Páirc Náisiúnta na Mara

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachPáirc Náisiúnta na Mara
CineálMarine national park (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinContae Chiarraí, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid
Tréithe
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann
Teach Dhoire Fhionáin

Suíomh Oidhreachta Domhanda  
Sceilg Mhichíl
CineálOidhreacht chultúrtha  → An Eoraip-Meiriceá Thuaidh
Am1996 (20ú Seisiún), Critéar roghnúcháin don Oidhreacht Dhomhanda: (iii) agus (iv)
Aitheantóir757
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann
Sceilg Mhichíl
Aitheantóir61
Cuir in eagar ar Wikidata
honair
Sceilg Mhichíl

Páirc Náisiúnta na Mara (PNM)[1] suite in Chorca Dhuibhne agus Uíbh Rathach, Contae Chiarraí, i nGaeltacht Chiarraí Thiar. Tá 283 ciliméadar cearnach de limistéir i gceist, ar muir agus ar tír, an Pháirc Náisiúnta is mó sa tír.[2] Ar muir is mó atá an áis agus tá PNM ar an gcéad pháirc náisiúnta farraige sa tír.[3][4][5][6]

Trá Inse[7]

Achar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá níos mó ná 280 km2 d'éiceolaíochta ilchineálacha aige, flóra agus fána de tábhachta idirnáisiúnta, agus beanna sléibhte san áireamh.

Ar na háiteanna atá i bPNM tá beagnach 6 ciliméadar cearnach sa Chonair, a chosain timpeall €6 milliún ar an stát sa bhliain 2023.[8] Tá 1,400 acra sléibhe agus foraoise ag síneadh le Slí na Conarach.

San áireamh sa PNM chomh maith tá talamh ar an mBlascaod Mór, An Tiaracht, Oileáin an Mhachaire, Sceilg Bheag, Sceilg Mhichíl, Duínis, ar Chnoc Bréanainn, Trá Inse[7] agus teach, páirc agus trá Dhoire Fhionáin in Uíbh Ráthach. Ina theannta sin tá abhantrach in aice láimhe - An Abha Mhór, agus 9 gcinn de lochanna - ann. Tá an fharraige timpeall ar na Blascaodaí agus an ceantar caomhnaithe speisialta ag Ceann Chiarraí sa pháirc nua chomh maith.[8]

Cosaint na bithéagsúlachta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá PNM dírithe go háirithe ar chosaint agus ar chothú na bithéagsúlachta agus oidhreacht shaibhir seandálaíochta an cheantair.

Tá cáil na n-éan ar an gceantar a bhfuil fáil ann ar an bpuifín, an guairdeall agus an fabhcún gorm. Tá ainmhithe ann amhail an madra uisce, an broc agus an giorria sléibhe. Is ann atá teacht ar an t-aon chnádán dúchasach sa tír. Chomh maith leis sin feictear san fharraige an míol mór, an liamhán gréine agus an deilf.[8]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. nó "Páirc Náisiúnta Chorca Dhuibhne"
  2. níl ann ach 200 ciliméadar cearnach i bPáirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin
  3. "Ministers announce Ireland’s first Marine National Park" (ga). www.gov.ie (2024-04-22). Dáta rochtana: 2024-04-22.
  4. Tús Áite / RnaG (2024-04-22). "Lá an Domhain: Páirc Náisiúnta na Mara nua fógraithe" (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2024-04-22.
  5. An Saol ó Dheas / RnaG (22 Aib 2024). "Peadar Ó Fionnáin agus Dáithí de Mórdha; Páirc Náisiúnta na Mara Ciarraí." (as ga-IE). 
  6. Raidió na Gaeltachta. (2024-04-22). "Daithí de Mórdha, Tuairisceoir RTÉ" (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2024-04-22.
  7. 7.0 7.1 "Inch, County Kerry" (as en) (2024-03-17). Wikipedia. 
  8. 8.0 8.1 8.2 "An chéad Pháirc Náisiúnta Mara fógartha ag an Rialtas i gCorca Dhuibhne" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-04-22). Dáta rochtana: 2024-04-22.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]