Pól Ó hUiginn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPól Ó hUiginn
Beathaisnéis
Breith5 Deireadh Fómhair 1927
Bás13 Márta 2008
80 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Coláiste Iognáid Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreDlí bunreachtúil, cearta daonna, dlí an tsaothair, dlí riaracháin, public international law (en) Aistrigh agus slándáil shóisialta
Gairmacadóir, saineolaí dlí, múinteoir ollscoile Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirColáiste an Rí, Londain Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

Bhí an tOllamh Pól Ó hUiginnPaul O'Higgins (5 Deireadh Fómhair 192713 Márta 2008) ar na scoláirí dlí Éireannacha de chuid an fichiú haois is mó a bhfuil clú orthu.[1]

Scoil Dlí Dickson Poon, Coláiste an Rí Londain

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Coláiste Chríost, Cambridge

Mar chéimí de chuid na Scoile Dlí, Coláiste na Tríonóide, rinne an tUiginneach tráchtas PhD clúiteach i nDámh an Dlí, Ollscoil Cambridge ina dhiaidh sin. Bhí sé ag teagasc in Cambridge, i gTCD (áit a raibh sé ina Ollamh Regius, 1984-1987) agus sa Scoil Dlí, Coláiste an Rí Londain,[2] 1987-1992. Tar éis dó dul ar scor, chuaigh sé ar ais go Cambridge, áit a raibh sé ina Leas-Mháistir ar Choláiste Chríost.

Bhí an tUiginneach go mór i bhfách leis an eite chlé, agus scríobh sé an leabhar Censorship in Britain, sa bhliain 1972 agus na Trioblóidí faoi lán seoil.[3]

Chomh maith le bheith ina acadóir an-mheasúil i réimsí an dlí shaothair, an dlí slándála sóisialaí agus na saoirsí sibhialta, rinne an tOllamh Ó hUiginn obair mhór ar son staidéar ar dhlí na hÉireann, go mór mór trí leabharliosta na dtréimhseachán a bhaineann le dlí na hÉireann a chur le chéile (A Bibliography of Periodical Literature relating to Irish Law, a foilsíodh den chéad uair sa bhliain 1966).[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Scoil Dlí, COBÁC (2017). "Paul O'Higgins" (ga). Facebook. Dáta rochtana: 2021-03-13.
  2. scoil Dickson Poon (mar a athainmníodh í ina dhiaidh sin)
  3. Paul O'Higgins (1972). "Censorship In Britain". www.goodreads.com. Dáta rochtana: 2021-03-13.