Giorria sléibhe
Cuma
| Lepus timidus | |
|---|---|
| Sonraí | |
| Tréimhse iompair | 50 laethanta |
| Tréimhse saoil is faide | 18 bliain |
| Gnáthóg | féarthalamh |
| Stádas caomhnaithe | |
| Speiceas is lú imní | |
| AICD | 11791 |
| Tacsanomaíocht | |
| Aicme | Mammalia |
| Ord | Lagomorpha |
| Fine | Leporidae |
| Géineas | Lepus |
| Speiceas | Lepus timidus Linnaeus, 1758 |
| Léarscáil de raon an tacsóin | |
Mamach beag is ea an giorria sléibhe.[1] Donnghlas a bhíonn a fhionnadh sa samhradh agus geal a bhíonn a bholg. Sa gheimhreadh is amhlaidh a bhíonn an fionnadh geal (sna tíortha le sneachta) nó glas, cé go bhfanann an dath dubh ar bharr na gcluas. In Éirinn, donn a bhíonn a fhionnadh ó cheann ceann na bliana.
I gcoillearnach dhuillsilteach oscailte agus ar mhóinteáin arda a chónaíonn sé. Tá sé le fáil in Éirinn, in Albain agus ó Chríoch Lochlann soir. Ní fhaightear níos faide ó dheas é ach amháin sna hAlpa.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““Lepus timidus” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
| Is síol ainmhí é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |