Dreoilín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoDreoilín
Troglodytes troglodytes Cuir in eagar ar Wikidata

Troglodytes troglodytes troglodytes Cuir in eagar ar Wikidata
Taifead
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Réise sciathán15 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Meánlíon in ál6.3 Cuir in eagar ar Wikidata
Stádas caomhnaithe
Speiceas is lú imní
UICN103883277 Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
AicmeAves
OrdPasseriformes
FineTroglodytidae
GéineasTroglodytes
SpeiceasTroglodytes troglodytes Cuir in eagar ar Wikidata
(Linnaeus, 1758)
Ainmníocht
An chéad ainm Laidine a bhí airMotacilla troglodytes Cuir in eagar ar Wikidata
Léarscáil de raon an tacsóin

Cuir in eagar ar Wikidata
Ceantair eindéimeacha
Baineann an t-alt seo leis an speiceas coitianta Troglodytes troglodytes; má tá suim agat in éin eile a dtugtar “dreoilín” orthu, féach Dreoilín (fine).
Cuculus canorus canorus + Troglodytes troglodytes
Troglodytes troglodytes troglodytes

Éan beag ceoil atá sa dá leathsféar den Domhan, ach clanna éagsúla sa dá cheann, is ea an dreoilín. An-fhlúirseach i Meiriceá teochreasach. A chlúmh donn nó scothdhearg in uachtar, agus bán, liath nó donnbhuí in íochtar. Patrún gleoite rialta ar a sciatháin is an dá thaobh dá bholg. Gob fada air, is a eireaball in airde. Itheann sé feithidí is damháin alla. Déanann an fireannach an-chuid ceoil, tríleach ard thar cheol aon éin eile. Déanann sé nead i gcruth sféir agus poll sa taobh mar bhealach isteach is amach, as caonach is féar, le cleití mar líneáil. Tógann sé dhá ál sa bhliain. An dara éan is lú in Éirinn, ach “rí na n-éan”.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Dreoilín". Fréamh an Eolais. Coiscéim.