Oileáin Fharó

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilOileáin Fharó
Føroyar (fo) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnTú alfagra land mítt Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 61°58′12″N 6°50′40″W / 61.9699°N 6.8445°W / 61.9699; -6.8445
Stát ceannasachRíocht na Danmhairge Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairTórshavn Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán54,149 (2023) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús38.71 hab./km²
Teanga oifigiúilan Fharóis
an Danmhairgis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deRíocht na Danmhairge
the unity of the Realm (en) Aistrigh
Tuaisceart na hEorpa Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla1,399 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceMuir na hIorua Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeSlættaratindur (en) Aistrigh (880 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Cruthú1 Aibreán 1948
Eachtra thábhachtach
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht reachtachLøgting (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
• Ceannaire stáitMargrethe II na Danmhairge (1972–2024) Cuir in eagar ar Wikidata
• Príomh-Aire Oileáin Fharó Cuir in eagar ar WikidataAksel V. Johannesen (en) Aistrigh (2015–) Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
OTI ainmniúil3,649,878,680 $ (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
OTI ainmniúil in aghaidh an duine3,000,000,000 $ (2017) Cuir in eagar ar Wikidata
Airgeadrakróna Oileáin Fharó Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.fo Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód+298 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir theileafóin éigeandála112 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód tíreFO Cuir in eagar ar Wikidata

Oileáin Fharó (Faróis: Føroyar) nó Na Scigirí, suite in iarthuaisceart na hEorpa, idir an tAigéan Atlantach agus an Mhuir Ioruach.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Léarscáil Oileáin Fharó

Thug gasra manach caoirigh, coirce agus an teanga Ghaeilge aneas leo sa 6ú haois, agus deirtear gur thug Naomh Breandán (484-578) cúpla cuairt ar na hoileáin idir na blianta 512 agus 530. Tháinig Lochlannaigh in ionad na nGael timpeall 650 - daoine ó Shealtainn, ó Inse Oirc, agus ó Inse Gall. Thugtaí Na Scigirí ar Oileáin Fharó, ainm a thagann ó Skeggjar, agus a bhfuil baint aige, b'fhéidir, le Eyja-Skeggjar (féasóga oileánacha), leasainm a thugtaí ar mhuintir na n-oileán.

De réir mar a deir Færeyinga Saga, chuir Ioruaigh fúthu ar na hoileáin timpeall dheireadh an 9ú haois agus iad ag teitheadh ó mhursantacht Harald I na hIorua. Go luath sa 11ú haois d'éalaigh Sigmundur Brestirson chun na hIorua ó na hoileáin theas, áit ar dhíothaigh naimhde aduaidh formhór a mhuintire; cuireadh ar ais é chun na hoileáin a ghabháil ar son Olaf Tryggvason (Olaf I na hIorua). Thug sé an Chríostaíocht anall leis, agus cé gur maraíodh é d'fhan an Iorua i réim ann. Sin mar a bhí an scéal go dtí an bhliain 1380, nuair a nascadh an Iorua agus an Danmhairg le chéile, rud a d'fhág na hoileáin faoi smacht na Danmhairge i ndeireadh na dála. Sa bhliain 1538 tháinig an Protastúnachas i dtreis sna hoileáin.

Scaradh an Iorua agus an Danmhairg óna chéile sa bhliain 1814 de bharr Chonradh Kiel, ach ba leis an Danmhairg na hoileáin fós. Cealaíodh an mhonaplacht trádála sna hoileáin sa bhliain 1856, rud a chuir ar chumas na bhFaróch brabach a bhaint as cabhlach iascaireachta dá gcuid féin. Tháinig an náisiúnachas chun cinn ón mbliain 1888, rud a bhain le saothrú na teanga ar dtús agus, tar éis na bliana 1906, le cúrsaí polaitíochta, ós sa tréimhse sin a bunaíodh páirtithe polaitiúla.

Shealbhaigh saighdiúirí Briotanacha Oileáin Fharó ar 12 Aibreán 1940, rud a rinneadh chun smacht na Breataine ar an Aigéan Atlantach Thuaidh a threisiú tar éis gur fhorghabh na Gearmánaigh an Danmhairg. Tháinig na hoileáin ar ais faoi riail na Danmhairge tar éis an chogaidh, ach sa bhliain 1948 cuireadh rialtas dúchais ar bun, agus thogair na Faróigh gan dul sa Chomhphobal Eorpach leis an Damhairg sa bhliain 1973. Chlis an tionscal iascaireachta sna nóchaidí, rud a ghríosaigh na Faróigh chun an geilleagar a fhairsingiú.

Cúrsaí polaitíochta[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Tinganes i dTórshavn, príomhionad an rialtais

Tugtar LøgmaðurPríomh-Aire ar cheann an rialtais, agus landsstýrismaður ar Aire. Bíonn toghcháin áitiúla ann, toghcháin náisiúnta don Løgting (parlaimint na n-oileán), agus toghcháin don Folketing sa Danmhairg. Baineann seacht dtoghcheantar leis an Løgting.

Oileáin Fharó agus an Danmhairg[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Oileáin Fharó faoi riail na Danmhairge ón mbliain 1388 i leith, agus an Danmhairg atá i mbun gnóthaí cosanta, dlí agus seachtracha. Sa bhliain 1816 cuireadh deireadh leis an Løgting, rud a d'fhág na hoileáin mar chúige agus Maor ina cheannas. Tháinig an Løgting ar ais sa bhliain 1851, cé nach raibh ann ach foras comhairleach go dtí an bhliain 1948.

Sa bhliain 1946 vótáil pobal na n-oileán i ngeall ar cheist an neamhspleáchais; bhí móramh beag ar son scaradh leis an Danmhairg, ach theip ar an rialtas socrú a dhéanamh dá réir, agus tamall ina dhiaidh sin tháinig rialtas nua i dtreis a dhiúltaigh don scaradh. Rinneadh comhréiteach: cuireadh dlí féinrialaithe i bhfeidhm sa bhliain 1948 agus thug an Danmhairg fóirdheontas mór bliantúil.

Faoi láthair ní mór an difríocht atá idir líon na ndaoine atá i bhfabhar neamhspleáchais agus líon na ndaoine atá ina choinne. Tá tuairimí difriúla le cloisteáil i measc an dá dhream, agus bheadh fáilte roimh breis féinrialaithe go fiú ag daoine atá i bhfabhar an aontais.

Oileáin Fharó agus an tAontas Eorpach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Deir Conarthaí na Róimhe go soiléir nach mbaineann na hoileáin leis an Aontas Eorpach, agus deir prótacal speisialta, má tá saoránaigh Dhanmhargacha ina gcónaí sna hoileáin, nach meastar gur saoránaigh Dhanmhargacha iad de réir na gConarthaí. Fágann seo nach saoránaigh de chuid an Aontais Eorpaigh iad (cé gur saoránaigh de chuid an AE fós iad daoine eile ón AE atá ina gcónaí ann). Ní bhaineann Oileáin Fharó le Comhaontú Schengen, comhaontú saorghluaiseachta, ach ní call do na Faróigh pas a thaispeáint agus iad ag taisteal idir tíortha de chuid Schengen.[1]

Réigiúin agus comhairlí áitiúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá ceithre chomhairle áitiúla is tríocha ag an hoileáin, agus timpeall 120 sráidbhaile agus baile mór ag baint leo. Tá sé réigiún thraidisiúnta (sýslur) ann: Norðoyar, Eysturoy, Streymoy, Vágar, Sandoy agus Suðuroy, agus bhí a thionól féin ag gach ceann acu tráth.

Tíreolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sørvágur ar oileán Vágoy

Tá Oileáin Fharó leath slí idir an Íoslainn agus an Iorua, agus is iad oileáin na hAlban an chríoch is neasa dóibh. Comhordanáidí: 62.00 thuaidh, 06.47 thiar.

Tá 1,399 ciliméadar cearnach iontu, agus níl lochanna móra ná aibhneacha móra ann. Is é Lítla Dímun an t-aon oileán amháin nach bhfuil daoine ina gcónaí ann. Oileáin creagacha is ea iad, agus aillteacha ar gach taobh díobh beagnach. Slættaratindur an sliabh is airde, agus tá áiteanna ann atá níos ísle ná an fharraige.

Rinneadh an chuid is mó de na hoileáin de laibhe bhasaltach de chuid na ré Pailéigéiní (an ré is déanaí den stair gheolaíoch).[2]

Geilleagar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Iascaire in Klaksvík

Le tamall anuas tá rath ag teacht ar gheilleagar na n-oileán agus an ráta dífhostaíochta ag titim, ach táthar ag brath go han-mhór ar an iascaireacht go fóill, cé go mb'fhéidir go mbeadh peitriliam le fáil láimh leis na hoileáin. Idir an dá linn, faightear 20% den bhuiséad náisiúnta ón Danmhairg. Tá dlús á chur le tionscadail teicneolaíocht faisnéise agus ghnó ón mbliain 2000 i leith, ach téann mórán daoine óga chun na Danmhairge agus chun tíortha eile tar éis dóibh an mheánscoil a fhágáil, agus fágtar na seandaoine ina ndiaidh. Sa bhliain 2008 bhí Oileáin Fharó in ann $52 milliún a thabhairt ar iasacht don Íoslainn de bharr an tír úd a bheith i gcruachás tar éis chliseadh na mbancanna.[3]

Iompar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Smyril, bád farantóireachta

Tá an-dul chun cinn déanta i gcúrsaí iompair. Tá tonnáin, droichid agus cabhsaí idir na trí oileán is mó agus trí oileán mhóra eile san oirthuaisceart, agus freastalaíonn baid thapa farantóireachta ar an dá oileán mhóra theas. Tugann bóithre maithe chun gach sráidbhaile thú, cé is moite de shráidbhailte i seacht gcinn de na hoileáin is lú.

Deimeagrafaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinceoirí in éide thraidisiúnta

De shliocht Lochlannach agus Ceilteach formhór mór na bhFaróch.[4] An anailís is déanaí a rinneadh ar an DNA taispeánann sí gur leis an Lochlainn a bhaineann 87% de na crómasóim Y.[5] Tagann 84% den DNA miteacoindreach (DNA a bhaineann le mná) ó mhuintir na hAlban agus na hÉireann.

Baineann muintir na n-oileán le seacht dtír is seachtó faoi láthair, ach baineann an chuid is mó díobh (98%) le Ríocht na Danmhairge.

Is í an Fharóis príomhtheanga na n-oileán, cé go gcaithfear Danmhairgis a fhoghlaim ar scoil. Is cosúil litriú na Faróise le litriú na hÍoslainnise, ach is cosúla an Fharóis labhartha le canúintí iarthar na hIorua. Tá teaghlaigh Dhanmhairgeacha sna hoileáin a labhraíonn Danmhairgis sa bhaile. Cruthaítear téarmaíocht nua i bhFaróis de réir mar is gá.

Fás an daonra (1327-2004)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Stampa Faróch le hAnker Eli Petersen ag ceiliúradh theacht na Críostaíochta

Is dócha nár sháraigh an daonra 5,000 duine go dtí an t-ochtú haois déag, agus timpeall na bliana 1349 fuair tuairim is leath an phobail bás den phlá. Ón 18ú amach tháinig méadú mór ar an bpobal, ó b'fhusa teacht i dtír ar an iascaireacht agus ó bhí cúrsaí sláinte ag dul i bhfeabhas.

Bliain Daonra
1327 ca. 4,000
1350 ca. 2,000
1769 4,773
1801 5,255
1834 6,928
1840 7,314
1845 7,782
1850 8,137
1855 8,651
1880 11,220
1900 15,230
1911 ca. 18,800
1925 22,835
1950 31,781
Bliain Daonra
1970 ca. 38,000
1975 40,441
1985 45,749
1989 47,787
1995 43,358
1996 43,784
1997 44,262
1998 44,817
1999 45,409
2000 46,196
2001 46,996
2002 47,704
2003 48,214
2004 48,353

Aeráid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Aeráid Fho-Artach Mhara atá ann de réir rangú Köppen. Bíonn aeráid an n-oileán á fuarú ag an Aigeán Atlantach. Ach tugann an Sruth Atlantach Thuaidh uisce measartha te leis ann ó Mhurascaille Mheicsiceo, rud a fhágann nach mbíonn an geimhreadh rófhuar (idir 3.0 agus 4.0 °C), cé go mbíonn an samhradh fionnuar (idir 9.5 agus 10.5 °C) de bharr thionchar an aigéin féin. Bíonn an aimsir garbh, scamallach agus fionnuar ar feadh na bliana, agus 260 lá báistí ann. Bíonn lagbhrúnna ag gabháil soir ó thuaidh agus is minic gaoth mhór agus greadadh báistí ann.[6]

Plandaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é an fásra is dual do na hoileáin féar, fraoch (go háirithe fraoch coiteann - Calluna vulgaris), caonach, crotal agus bláthanna fiáine. Níl crainn ann, agus tá cuma Chonamara ar an áit dá bharr.

Ainmhithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad na héin is mó atá le feiceáil in Oileáin Fharó éin farraige agus éin a dtaitníonn an blár fairsing leo. Tá fochineálacha ar leith de speicis choitianta le fáil ann: an t-éadar (Somateria mollissima), an druid (Sturnus vulgaris), an dreoilín (Troglodytes troglodytes), an fhoracha (Uria aalge) agus an fhoracha dhubh (Cepphus grylle). Bhíodh an fiach breac ann, ach tá sé imithe in éag anois.

Caoirigh ar Suðuroy, an t-oileán is faide ó dheas

Sinigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá rónta glasa (Halichoerus grypus) an-choitianta cois farraige, agus tá a lán míolta móra le feiceáil ann. Is é an cineál is coitianta an píolótach (Globicephala melaena), ach uaireanta tá an chráin dhubh (Orcinus orca) le feiceáil. Cibé sinigh fhiáine eile atá le fáil sna hoileáin anois, daoine a thug isteach iad.

An Dúlra agus an Bhitheolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá cnuasach algae ó Oileáin Fharó le fáil in Iarsmalann Uladh: uimhreacha catalóige F3195—F3307. Bailíodh iad de bharr suirbhé a rinneadh faoi choimirce NATO, Iarsmalann na Breataine (Dúlra) agus Fhundúireacht Carlsberg. Ceann de dheich sraith exsiccatae iad.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Coinbhinsiún Schengen á chur i bhfeidhm ag an bPríomh-Aire de réir mar a cheadaigh an Løgting (Faróch agus Danmhargach) é". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-07-21. Dáta rochtana: 2009-07-23.
  2. "Brittle tectonism in relation to the Palaeogene evolution of the Thulean/NE Atlantic domain: a study in Ulster". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-08-13. Dáta rochtana: 2009-07-23.
  3. Iceland, Mired in Debt, Blames Britain for Woes - New York Times
  4. Highly discrepant proportions of female and male Scandinavian and British Isles ancestry within the isolated population of the Faroe Islands Thomas D Als, Tove H Jorgensen, Anders D Børglum, Peter A Petersen, Ole Mors agus August G Wang, 25 Eanáir 2006
  5. The origin of the isolated population of the Faroe Islands investigated using Y chromosomal markers[nasc briste go buan] Tove H. Jorgensen, Henriette N. Buttenschön, August G. Wang, Thomas D. Als, Anders D. Børglum and Henrik Ewald1, 8 Aibreán 2004.
  6. GHCN Climate data, Thorshavn series 1881 to 2007
  • Irvine, D.E.G. 1982. Seaweeds of the Faroes 1: The flora. Bull. Br. Mus. nat. Hist. (Bot.) 10: 109 - 131.
  • Tittley, I., Farnham, W.F. and Gray, P.W.G. 1982. Seaweeds of the Faroes 2: Sheltered fjords and sounds. Bull. Br. Mus. nat. Hist. (Bot.) 10: 133 - 151.
  • Irvine, David Edward Guthrie. 1982. Seaweed of the Faroes 1: The flora. Bull. Br. Mus. nat. Hist. (Bot.) 10(3): 109 - 131.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]