Niall Ó Ciosáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Niall Ó Ciosáin
Saol
Gairm

an Dr Niall Ó Ciosáin ar na scoláirí is suntasaí in Éirinn ina réimse féin. Tá iomrá leis de bharr an taighde atá déanta aige ar chúrsaí teanga, clódóireachta agus gnáthchultúir in Éirinn sa 19ú haois, agus tá rian an taighde sin le fáil anois ar shaothar staraithe eile.

Fuair sé BA ó Choláiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath agus PhD ó Institiúid Eorpach na hOllscoile i bhFlórans. Tá sé ina léachtóir in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.[1]

I measc rudaí eile, tá léargas déanta aige ar cá mhéad leabhar agus eile a bhí á bhfoilsiú i nGaeilge sa chéad chuid den 19ú haois déag agus ar úsáid an litrithe foghraíochta ag an am. Tá sé áitithe aige gur féidir litearthacht i dteanga amháin a chur chun tairbhe i dteanga eile agus gur tháinig méadú ar lucht léite na Gaeilge dá bharr roimh an Drochshaol.[2]

Sa bhliain 2011 bhí sé ina chomhalta de chuid Lárionad Léinn Choláistí Mhuire agus Newman, Ollscoil Melbourne, rud a chuir ar a chumas taighde a dhéanamh ar théacsanna Gaeilge de chuid bhailiúchán Uí Dhomhnaill.[3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Roinnt leabhar agus alt[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Print and Popular Culture in Ireland 1750-1850. London: Macmillan Press, 1997
  • ’Language, print and the Catholic church in Ireland, 1700-1900’ in Donald McNamara (eag.), Which Direction Ireland?. Cambridge Scholars Press 2007, 125-38
  • Print and Irish, 1570-1900: An exception among the Celtic languages?' Radharc: A journal of Irish and Irish-American Studies 5-7 (2004-6), 73-106
  • 'Old languages in a new country: publishing and reading in the Celtic languages in nineteenth-century Australia,' Australasian Journal of Irish Studies Vol.12
  • ’Bacaigh agus Boccoughs. Fianaise ar chultúr na Gaeilge sa naoú céad déag’ in Diarmuid Ó Giolláin (eag.), Féilscríbhinn Ghearóid Uí Chrualaoich, Cork University Press 2012

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]