Ocsatáinis Auvèrnhe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaOcsatáinis Auvèrnhe
Auvernhat

Cineálcanúint
Canúint naNorth Occitan (en) Aistrigh
Úsáid
Cainteoirí dúchais80,000
Stáitan Fhrainc
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Iodáilice
teangacha Rómánsacha
teangacha Iodál-Iartharacha
teangacha Rómánsacha Iartharacha
teangacha Gall-Ibéaracha
Gallo-Romance (en) Aistrigh
Occitano-Romance (en) Aistrigh
an Ocsatáinis
North Occitan (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir Laidineach
Leibhéal leochaileachta4 severely endangered (en) Aistrigh
Cóid
ISO 639-3auv
Glottologauve1239
Linguasphere51-AAA-gi
UNESCO333
IETFoc-auvern
Endangered languages8630

Canúint na hOcsatáinise[1] is ea í Ocsatáinis AuvèrhneAbharnais (sa teanga: "auvernhat"). Labhraítear an teanga i gcuid den Massif Central, agus go háirithe in Auvèrnhe, an réigiún as a dtagann a hainm.

Bhí ~80 000 cainteoirí ag an teanga in Auvèrhne[2] ag tús an 21ú haois, agus is cosúil go bhfuil Ocsatáinis Auvèrnhe i mbaol báis.

Rangú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Canúintí agus fo-chanúintí in Atlas Teangeolaíoch agus Eitneagrafach an Massif Central de réir Henri Guiter.

De réir taighde agus speisialtóirí, is canúint Ocsatáineach í an Abharnais, sa ngrúpa Oirthuaisceartach.[3][4] Cosnaíonn an Cercle Terre d’Auvergne, cumann réigiúnach, dearcadh mionlaigh, gur teanga rómánsach neamhspleách í an Abharnais, gan stádas mar chanúint Ocsatáineach.

Canúintí éagsúla na hOcsatáinise. (Ainmeacha sa bhFraincis) Corcra: Limousin Donn: Marchois Dearg: Languedocien Gorm: Gascon Glas dorcha: Auvergnat Glas éadrom: Vivaro-alpin Oráiste: Provençal

Cláraíonn formhór na dteangeolaithe, go háirithe Albert Dauzat, Anthony Lodge, Pierre Bec agus Jean-Pierre Chambon [5] an Abharnais mar chanúint na hOcsatáinise. Tá an tacsanomaíocht seo bunaithe go príomha ar logainmneacha,[6] ráitis stairiúla ar an teanga, mar shampla cuntais chonsail Montferrand (13ú–14ú haois),[7] scríbhinní na Cantal (13ú–16ú haois), agus canúintmhéadracht.[8]

Dúirt an tUachtarán Pompidou, ag labhairt na hOcsatáinise Auvèrnhe lena vótálaithe gur "Abharnach, mar sin Ocsatáineach” é. Aithníonn an riarachán oifigiúil — an Stát leis an gcóras oideachais — an Abharnais mar chanúint Ocsatáineach.

Cuireann an chuid is mó de na húdair áitiúla 'canúint na hOcsatáinise' ar an teanga. Bhí Ocsatáinis Auvèrnhe mar theanga teaghlaigh ag Jean Anglade ina óige, rud a thug an-chabhair dó chun Iodáilis a fhoghlaim agus a bheith ina aistritheoir de Machiavelli, François d'AssiseBoccaccio.

Raon agus éagsúlacht réigiúnach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Abharnais mar atá sainmhínithe ag Frédéric Mistral le Auvèrnhe stairiúil.
Auvergnat-Limousin de réir Jules Ronjat.
Sárchanúintí de na teangacha Ocsatáin-Rómánsacha (Ocsatáinis, Catalóinis) (Bec, Phalip, Sumien).

Measann Jean Roux, tar éis Roger Teulat, Jules Ronjat, Jacques Allières, go bhfuil dhá phríomhchineál den teanga ann:

  • Abharnais an tuaiscirt in Puy-de-Dôme, i ndeisceart Allier agus Haute-Loire. Tá an réigiún seo suite sa Chorrán, ceantar teanga le tionchair ón bhFraincis, nach Ocsatáineach go formhór. Seachas an bhéim, an chomhréir agus an fhoghraíocht, tá gnéithe Ocsatáineacha fós ceannasach.
  • Auvergne an deiscirt in Cantal, Haute-Loire, Lozère agus Ardèche.

Gnéithe sainiúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

Saintréithe comónta na hAbharnaise leis na canúintí eile sa tuaisceart:

  • Palatú na ngrúpaí ca - agus ga - go dtí cha - agus ja- : lo jau chanta.

Saintréithe comónta na hAbharnaise le hOcsatáinis an tuaiscirt agus an Ocsatáinis Provence (seachas Ocsatáinis Languedoc agus Ocsatáinis Gascogne):

  • Fágtar a amach ag tús focail go minic: m.sh. achabar ("críochnaigh”) mar 'chabar'.[9][10]
  • Fágtar na consain ag deireadh focail amach: m.sh. chantat mar chanta'.

Saintréithe intreacha Ocsatáinis Auvèrnhe:

  • Úsáid z - roimh ghuta in Puy-de-Dôme z-ai pas solaçat bei te.
  • Consain charballacha roimh i agus u: libre [jibrə], nód [nyj].
  • Uaireanta fuaimnítear qu agus cu mar [ty].
  • Fuaimnítear gl mar [ʎ] / [j], la glèisa ; [la ˈʎejza] in Puy-de-Dôme.
  • Fuaimnítear gu mar [dj] san aimsir chaite: vengut [bindjü].
  • Fuaimnítear s roimh i agus u mar [ʃ], agus mar [ʒ] idir gutaí.

Saintréithe an tuaiscirt:

  • Fuaimnítear cl mar [kj] nó [klj]; Clarmont [kjaʀˈmuŋ] nó [kljaʀˈmuŋ] (i Limousin agus Cisalpine).
  • Fuaimnítear, i roinnt canúintí, èr mar [jaʀ] ivèrn / eiviar [iˈvjaʀ], fèr-fèrre / fïà- fiar [ˈfjaʀ], Auvèrnha [œˈvjaʀɲə].
  • Uaireanta, mar a tharlaíonn in vivaro-alpach, fágtar s idir gutaí amach; la chamisa [an tsaˈmjɔ] nó la chamia .
  • Fuaimnítear és béimeach mar [ɛj] nó [ij]; lo Barbonés [lø baɾbuˈnɛj] nó [lø baɾbuˈnij]; in áit iar-tonach fuaimnítear é mar [e] nó [i] (mar shampla iolra firinscneach, [luˈzɔme / luˈzɔmi]).
  • De ghnáth fuaimnítear es ag tús focal mar [ɛj] nó [i], escòla [ɛjˈkɔlɔ], nó estrangèir [ɛj.tɾanˈd͡zɛj]. Ar an láimh eile, fuaimnítear mar [s] é sna "focail foghlamtha”: espòrt / spor [ˈspɔʁ], estacion [staˈsju] nó fiú estilò [stʝiˈlo].

Saintréithe chanúintí an deiscirt:

  • Fuaimniú athraitheach l idir gutaí ([g], [w], [v]).
  • Fuaimnítear an / anh in áit bhéimeach mar [ɔ / ɔɲ].

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Domergue Sumien (2009). "Classificacion dei dialècles occitans" (as oc) (pdf). Linguistica occitana - VII. ISSN 0338-2419. .
  2. Bernissan, Fabrice (Juillet-Décembre 2012). "Combien de locuteurs compte l’occitan en 2012 ?". Revue de linguistique romane 76 (303-304): 494. Strasbourg: Société de linguistique romane. [nasc briste go buan].
  3. Domergue Sumien (03 Mars 2014). "Lo nòrd-occitan: mites e realitats (II)" (as occitan). Jornalet. ISSN 2385-4510.  Curtha i gcartlann 2020-08-13 ar an Wayback Machine
  4. "« L'occitan, une langue »" (français).
  5. Jean-Pierre Chambon, Terence R. Wooldridge.
  6. Chambon Jean-Pierre, Grélois Emmanuel.
  7. "« Les comptes des consuls de Montferrand (1273–1319) - Glossaire »" (fr oc). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-01-25.
  8. Hans Goebl, "Regards dialectométriques sur les données de l'Atlas linguistique de la France (ALF).
  9. Domergue Sumien (31 mars 2020). "’Chabatz d’entrar dins lo mond fascinant de l’aferèsi" (as occitan). Jornalet. Toulouse, Barcelone: Associacion entara Difusion d'Occitània en Catalonha (ADÒC). ISSN 2385-4510.  Curtha i gcartlann 2020-09-28 ar an Wayback Machine
  10. Patrick Sauzet, Guylaine Brun-Trigaud (2013). "Le Thesaurus Occitan : entre atlas et dictionnaires" (as français). Corpus 12: 105-140. Nice: Université Nice-Sophia-Antipolis. ISSN 1765-3126.