Nicholas M. Wolf

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaNicholas M. Wolf
Gníomhaíocht
Gairmleabharlannaí, scoláire Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Nua-Eabhrac Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinnmwolf.net Cuir in eagar ar Wikidata

Scoláire Meiriceánach is ea an Dr Nicholas Wolf. Is Gaeilgeoir é agus tá obair shuntasach déanta aige i gcúrsaí léinn Éireannaigh.

Scoláire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ollamh cúnta in Virginia Commonwealth University is ea Nicholas Wolf.[1] Fuair sé PhD ó Ollscoil Wisconsin-Madison sa bhliain 2008. Tá suim ar leith aige i stair chultúrtha na hËireann sa 19ú haois agus sna torthaí éagsúla a bhí ar mheath na Gaeilge.

Tá a lán deontas agus comhaltachtaí faighte aige, agus bhí sé ar an mbeirt a fuair Duais Adele Dalsimer um Thráchtas Dearscnaitheach sa bhliain 2009 ó Chomhdháil Mheiriceánach an Léinn Éireannaigh. Ba é a thráchtas-san Language Change and the Evolution of Religion, Community, and Culture in Ireland, 1800-1900.[2]

Tá an Dr Wolf ar dhuine de na scoláirí atá chun tosaigh sa taighde nua atá á dhéanamh ar léamh agus scríobh na Gaeilge sa 19ú haois agus ar an mbaint a bhí aige sin le litríocht na linne. Tá ailt leis le fáil ar New Hibernia Review, ar an Journal of British Studies, agus ar Power and Popular Culture in Modern Ireland [3]

Fuair an Dr Wolf comhaltacht ón Lárionad Léinn Choláistí Mhuire agus Newman, Ollscoil Melbourne, le haghaidh na bliana 2012. Bhí sé ag déanamh taighde ar bhailiúchán Niocláis Uí Dhomhnaill, cnuasach fíorthábhachtach téacsanna de chuid na hAthbheochana.[4]

Áitiú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Áitíonn Nicholas Wolf go raibh an Ghaeilge fite fuaite i nuachóiriú na hÉireann sa 19ú haois i gcúrsaí creidimh, dlí agus polaitíochta. Fágann sé sin go raibh an t-aistriú ó Ghaeilge go Béarla sa 19ú haois níos casta agus níos neamhdhírí ná mar a deirtear go minic.

Tá feidhm bainte aige as foinsí a dhéanann léiriú díreach ar dhearcadh an ghnáthphobail i leith na Gaeilge, go háirithe Cnuasach Bhéaloideas Éireann. Is é a thuairim go dtugtar an iomarca airde ar dhearcadh úrscéalaithe meánaicmeacha, filí agus scríobhaithe Gaeilge, náisiúnaithe agus lucht riaracháin i leith na Gaeilge. Maíonn sé go ndeachaigh leas aicme, cuspóirí pearsanta agus imirt na cumhachta i bhfeidhm ar an dearcadh úd.

Ní thig Wolf leo siúd a deir gur neartaíodh úsáid an Bhéarla de bharr leasú nósanna adhartha agus bhuanú an cheartchreidimh nua iar-Thriontaigh. A bharúil gur minic a d'éascaigh an socrú nua úsáid na Gaeilge. Thug cuid de na heaspaig iarracht ar shagairt le Gaeilge a sholáthar do phobail Ghaeilge agus mhol siad úsáid na teanga sa séipéal.

Ní fíor ach oiread, dar le Wolf, go raibh lagú na teangan ag brath, a bheag nó a mhór, ar stádas íseal lucht a labhartha, ó tá déanta amach aige go raibh miondifríochtaí tábhachtacha sóisialta i bpobail a bhí ag tiontú ar an mBéarla.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. http://www.has.vcu.edu/his/127.html VCU Department of History.
  2. http://www.scribd.com/doc/22127578/Language-change-and-the-evolution-of-religion-community-and-culture-in-Ireland-1800-1900[nasc briste go buan]
  3. de Nie, Michael agus Sean Farrell (eag.) (2010), Power and Popular Culture in Modern Ireland: Essays in Honour of James S. Donnelly, Jr. . Irish Academic Press.
  4. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-02-23. Dáta rochtana: 2011-12-14.

Le léamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Wolf, Nicholas M. (2014). An Irish-Speaking Island: State, Religion, Community, and the Linguistic Landscape in Ireland, 1770-1870. University of Wisconsin Press. ISBN-10: 0299302741. ISBN-13: 978-0299302740
  • Wolf, Nicholas M. (2008). Language change and the evolution of religion, community, and culture in Ireland, 1800—1900. The University of Wisconsin-Madison: Proquest.
  • 'The Irish-Speaking Clergy in the Nineteenth Century: Education, Trends, and Timing,’ Nicholas M. Wolf, New Hibernia Review, Volume 12, Number 4, Geimhreadh/Winter 2008, lgh 62-83. E-ISSN: 1534-5815, Cló ISSN: 1092-3977

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]