Narcissus Marsh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaNarcissus Marsh

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith20 Nollaig 1638
Hannington, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás2 Samhain 1713
74 bliana d'aois
Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaArdeaglais Naomh Phádraig Cuir in eagar ar Wikidata
Anglican Archbishop of Armagh (en) Aistrigh
1703 – 1713
Ball de Ríchomhairle na hÉireann
Tiarna Breitheamh na hÉireann
Easpag
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Grúpa eitneachSasanaigh
ReiligiúnAnglacánachas
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Exeter (1658–1671)
Coláiste Hertford (1654–1658) Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmsagart Anglacánach Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirEaglais na hÉireann (1683–1713)
Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath (1679–1683)
St Alban Hall (en) Aistrigh (1673–1678) Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Teaghlach
AthairWilliam Marsh  agus Grace Colburn

Find a Grave: 5859253 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba phearsa eaglaise é Narcissus Marsh (20 Nollaig 1638 - 2 Samhain 1713) a bhí ina phropast ar Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus a bhunaigh an chéad leabharlann phoiblí in Éirinn.

Rugadh é sa bhliain 1638 i Hanington i Wiltshire i Sasana. Fuair a athair, William, ainmneacha dá mhic (Narcissus, Onesiphorus agus Epaphroditus) ó litreacha Naomh Pól. Chuaigh Narcissus chuig Ollscoil Oxford agus bhain sé chéim amach ann sa bhliain 1660. Oirníodh é sa bhliain 1662 agus bhain sé dochtúireacht le diagacht amach sa bhliain 1671.

Fuair sé post i Swindon agus roghnaigh an easpag ann bean dó chun phósadh, ach dhiúltaigh Marsh agus briseadh as an bpost é. Bhí Séamas de Buitléar, an 1ú Diúc Urmhumhan, a bhí ina sheansailéir ar Ollscoil Oxford, ina phatrún dó agus ceapadh Marsh mar phropast Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath in Eanáir 1679. Níor thaitin na mic léinn ná an baile leis. Bhí béim mhór aige ansin ar an nGaeilge agus an Bíobla agus Leabhar na hUrnaí Coitinne sa teanga sin. Ceapadh Pól Ó hUiginn chun na mic léann ba Gaeilgeoirí iad a mhúineadh ó thaobh léimh, scríofa agus gramadaí na Gaeilge agus bhí seirbhís eaglasta sa teanga sin gach mí. D'fhreastail Marsh ar na léachtaí agus na seirbhísí seo. Thug sé léacht don Chumann Fealsúnachta Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1683 faoi eolaíocht nua, 'Foirceadal Fuaime' (Doctrine of Sounds), ina raibh an chéad trácht riamh ar 'fuaimeolaíocht' (Acousticks), agus cheap sé an focal 'micreafón' (microphone).

Ceapadh Marsh mar Easpag Fhearna agus Leithghlinn sa bhliain 1683. Theith sé sa bhliain 1689 mar smaoinigh sé go raibh Caitlicigh ag bagairt trioblóide air ach d'fhill sé i ndiaidh Cath na Bóinne. Ceapadh é mar Ard-Easpag Chaisil sa bhliain 1691 agus aistríodh é chuig Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1694. Bhunaigh sé leabharlann don pobal in aice lena phálás sa bhliain 1701, mar nach raibh rochtain acu ar leabharlann Choláiste na Tríonóide. Aistríodh é chuig Ardeaspagóideacht Ard Mhaca sa bhliain 1703.

Fuair Marsh bás ar an 2 Samhain 1713 agus cuireadh é i dtuama in Ardeaglais Phádraig, Baile Átha Cliath. D'fhág sé a chuid leabhar ar fad don leabharlann a bhunaigh sé agus a lámhscríbhinní ar fad do Leabharlann Bodley Ollscoil Oxford.

Leabharliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]