Páirc Náisiúnta na Mara
Cineál | Marine national park (en) | |||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
Limistéar riaracháin | Contae Chiarraí, Éire | |||
Codanna | ||||
Tréithe | ||||
Achar | 283.3 km² | |||
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann | ||||
Tigh Mór Dhoire Fhionáin | ||||
| ||||
Suíomh Oidhreachta Domhanda | ||||
Sceilg Mhichíl | ||||
Cineál | Oidhreacht chultúrtha → An Eoraip-Meiriceá Thuaidh | |||
Am | 1996 (20ú Seisiún), Critéar roghnúcháin don Oidhreacht Dhomhanda: (iii) agus (iv) | |||
Aitheantóir | 757 | |||
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann | ||||
Sceilg Mhichíl | ||||
Aitheantóir | 61 | |||
Gníomhaíocht | ||||
Dáta a bunaíodh | 2024 | |||
Suíomh gréasáin | nationalparks.ie… | |||
Tá Páirc Náisiúnta na Mara (PNM)[1] suite in Chorca Dhuibhne agus Uíbh Rathach, Contae Chiarraí, i nGaeltacht Chiarraí Thiar.[2] Tá 283 ciliméadar cearnach de limistéir i gceist, ar muir agus ar tír, an Pháirc Náisiúnta is mó sa tír.[3] Ar muir is mó atá an áis agus tá PNM ar an gcéad pháirc náisiúnta farraige sa tír.[4][5][6][7]
Achar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá níos mó ná 280 km2 d'éiceolaíocht ilchineálach inti, flóra agus fána atá tábhachtach go hidirnáisiúnta, agus beanna sléibhe san áireamh.
Ar na háiteanna atá i bPNM tá beagnach 6 ciliméadar cearnach sa Chonair, a chosain timpeall €6 milliún ar an stát sa bhliain 2023.[9] Tá 1,400 acra sléibhe agus foraoise ag síneadh le Slí na Conarach.
San áireamh sa PNM chomh maith tá talamh ar an mBlascaod Mór, An Tiaracht, Oileáin an Mhachaire, Sceilg Bheag, Sceilg Mhichíl, Duínis, ar Chnoc Bréanainn, Trá Inse[8] agus teach, páirc agus trá Dhoire Fhionáin in Uíbh Ráthach. Ina theannta sin tá abhantrach in aice láimhe — An Abha Mhór, agus naoi gcinn de lochanna — ann. Tá an fharraige timpeall ar na Blascaodaí agus an ceantar caomhnaithe speisialta ag Ceann Chiarraí sa pháirc nua chomh maith.[9]
Cosaint na bithéagsúlachta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá PNM dírithe go háirithe ar chosaint agus ar chothú na bithéagsúlachta agus oidhreacht shaibhir seandálaíochta an cheantair.
Tá cáil na n-éan ar an gceantar a bhfuil fáil ann ar an bpuifín, an guairdeall agus an fabhcún gorm. Tá ainmhithe ann amhail an madra uisce, an broc agus an giorria sléibhe. Is ann atá teacht ar an t-aon chnádán dúchasach sa tír. Chomh maith leis sin feictear san fharraige an míol mór, an liamhán gréine agus an deilf.[9]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ nó "Páirc Náisiúnta Chorca Dhuibhne" nó i mBéarla, Kerry Seas National Park nó the National Maritime Park
- ↑ nationalparks.ie as Gaeilge. "Páirc Náisiúnta na Mara, Ciarraí" (ga-IE). National Parks of Ireland. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-06-22. Dáta rochtana: 2024-06-22.
- ↑ níl ann ach 200 ciliméadar cearnach i bPáirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin
- ↑ "Ministers announce Ireland’s first Marine National Park" (ga). www.gov.ie (2024-04-22). Dáta rochtana: 2024-04-22.[nasc briste go buan]
- ↑ Tús Áite / RnaG (2024-04-22). "Lá an Domhain: Páirc Náisiúnta na Mara nua fógraithe" (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2024-04-22.
- ↑ An Saol ó Dheas / RnaG (22 Aib 2024). "Peadar Ó Fionnáin agus Dáithí de Mórdha; Páirc Náisiúnta na Mara Ciarraí." (as ga-IE).
- ↑ Raidió na Gaeltachta. (2024-04-22). "Daithí de Mórdha, Tuairisceoir RTÉ" (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2024-04-22.
- ↑ 8.0 8.1 "Inch, County Kerry" (as en) (2024-03-17). Wikipedia.
- ↑ 9.0 9.1 9.2 "An chéad Pháirc Náisiúnta Mara fógartha ag an Rialtas i gCorca Dhuibhne" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-04-22). Dáta rochtana: 2024-04-22.