Na h-Eileanan an Iar (Toghcheantar na Ríochta Aontaithe)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilNa h-Eileanan an Iar

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 57°40′16″N 6°57′11″W / 57.671°N 6.953°W / 57.671; -6.953
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheAlbain
OileánraInse Ghall Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla3,097.151 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú14 Nollaig 1918

Is toghcheantar de chuid Theach na dTeachtaí i bParlaimint na Ríochta Aontaithe é Na h-Eileanan an Iar, ar a dtugtaí 'The Western Isles', roimhe sin, a cruthaíodh sa bhliain 1918. Toghann sé Feisire Parlaiminte (FP) amháin faoin chóras toghcháin 'an chéad duine abhaile'.

Le timpeall 21,000 vótálaí cláraithe, is é an toghcheantar is lú d'aon toghcheantar sa Ríocht Aontaithe.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cruthaíodh an toghcheantar ó chodanna de Siorrachd Rois agus Siorrachd Inbhir Nis.

Sa bhliain 2005 rinneadh "Na h-Eileanan an Iar" mar ainm oifigiúil ar an réigiún.

Tá toghcheantar comhionann leis an ainm céanna in úsáid ag Parlaimint na hAlban.

Teorainneacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tugtar Na h-Eileanan an Iar (Gaeilge: Na hOileáin Siar nó Inse Ghall) ar an thoghcheantar seo, agus is é an toghlach is lú sa Ríocht Aontaithe é, an cúigiú cuid de mhéid an ceann is mó, sé sin 'Inis Iocht', atá ina thoghcheantar oileánda freisin. Is toghcheantar parlaiminteach i bhfad níos lú í Inis Iocht i dtéarmaí geografacha, áfach. Bhí sé molta go bhféadfaí Na h-Eileanan an Iar a chomhcheangal le toghcheantar Arcaibh agus Sealtainn: bheadh an toghlach comhcheangailte a bheadh mar thoradh air fós i bhfad faoi bhun an mheánchuóta thoghcheantair.

Mhol Coimisean Criochan na h-Alba i 1980 gur cheart an suíochán a shíneadh agus An t-Eilean Sgitheanach agus Loch Aillse a chur san áireamh leis; cuireadh é sin ar ceal áfach ag fiosrú poiblí. Go ginearálta, tá sé de nós ag breithnithe maidir le méid geografach, daonra éagsúil agus áisiúlacht na bhfeisirí lena mbaineann, chomh maith le traidisiún agus féiniúlacht, na hargóintí faoi éagothroime uimhriúil a shárú.

Ina theannta sin, tá dianchosc ar Na h-Eileanan an Iar agus toghcheantar Arcaibh agus Sealtainn a bheith comhcheangailte le toghcheanta eile i bhfeidhm a bhuí leis an 'Parliamentary Voting System and Constituencies Act 2011' (Gaeihge: An tAcht um an gCóras Vótála Parlaiminte agus Toghcheantair 2011).[1]


Is é Aonghas MacNèill (PNA) sealbhóir reatha an tsuíocháin.

  1. The Parliamentary Voting System and Constituencies Act 2011 Section 11