baint aige leis na daoine bochta ach anois tá ról mór aige i gceol traidisiúnta na hÉireann a chaomhnú.[13] Bhí an fhidil thart sa Mheán-Aois, áfach, ní raibh tóir orthu go dtí an seachtú haois déag. Is é an veidhlín agus an fhidil an uirlis chéanna, ach úsáideann daoine an focal fidil chun na difríochtaí sa chineál ceoil a sheinneann siad agus seinnteoir veidhlín a thaispeáint.[13] Bhí an-tóir air i measc na mbocht mar níor chosain sé mórán, ní raibh mórán cothabhála ann agus bhí sé furasta foghlaim conas é a imirt.[13] Tá an fhidil décanat as adhmad agus bogha gruaige capall.[13] Tá stíleanna éagsúla ann chun an fhidil a sheinnt timpeall na hÉireann mar shampla Dún na nGall, Gaillimh agus Sligeach.[13]

Ceol traidisiúnta ón bhFidléir finscéalaíochta as Oirthear an Chláir

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá na hamhráin ar an albam seo ná;

Seán sa Cheo, Dick Cosgrove's, The Gallowglass, the Rakes of Clonmel, The Beauty Spot, The Cashmere Shawl, Poll Ha'Penny, The Right of Man, The Goat in the Green, Brenden Tonra's, Sergeant Early's Dream, Sporting Nell, The New House, The Robin's Nest, The Daisy Field, Molly Bawn, The Caves of Kiltanon, The Quilty Shore, Mayor Harrison's Fedora, The Stone in the Field, Dunphy's, Toss the Feathers, The Repeal of the Union, Old Tipperary, Down the Back Lane, The Boys of the Lough and The Old Blackthorn Reel.[14]

Taifeadadh é seo i nGaillimh agus in Inis.[15] Seinneann Eugene Kelly an pianó agus an giotár ar fud an albaim seo go fánach.[15] Taispeánann an t-albam seo gnéithe Oirthear an Chláir a sheinn Paddy freisin.[15] Rinne Paddy Canny an t-amhrán 'The Caves of Kiltanon' atá le feiceáil ar an albam seo.[16]

Ceol Fidil Traidisiúnta as Oirthear an Chláir

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá na hamhráin ar an albam seo ná;

The Yellow Tinker, Coppers and Brass, The Repeal of the Union, The Cliffs of Moher, The Star of Munster, the Bunch of Green Rushes, The Graf Spee, The Boys of Ballisodare, The Trip to Athlone, Johnny's Wedding, Lucy Campbell, Bunker Hill, The Heathery Breeze, The Pigeon On The Gate, The Gallowglass, Miss Johnston, The Galtee, The Bunch of Keys, Down the Back Lane, The Maids of Mitchellstown, The Tap Room, The Earl's Chair, Sean sa Cheo, Sean Ryan's, The Mullingar Lea, The Humours of Scarriff, The Steampackey, St.Ruth's Bush, Luckpenny and Father O'Flynn's.[17]

Taifeadadh Stairiúil de Cheol Traidisiúnta na hÉireann ó Chontae an Chláir agus Oirthear na Gaillimhe

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ceoltóirí: Paddy Canny, P.J Hayes, Peadar O'Loughlin and Bridie Lafferty

Tá na hamhráin ar an albam seo ná;

Rolling in the Barrel, In the Tap Room, Bunker Hill, The Bush Reel, Sean Ryan's Jig, The Castle, The Nightingale, Egan's, The Humours of Castlefinn, Lafferty's, The Glen of Aherlow, Kitty Gone A-Milking, Music in the Glen, Doctor O'Neill, The Morning Dew, The Hare in the Heather, Reavy's, The Hunter's House, Grogan's Favourite, Geaghan's, Always Rambler, Trip to Athlone, The Newport Lass, Pipe on the Hob, Dunphy's Hornpipe, Chief O'Neill's Favourite, Carraroe, Portroe, Out in the Ocean, Lucy Campbell, The Boys of Ballisodare.[18]

Nuair a rinneadh an t-albam seo ar CD rinneadh go leor athruithe air ón mbunleagan.[19] Ar dtús, rinneadh athrú ar an teideal.[19] Chuaigh sé ó Seaimpíní Uile-Éireann - Veidhlín go Taifeadadh Stairiúil de Cheol Traidisiúnta na hÉireann ó Chonate an Chláir agus Oirthear na Gaillimhe.[19] Is é an dara hathrú ord na n-amhrán ar an albam.[19] Ar an albam bunaidh, rinneadh amhráin a ghrúpáil le chéile ach ar an CD bhí éagsúlacht éigin ann.[19] Is é tríú athrú ná gur bhain Bridie Lafferty úsáid as an gcorda céanna ag tús gach tiúin agus cheangail sé seo iad le chéile ar an albam bunaidh ach ar an CD tá na cordaí seo tógtha as gach fonn.[19] Is é an t-athrú deiridh ná pictiúir de na ceoltóirí a áireamh ar na nótaí líneacha agus ar na leathanaigh lárnacha.[19]


Scaoileadh an t-albam deiridh de Paddy i 1997 agus níor sheinn sé mórán tar éis bhás a mhná céile.[10]

  1. 1.00 1.01 1.02 1.03 1.04 1.05 1.06 1.07 1.08 1.09 1.10 1.11 1.12 1.13 1.14 1.15 1.16 1.17 1.18 "Dictionary of Irish Biography". Dáta rochtana: 28/01/2021.
  2. "Arc Music". Dáta rochtana: 27/01/2021.
  3. "Clare Fiddle Players". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-01-22. Dáta rochtana: 27/01/2021.
  4. "RTÉ". Dáta rochtana: 27/01/2021.
  5. "Paddy Canny". Dáta rochtana: 27/01/2021.
  6. 6.00 6.01 6.02 6.03 6.04 6.05 6.06 6.07 6.08 6.09 6.10 6.11 6.12 6.13 6.14 6.15 6.16 "Clare County Library". Dáta rochtana: 28/01/2021.
  7. "All Music". Dáta rochtana: 28/01/2021.
  8. 8.0 8.1 "Clare Tour- Paddy Canny". Dáta rochtana: 29/01/2021.
  9. 9.0 9.1 9.2 9.3 "Clare Tour' Tulla Céilí Band". Dáta rochtana: 29/01/2021.
  10. 10.00 10.01 10.02 10.03 10.04 10.05 10.06 10.07 10.08 10.09 10.10 "Turtle Bunbury". Dáta rochtana: 1/02/2021.[nasc briste go buan]
  11. 11.0 11.1 "Clare Champion". Dáta rochtana: 1/02/2021.
  12. 12.0 12.1 12.2 "Clare Champion - Paddy Canny".
  13. 13.0 13.1 13.2 13.3 13.4 "An Fhidil". Dáta rochtana: 2/02/2021.
  14. "Irish Tune". Dáta rochtana: 2/02/2021.
  15. 15.0 15.1 15.2 "Gael Force". Dáta rochtana: 2/02/2021.[nasc briste go buan]
  16. "Irish tune composers". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-02-09. Dáta rochtana: 2/02/2021.
  17. "The session". Dáta rochtana: 3/02/2021.
  18. "Irish Tune". Dáta rochtana: 3/02/2021.
  19. 19.0 19.1 19.2 19.3 19.4 19.5 19.6 "Irish Music Review". Dáta rochtana: 3/02/2021.