Liamhán gréine
| Cetorhinus maximus | |
|---|---|
| Stádas caomhnaithe | |
| Speiceas i mbaol | |
| AICD | 4292 |
| Tacsanomaíocht | |
| For-ríocht | Holozoa |
| Ríocht | Animalia |
| Fíleam | Chordata |
| Aicme | Chondrichthyes |
| Ord | Lamniformes |
| Fine | Cetorhinidae |
| Géineas | Cetorhinus |
| Speiceas | Cetorhinus maximus Gunnerus, 1765 |
| Léarscáil de raon an tacsóin | |
Is iasc é an liamhán gréine (Cetorhinus maximus),[1] an dara iasc beo is mó ar Domhan, i ndiaidh liamhán an rnhíl mhóir (suas le 12 rn ar fhad, agus timpeall 6 thonna meáchain).[2] Tugtar ainmhí na seolta, cearbhán, liopadaileap, agus seoltóir ar an iasc seo freisin.[3]




Tréithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bíonn cuid acu suas le dhá mhéadar dhéag ar fad, ach liarnhán nearnhurchóideach atá ann.[2] Planctóin a itheann an liamhán gréine. Níl suim ag an liamháin i ndaoine - is ar phlanctóin a mhaireann sé agus sin an fáth a mbíonn a chlab oscailte aige in íomhánnna agus i léaráidí.
Maireann na liamháin in uiscí dromchlacha na farraige agus cruinníonn siad i bhfáinne gar don dromchla, ach thíos futhú sin arís bíonn fáinne eile agus faoi sin arís an tríú fáinne agus iad uilig ag suirí le chéile.[4]
Amach ó chósta na hÉireann
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an ceantar farraige amach ó chósta thiar na hÉireann ar cheann de na limistéir is mó liamhán gréine ar domhan. Tá an oiread sin de na liamháin gréine le feiceáil anois ar chósta thiar na hÉireann, go háirithe idir Ceann Léime an Chláir agus na hoileáin Árann i gContae na Gaillimhe, go bhfuil an ceantar áirithe i measc na limistéir mara is líonmhaire ar fud an domhain. Léiríonn rianú satailíte, clibeáil, sampláil ghéineolaíochta agus cineálacha eile modhanna taifeadaithe go mbíonn na liamháin san fharraige idir Ceann Léime agus na hOileáin Árann agus iad mbun suirí agus póraithe. Tagann siad san Earrach le bheith ag cothú ar an bplanctón agus ansin filleann siad arís sa samhradh chun dul ag suirí agus ag pórú.[4]
Tá na céadta - nó fiú os ceann míle - liamhán sa cheantar seo. Tá sé ag cur go mór leis an turasóireacht muirí agus daoine ag dul ar thurasanna báid ag súil radharc a fháil orthu.
I mí Lúnasa 2025, cuireadh samhail lánmhéide - 10 méadar ar fad - den liamhán ar taispeáint ar an Phóirse Caoch i nGaillimh, seans ag an phobal an t-ainmhí mór seo a fhiosrú agus a bhreathnú. Fráma cruaiche atá inti a bhfuil sraith de stuáil anuas air, agus é cuachta le plaisteach chlúdaigh agus cóta ceaileacó péinteáilte ina mhullach sin uilig.[4]
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá oileáin Árann, agus an Cladach Dubh i dtuaisceart Chontae na Gaillimhe aitheanta le seilg na liamhán san am atá thart. Ach is in Acaill i gContae Mhaigh Eo atá rian na sealgaireachta agus na próiseála go fóill go láidir i gcuimhne na ndaoine. Idir 1950 agus 1964 tugadh suas le 9,000 liamhán i dtír as Cuan Mó. Bhí luach mór ar an ola a dhéantaí le h-ae an ainmhí nuair nach raibh mórán airgid ag daoine agus nuair a bhí costas na hola ard.
Bhí líon mór liamháin gréine le feiceáil thart ar Oileán Mhanainn i Muir Éireann i dtús an 21ú haois ach nach bhfuiltear á bhfeiceáil níos mó. Bhíodh siad líonmhar amach ó Inse Gall in Albain chomh maith ach tá siad imithe i léig ansin le blianta beaga.[4]
Caomhnú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá stádas cosanta dlíthiúil faoin Acht Fiadhúlra ag an liamhán gréine anois le trí bliana.[4]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ i mBéarla, basking shark
- 1 2 Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" Coiscéim.
- ↑ ““Cetorhinus maximus” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-22.
- 1 2 3 4 5 Sorcha Ní Mhonacháin / Nuacht RTÉ (2025-08-24). "Samhail de liamhán gréine ar taispeáint i nGaillimh" (as ga-IE).